Craobh faoi 20 na hÉireann buaite ag Gaillimh agus Áth Cliath cloíte acu

Rinne na Gaillimhigh crua dóibh féin é ach bhí an bua tuillte go maith acu i gcluiche ceannais na hÉireann

Craobh faoi 20 na hÉireann buaite ag Gaillimh agus Áth Cliath cloíte acu

Cluiche Ceannais Chraobh Peile Faoi 20 na hÉireann
Páirc an Chrócaigh
Gaillimh 1-11 Áth Cliath 0-13

Is iad Gaillimh curaidh Chraobh Peile Faoi 20 na hÉireann tar éis dóibh an bua a fháil in aghaidh Átha Cliath le haon phointe amháin i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna.

Rinne na Gaillimhigh crua dóibh féin é ach bhí an bua tuillte go maith acu.

Léirigh a gcosantóirí an-spiorad ó thús deireadh – bhí Jonathan McGrath agus Jack Glynn ar fheabhas – agus bhí Tomo Culhane agus Matthew Tierney go maith in ann na scóranna a fháil ar an taobh eile den pháirc.

Bhí siad sé phointe chun tosaigh agus beagán os cionn 20 nóiméad caite ach tá cluichí ceannais mhionúir na hÉireann caillte ag cuid mhaith de na himreoirí seo le blianta beaga anuas agus mhaithfeá dóibh dá mbeadh na néaróga ag cur as dóibh beagáinín.

Bhí Gaillimh ar fheabhas sa chéad leath ach, mar sin féin, ní raibh siad ach trí phointe chun tosaigh ag an mbriseadh, 0-8 in aghaidh 0-5.

Chuir siad tús iontach leis an gcluiche. Bhuaigh Cian Hernon, laoch na himeartha sa chluiche leathcheannais, an caitheamh isteach, sheol sé pas go dtí Matthew Tierney a ghlac leis an marc agus a sheol an liathróid thar an trasnán.

Bhí deis mhaith ar chúl ag Gaillimh díreach ina dhiaidh sin ach shleamhnaigh Rian Monahan díreach ag an nóiméad mícheart. Scóráil naoscaire Átha Cliath Ciarán Archer cúilín dóibh théis trí nóiméad ach bhí Gaillimh i gceannas ar an imirt.

Bhí na Connachtaigh ag cur brú damanta ar chic amach Átha Cliath agus scóráil Tomo Culhane agus Matthew Tierney pointí le linn tréimhse ina raibh Áth Cliath sáinnithe ina leath féin.

Fuair Lee Gannon pointe tábhachtach chun an brú a bhaint d’Áth Cliath agus tháinig feabhas orthu ina dhiaidh sin. Faoin am go raibh an chéad bhriseadh uisce againn, bhí na foirne ar comhscór, 0-4 an taobh.

Léirigh Gaillimh a gcumas ina dhiaidh sin agus fuair siad trí scór as a chéile, péire ó Tomo Culhane agus ceann ó Matthew Cooley. Fuair Luke Swan pointe deas d’Áth Cliath ach bhí freagra ag Matthew Tierney air sin tar éis do Ghaillimh cic eile amach de chuid Átha Cliath a bhuachan. Sciob na Gaillimhigh naoi gcinn den 13 cic amach a bhí ag Áth Cliath sa chéad leath.

Buaileadh buille ar Ghaillimh díreach ag tús an dara leath nuair a bhí ar Chian Hernon, a bhí ar fheabhas sa chéad leath, an pháirc a fhágáil agus a rúitín gortaithe aige.

Fuair Tomo Culhane pointe do Ghaillimh agus fuair Brian O’Leary ceann d’Áth Cliath sular thug Gaillimh céim mhór chun tosaigh. Rinne cosantóir na Gaillimhe Jonathan McGrath sárobair chun seilbh na liathróide a bhuachan, tugadh pas do Matthew Tierney, a ghearr isteach ón gcliathán, agus thug seisean pas trasna an chúil do Culhane, a sheol an liathróid go híseal i gcúl na heangaí.

Chuir an scór sin Gaillimh chun cinn, 1-9 in aghaidh 0-6, théis 36 nóiméad ach scaoil siad Áth Cliath isteach sa chluiche ina dhiaidh sin.

Fuair Mark Lavin agus Lorcan O’Dell scóranna chun an bhearna a laghdú ach bhí Gaillimh fós ceithre phointe chun tosaigh ag an dara briseadh uisce. Thosaigh Gaillimh ag cur iarrachtaí amú ansin agus baol ann go gcuirfeadh siad ó mhaith an obair mhaith go léir a bhí déanta acu go dtí sin.

Bhí Áth Cliath ag baint leas as na botúin a bhí á ndéanamh ag Gaillimh agus bhí scrios á dhéanamh anois ag foireann na hardchathrach ar chiceanna amach na Gaillimhe. Fuair Mark Lavin dhá chúilín agus fuair Lorcan O’Dell ceann agus ní raibh ach aon chúilín amháin idir na foirne agus 56 nóiméad imeartha.

Ní raibh aon scór faighte ag Gaillimh le níos mó ná deich nóiméad faoin am seo ach léirigh Matthew Tierney a mhianach agus a mhiotal nuair a fuair sé cic saor den scoth chun cuid den bhrú a bhaint de Ghaillimh.

Níor mhór an faoiseamh a bhí i ndán dóibh, áfach, agus fuair an fear lár páirce Adam Fearon cúilín chun an bhearna a laghdú arís. Ach theip ar Áth Cliath cúilín an chomhscóir a fháil agus ba iad na Gaillimhigh bhí ag ceiliúradh agus a gcéad chraobh ag an leibhéal seo buaite acu ó 2013.

Gaillimh: C. Flaherty; J. McGrath, S. Fitzgerald, J. Glynn; C. Monahan, T. GIll, C. Sweeney; C. Raftery, C. Hernon; Paul Kelly, M. Tierney, R. Monahan; Patrick Kelly, T. Culhane, M. Cooley. Fir Ionaid: J. Kirrane in áit C. Sweeney (17 nóim), A. Greene in áit C. Hernon (33 nóim), E. Mannion in áit M. Cooley (45 nóim), D. Cox in áit Patrick Kelly (52 nóim), W. Seoige in áit T. Culhane (60 nóim).

Áth Cliath: J O’Neill; C. Tyrell, A. Rafter, J. Bannon; R Dwyer, A. Waddick, L. Gannon; A. Fearon, M. O’Leary; M. Lavin, L. O’Dell, S. Lowry; C. Archer, L. Swan, B. O’Leary. Fir Ionaid: K. McKeown in áit S. Lowry (45 nóim), P. Purcell in áit A. Fearon (63 nóim).

Réiteoir: Paul Faloon.

Fág freagra ar 'Craobh faoi 20 na hÉireann buaite ag Gaillimh agus Áth Cliath cloíte acu'