Cosc curtha ar bhratach na Palaistíne ag cluiche CLG

Deir Comhairle Uladh CLG go bhfuil cosc ar aon bhratach seachas bratach na hÉireann agus bratacha CLG i bpáirceanna an chúige

Cosc curtha ar bhratach na Palaistíne ag cluiche CLG

Bhagair maoir a bhí ar dualgas ag an gcluiche craoibhe idir Tír Eoghain agus Muineachán Gaeilgeoir óg a dhíbirt ó Pháirc Uí Éilí toisc bratach na Palaistíne  a bheith ar foluain aige.

Dúirt Emmet Mac Giolla Uidhir ón gCreagán i dTír Eoghain go raibh an bhratach ar foluain aige roimh thús an chluiche ar an Ómaigh Dé Domhnaigh agus gur tháinig na maoir chuige nuair a chonaic siad í.

“Nuair a bhí na foirne ag máirseáil thart pháirc na himeartha roimh an gcluiche, tháinig beirt mhaor chugam agus d’iarr orm an bhratach a thabhairt dóibh mar go raibh ráiteas polaitiúil á dhéanamh agam.

Dúirt mé: ‘Níl ráiteas polaitiúil á dhéanamh agam. Tá bratach náisiúin ar foluain agam,” arsa Emmet Mac Giolla Uidhir. 

Maíonn Emmet Mac Giolla Uidhir go ndúirt duine de na maoir leis nárbh é féin a shocraigh cosc a chur ar an bhratach ach go raibh orduithe faighte aige a leithéid a dhéanamh. Deir Mac Giolla Uidhir go ndúirt an maor go mbainfí de an bhratach agus go ndíbreofaí ón bpáirc é mura dtógfadh sé anuas í.

Deir sé go raibh scaifte de lucht tacaíochta Thír Eoghain agus Mhuineacháin timpeall air nuair a tharla an eachtra agus gur thacaigh siad leis.

D’ísligh sé an bhratach roimh an gcluiche le linn bomaite ciúnais a bhí ann agus ansin d’Amhrán na bhFiann. Agus an t-amhrán náisiúnta thart, dúirt duine de na maoir go dtiocfadh leis an bhratach a choinneáil d’uireasa a maide.

Deir Mac Giolla Uidhir gur ardaigh sé an bhratach gach uair dá bhfuair Tír Eoghain scór le linn an chluiche.

“Níorbh ráiteas polaitiúil é, is ceist cearta daonna é,” a deir Mac Giolla Uidhir agus mhaígh sé go dtógfadh sé anuas an bhratach dá gcuirfeadh sé as d’aon duine sa slua.

Deir Mac Giolla Uidhir gur cheart a rá gur chaith na maoir leis “go múinte” agus go raibh duine éigin a raibh baint aige le Comhairle Uladh ag tabhairt orduithe dóibh, trí chluasáin.

Dúirt urlabhraí thar ceann Chomhairle Uladh go raibh sé in éadan rialacha na páirce ag an uile ionad i gCúige Uladh bratach ar bith a bheith ar foluain seachas bratach na hÉireann, bratach CLG, nó bratach na bhfoirne atá ar an bpáirc.

Is minic ceist na mbratacha ina cnámh spairne ag cluichí CLG, go háirithe brat na Cónaidhme a bhíonn ar foluain ag cluichí ag cuid de lucht tacaíochta Chorcaí.

Fág freagra ar 'Cosc curtha ar bhratach na Palaistíne ag cluiche CLG'

  • Seán Ó Riain

    Is leor bratach náisiúnta na hÉireann.

  • Fidelma Ní Catháin

    Ní aontaím leis an cosc atá curtha ar bhratach na Palaistíne ag cluiche CLG, go mór mór i ndiaidh dhunmharú 60 duine agus lion uafásach ard gortaithe (3000) an tseachtain seo caite. Ba cheart duinn comhbhrón agaus tacaíocht a thabairt do mhuintir na Palaistíne.