Comhdháil i Luimneach inniu in ómós don údar Pádraic Breathnach

Déanfar plé ag comhdháil atá ar siúl inniu i gColáiste Mhuire gan Smál ar shaothar an údair aitheanta Pádraic Breathnach

Comhdháil i Luimneach inniu in ómós don údar Pádraic Breathnach

Reáchtálfar comhdháil lae i gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach inniu in ómós don údar Gaeilge aitheanta, Pádraic Breathnach.

Pléifidh an chomhdháil, atá á heagrú ag Roinn na Gaeilge sa choláiste inar chaith Breathnach féin an chuid is mó dá shaol oibre mar léachtóir, le téamaí agus gnéithe éagsúla dá ghearrscéalta agus úrscéalta.

Tá an chomhdháil á heagrú chun ceiliúradh a dhéanamh ar an scríbhneoir aitheanta, a bhfuil duaiseanna litríochta go leor bronnta air ó foilsíodh a chéad bhailiúchán gearrscéalta Bean Aonair, i 1974.

Is leis an ghearrscéal is mó a shamhlaítear an Breathnach, cé go bhfuil ceithre úrscéal tagtha óna pheann chomh maith. 

Seolfaidh an Dr Breandán Ó Cróinín an leabhar is déanaí ón údar, Dialann Mo Mháthar, atá foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht, mar chuid d’imeachtaí na comhdhála.

Tá saothair ag Breathnach a bhaineann leis an bhéaloideas agus leis an stair áitiúil, agus tóir go háirithe ar an leabhar taighde cuimsitheach a chuir sé amach faoina cheantar féin i nGaillimh, Maigh Cuilinn: A Tásc agus a Tuairisc.

An tOllamh Micheál Ó Braoin a sheolfaidh an chomhdháil agus tabharfar sraith cainteanna faoi shaothar an Bhreathnaigh ansin. Tar éis na gcainteanna beidh faoi agallamh ag Máire Ní Neachtain, Ceann Roinn na Gaeilge.

I measc na gcainteoirí a bheas páirteach sa chomhdháil amárach, tá Laoise Ní Cheallaigh, Pádraig de Paor, Máire Ní Neachtain, Pádraig Ó Cíobháin, Sorcha de Brún, Gearóid Denvir agus Aingeal Ní Chualáin.

Beidh na cainteanna ar siúl i Seomra G10, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach, inniu, Dé hAoine an 18 Bealtaine ó 9.15rn.

Tá an chomhdháil saor in aisce agus tá fáilte roimh chách chuig aon cheann d’imeachtaí an lae.

Tá an clár ar fad ar fáil anseo

Fág freagra ar 'Comhdháil i Luimneach inniu in ómós don údar Pádraic Breathnach'

  • Carraig

    Is maith liom go bhfuil ómós á thabhairt do Phádraig ag deireadh thiar.