Comhghuaillíocht shlachtmhar idir RTÉ agus TG4 ag teastáil chun lucht caide a shásamh?

Is ait an mac an saol nuair nach bhfuil cluiche leathcheannais Laighean idir Baile Átha Cliath, curaidh Chraobh na hÉireann, agus Cill Dara á chraoladh beo

Comhghuaillíocht shlachtmhar idir RTÉ agus TG4 ag teastáil chun lucht caide a shásamh?

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

D’fhéadfadh an deireadh seachtaine ar fad a bheith caite ar an gcúits agat ag féachaint ar spórt. RTÉ agus TG4 luite amach orthu féin le craoladh cuimsitheach ar Chorn an Domhain i sacar na mban, foireann na bhfear ag tabhairt aghaidh ar an Danmhairg agus ceann de na deirí seachtaine is gnóthaí sa bhliain ó thaobh na gcluichí Gaelacha againn.

Suaitheantas beag ar lógó an Sunday Game ag meabhrú dúinn i rith an ama go bhfuilid 40 bliain ar an aer. An ceol aitheantais úd a rabhthas ag iarraidh fáil réidh leis cúpla bliain ó shin ag meabhrú dúinn go bhfuil an fhleá chaide agus iománaíochta faoi lán seoil. Chuir Joanne Cantwell in iúl dúinn go raibh an chaid á caitheamh in airde in dhá chluiche dhéag i gcaitheamh an deireadh seachtaine; an comórtas ag géarú sna babhtaí cáilithe agus comórtais na gcúigí ag tarraingt ar cheann scríbe. Ní raibh ach aon chluiche amháin acu sin á chraoladh beo, áfach; an cluiche idir Tír Eoghain agus Dún na nGall.

An chaid in áit na leathphingine óir go bhfuil an chuid is fearr de chomórtas na gcamán in airde láin. Cinneadh straitéiseach stuama ar shlí é, mar sin.

Ina dhiaidh sin féin, is ait an mac an saol nuair nach bhfuil cluiche leathcheannais Laighean idir Baile Átha Cliath, curaidh Chraobh na hÉireann, agus Cill Dara á chraoladh beo. Dar liom go mb’fhéidir go bhfuiltear dulta thar fóir leis an lútáil ar an iomáint; tuairim ná taitneoidh le dream mórchúiseach mustrach na hiomána, dream a bhfuil dearcadh uasal le híseal ach i leith na caide.

Mar Chiarraíoch, tá’s agam go bhfuilim róchlaonta agus ró-aineolach le breith a thabhairt ar fhiúntas an na gcamán ach sí an pheil Ghaelach an príomhspórt Gaelach i bhformhór na gcontaetha sa tír; gach contae i gCúige Chonnacht (seachas an Ghaillimh, b’fhéidir), gach contae i gcúige Uladh (seachas Aontroim, b’fhéidir) agus gach contae i gCúige Laighean (seachas Cill Chainnigh agus Loch Garman).  Shamhlófá, dá réir, gur mó de shuim a bheadh ag Tadhg an Mhargaidh agus Tadhg Ó Rodaí i  gcluiche caide seachas cluiche iománaíochta. Bheadh sé an-suimiúil tochailt a dhéanamh ar fhigiúirí dá mbeadh cluiche cosúil le BÁC v Cill Dara  nó An Cabhán v Ard Mhacha ar siúl ag an am céanna le ceann de na cluichí iomána. 

An fhadhb is dócha ná nach bhfuil an iomaíocht chéanna nó an caighdeán imeartha céanna sa chaid ar na saolta seo. Bíodh sin mar atá ní dóigh liom go raibh mórán daoine ar tinneall ag féachaint ar an gcluiche idir Luimneach agus an Clár. Tá sé deacair don andúileach caide a bheidh sásta le cúrsaí mar atá. San iomlán níor chraol/ní chraolfaidh RTÉ ach cúig chluiche beo ós na cúigí; na cluichí ceannais agus cluiche amháin eile (Dún na nGall v Tír Eoghain).

Le comórtas an tsár-ochtair sa chaid agus na comórtais chiorclacha sna camáin ní haon iontas go mbeadh an dá chód ag satailt ar a chéile. B’fhéidir gur eiseamláir é an clúdach ar Chorn Domhanda na mBan, is é sin comhghuaillíocht shlachtmhar idir RTÉ agus TG4 agus na seinnteoirí i lár an aonaigh.

Ábhar machnaimh.

Fág freagra ar 'Comhghuaillíocht shlachtmhar idir RTÉ agus TG4 ag teastáil chun lucht caide a shásamh?'