Cuairt ar an bpobal Sámi i dtuaisceart na hIorua, pobal i mbaol

Níl a fhios i gceart cén t-eolas, atá bailithe leis na glúnta, atá ag pobail dhúchasacha ar fud an domhain, muintir Sámi agus sinn féin ina measc

Cuairt ar an bpobal Sámi i dtuaisceart na hIorua, pobal i mbaol

Bhí an sneachta ag titim go tréan agus an domhan timpeall orainn faoi phluid mhór bhán. Ach bhí na bóithre, fiú amháin na bóithre cúnga, coinnithe glan agus gan aon chontúirt ag baint leo. Dá mbeadh an mionbhus ag taisteal trí lár na tíre seo, bheimis bodhraithe ag fógraí drochaimsire agus ag fainicí faoi thiomáint.

Ach ní in Éirinn a bhí muid ach i dtír an phobail ‘Sámi,’ i dtuaisceart na hIorua. Thug mé féin agus scata beag iriseoirí Eorpacha cuairt ar an tír ar cuireadh ó ghrúpa na mionteangacha sa Chomhphobal Eorpach, roinnt mhaith blianta ó shin.

Tháinig na cuimhní ar ais chugam an lá cheana nuair a léigh mé alt san iris New Statesman faoi chultúr an phobail Sámaigh.

Ba chuimhin liom gur chloígh siad go daingean lena gcultúr agus lena gcuid nósanna féin.

Sular thug mé cuairt orthu, cheap mé nár chaitheadar an éide Shámach ach amháin ar ócáidí cultúrtha, le linn féilte agus a leithéid.

Chuir sé iontas orm, nuair a leaindeáil mé i Kárášjohka, ceann de phríomhbhailte an réigiúin, go raibh an éide ildaite sin á caitheamh go forleathan ag daoine agus iad i mbun a gcuid gnóthaí laethúla. Agus iad ag tiomáint, thug mé deara nár chuir sé isteach ná amach orthu na hataí arda a chaitheamh sa gcarr.

Chaitheamar os cionn seachtain ina dteannta an uair úd – chonaiceamar an fheilméaracht réinfhianna, chuamar amach ar scútair shneachta in éindí leo, bhíomar ag seisiúin cheoil Shámaigh freisin agus is cuimhin liom ócáid amháin san oíche, nuair a tugadh amach muid ag béile réinfhia agus muid ina suí go compordach timpeall na tine i gcampa dúchasach dá gcuid.

Chuir sé an smaoineamh i mo chloigeann ag an am gur dheas an rud filleadh ar an gceantar agus clár teilifíse a dhéanamh fúthu. Bhí spéis ar leith agam sna hiarrachtaí a bhí ar bun acu a gcearta daonna a bhaint amach, a dteanga dhúchais a choinneáil beo, stáisiún raidió a bhunú agus bhí caint ag an am ar dhamba mór hidrileictreach a bhunú ar a gcuid tailte dúchasacha.

Measadh go ndéanfadh sé an-dochar don fheilméaracht réinfhianna, a bhíonn ag brath go hiomlán ar chead a gcinn a thabhairt don tréad bogadh ó áit go háit.

Thug an t-alt san iris suas chun dáta mé ar ar tharla don phobal ó shin. Ní bheadh éinne ag súil le míreanna nuachta rialta ó thuaisceart na hIorua a léamh sa bpáipéar agus ní raibh mé ar an eolas fúthu.

Ba í an chontúirt mhór a bhain leis an damba a mhúscail an pobal Sámach chun cur i gcoinne na forbartha. Fógraíodh go raibh sé le tógáil i 1970 ach níor éirigh leis an rialtas é a chríochnú go dtí 1987.

Nuair a thosaigh an pobal dúchasach ag cur ina choinne, chuireadar tús le agóid a thug sampla do phobail dhúchasacha ar fud an domhain. Níor éirigh leo stop iomlán a chur leis an bhforbairt ach d’éirigh leo rudaí áirithe a bhain leis, a mhaolú – bhí an baile beag Máze le leagan, mar shampla agus d’éirigh leo é a shábháil.

Ach chuir siad ar a súile dá rialtas féin agus do rialtais eile ar fud an domhain go gcaithfidís dul i mbun comhráite leis an bpobal dá mba rud é go raibh forbairtí beartaithe a chuirfeadh isteach ar a mbeatha thraidisiúnta.

