Corp fir aimsithe i nGaeltacht Thír Chonaill

Tuairiscíodh go raibh fear ar iarraidh sa cheantar ar maidin. Thángthas ar an gcorp roimh mheán lae

Corp fir aimsithe i nGaeltacht Thír Chonaill

Tá corp fir faighte i gCreamhghort i nGaeltacht Thír Chonaill i ndiaidh cuardach timpeall an cheantair ó tuairiscíodh go raibh fear ar iarraidh ann ar maidin.

Bhí Garda Cósta Mhálainne, Garda Cósta Shligigh agus an Garda Síochána i mbun an chuardaigh sna coillte timpeall Bhaile na nGallóglach inniu.

Tuairiscítear nach as an áit an fear.

Fág freagra ar 'Corp fir aimsithe i nGaeltacht Thír Chonaill'