Taispeánann scéal amháin an chaoi a bhfuil an saol ag athrú anois. Sé bliana ó shin, beartaíodh go dtógfaí feirm mhór 151 muileann gaoithe ar an leithinis Fosen (ó thuaidh de Trondheim). Talamh é sin a mbíodh na tréada réinfhia ag dul ar féarach ann sa ngeimhreadh. Thug na feilméaraí cás cúirte ina choinne agus cé gur rialaigh an chúirt in 2021 gur sáraíodh a gcearta daonna, bhí na muilte gaoithe tógtha faoin mbliain 2020.

Pictiúr a thóg me le linn mo chuairte

Níor thug an bua sa chúirt aon sólás don pobal Sámach, áfach.

Mar a dúirt duine amháin: ‘Ní féidir linn na tréada réinfianna a thabhairt anseo níos mó. Cuireann síorchasadh na dtuirbíní scéin iontu, tá an áit lán le hionaid pháirceála, le fuaim, le bóithre…

“Tá an Nádúr millte acu. Níl tada fágtha ach clocha agus smionagar.’

Tá pleananna ann anois tuilleadh forbairtí móra muilte gaoithe a thógáil i dtuaisceart na tíre. Agus tíortha ar fud na hEorpa ag cuartú foinsí cumhachta seachas gás nó ola, beidh sé deacair ag éinne cur i gcoinne forbairtí den chineál seo.

Bíonn an chuma orthu, ar an gcéad amharc, gur tionscadail ‘ghlasa’ iad, ach go minic ní thuigtear an praghas atá le híoc ar an ‘athrú glas’ seo.

Is léir go bhfuil na comhlachtaí móra fuinnimh ag athrú a dtreo maidir le giniúint fuinnimh.

Agus cé gur chóir a bheith buíoch go bhfuil comhlachtaí móra idirnáisiúnta ag glacadh leis an bhfírinne maidir le hathrú aeráide, is léir go bhfuil siad ag brú ar aghaidh le teicneolaíocht a mbeidh an-tionchar aige ar na pobail a bheas suite díreach lena thaobh.

Ní bhaineann sé seo le muilte gaoithe amháin. Tá moladh déanta ag comhlachtaí eile forbairt mhór amóinia ‘glas’ a thógáil i gceantar an phobail Shámaigh, gar do Shliabh Rastegaisa.

Tugann an pobal dúchasach an-ómós don Sliabh – samhlaigh Cruach Phádraig agus monarcha mór amóinia lena thaobh.

Níl sé soiléir fós an éireoidh leis an iarracht is deireanaí seo. Ach ní bheadh mórán daoine ag cur a gcuid airgid go nglacfadh rialtas na hIorua le dearcadh an phobail dhúchasaigh seachas dearcadh an lucht gnó.

Cuirtear béim san alt ar thábhacht an phobail dhúchasaigh agus muid ar fad ag dul i ngleic le contúirtí móra comhshaoil.

Níl a fhios i gceart cén t-eolas, atá bailithe leis na glúnta, atá ag pobail dhúchasacha ar fud an domhain. Níl a fhios cén saibhreas atá ina gcuid teangacha agus ina gcultúr maidir leis an nádúr agus an chaoi ar mhair daoine leis na céadta bliain.

Níl a fhios cén luach a bheadh ar a leithéid d’eolas dúchasach. Agus ní féidir luach a chur le rud atá dofheicthe – an bealach a bhfeiceann an pobal dúchasach an saol, an aird a thugann siad ar nithe sa nádúr, an bealach a n-éisteann siad, an bealach a maireann siad.

An bhfuil sé seo ag titim amach in Éirinn freisin? An bhfuilimid ag cailleadh rud éigin sna ceantair ina bhfuil an Ghaeilge ag dul ar gcúl iontu? Ar thug muid dóthain airde ar an saibhreas eolais a bhí ag feirmeoirí, iascairí, lucht an bhéaloidis?

Beidh mé ag cíoradh ceann nó dhó de na ceisteanna sin le mo chuid cainteoirí ag seisiún faoin éiceolaíocht mhara a bheas ar siúl ag Scoil Merriman Dé Sathairn beag seo.

Tá mé cinnte go mbeidh neart le rá ag an muireolaí as Cill Chiaráin, Macdara Ó Cuaig, Foras na Mara, agus an Dr Emma Verling ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.

Ní dhearna mé an clár teilifíse sin riamh – bhí na costais san Iorua ró-ard don bhuiséad agus chinn sé orm aon cheangal láidir Éireannach a fháil leis an scéal. Bhí misinéirí Éireannacha an-ghann sna bólaí sin.

Fág freagra ar 'Cuairt ar an bpobal Sámi i dtuaisceart na hIorua, pobal i mbaol'