Cogar i do chluas – coinnigh súil ar Whisper sa King George

Caitheann ár gcolúnaí súil chun cinn ar rásaíocht chapall na laethanta amach romhainn

Cogar i do chluas – coinnigh súil ar Whisper sa King George

Whisper ag Féile Cheltenham 2014. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Ba ag Féile Rásaíochta na Nollag i mBaile na Lobhar an t-am seo anuraidh a thosaigh Willie Mullins ag laghdú an bhearna a bhí idir é féin agus Gordon Elliott i gCraobh na dTraenálaithe Capall. Bhí lá deiridh an tséasúir tagtha nuair a d’éirigh leis an Maolánach a dhul chun cinn.

An patrún céanna atá ag baint go dtí seo le séasúr 2017-2018. Faoi láthair tá tuairim is €300,000 níos mó buaite ag capaill Elliott, a bhuíochas sin cuid mhaith de na capaill a d’aistrigh Gigginstown chuig a stábla siúd ó stábla an té a bhí agus atá ag iomaíocht leis athuair.

Fearacht an tséasúir seo caite ní móide gur go tobann a tharlóidh aon athrú an babhta seo ach an oiread, ach bíonn duaischiste Bhaile na Lobhar faoi Nollaig chomh flaithiúil sin agus go bhféadfadh tionchar mór a bheith aige ar chúrsaí – rás amháin Grád 1 ar a laghad chuile lá idir Lá ’le Stiofáin agus Dé hAoine seo chugainn, €190,000 ag dul le Léimrás Paddy Power ar an gCéadaoin, €150,000 as Léimrás na Nollag Déardaoin agus leathdhosaen rásaí eile a bhfuil idir €50,000 agus €100,000 astu.

Tá sé cinntithe anois go go rithfidh buaiteoir an Choirn Óir i Cheltenham faoi Fhéile Pádraig seo caite, Sizing John, i Léimrás na Nollag sin Déardaoin,  a thraenálaí Jessica Harrington sásta nach bhfuil aon mhairg ar an gcapall de bharr  a bhua i Léimrás John Durcan ag tús na míosa.

Idir an dá linn is cosúil Léirmrás na Nollag (ar a dtugtaí an Lexus) a bheith leagtha amach mar sprioc ag Mullins dá chapall Yorkhill, a bhuaigh Léimrás na Nóibhíseach ag Féile Cheltenham na bliana seo. Cuir leis sin go bhfuil ar chumas Mullins an capall Djakadam, a bhí sa dara háit i gCorn Óir Bhaile Phuinse a bhuaigh Sizing John, a chur sa rás freisin agus go bhfuil buaiteoir Léimráis na Nollaig 2016 Outlander ar cheann den leathdhosaen capall atá ag Gordon Elliott ar an liosta agus tuigfidh tú cén fáth a bhfuil lucht rásaíochta ag súil chomh mór leis an gcoimhlint seo.

Tá scoth an chapaill, darb ainm Apple’s Jade, aige siúd freisin i gCliathrás na Nollag a bheidh ar siúl Déardaoin chomh maith – tá leathdhosaen rás Grád 1 buaite ag an láir seo a thabharfaidh faoi thrí mhíle den chéad uair má ritheann sí i mBaile na Lobhar.

Tabhair faoi deara freisin go bhfuil sé i gceist ag Elliott ceann eile de na capaill bhreátha atá aige ó Michael O’Leary a chur chuig na rásaí a bheidh ar siúl i Luimneach Lá ‘le Stiofáin seachas é a chur go Baile na Lobhar.

Deir an traenálaí gur i Léimrás Aerfort na Sionainne (Rás Grád 2) a rithfidh Death Duty, a bhuaigh rás den ghrád is airde i dTeach na Sí i dtús na míosa agus a bhí ar an liosta iontrála freisin ar phéire acu i mBaile na Lobhar.

Is é Léirmrás an King George in Kempton an lá sin rás mór na Nollag i Sasana. 16 uair le scór bliain a bhí marcaigh Éireannacha sa diallait ar na capaill a bhuaigh an King George – ceithre cinn as a chéile do Ruby Walsh ar Kauto Star idir 2006-2009, san áireamh. Ach níor bhuaigh aon chapall a bhí á threanáil sa tír seo an rás ó rinne Kicking King sin don dara bliain as a chéile in 2005 dá thraenálaí Tom Taaffe agus dá mharcach Barry Geraghty.

Capall Éireannach amháin  atá ar liosta na bliana seo – Outlander, capall eile fós a d’aistrigh Gigginstown ón Maolánach chuig stábla Elliott.

Capall de chuid Nicky Henderson, Might Bite, rogha láidir na coitiantachta sa King George ach tá capall eile dá chuid ann darb ainm Whisper a bhí i bhfoisceacht fad sróine dá chomrádaí san RSA in Cheltenham sa Mhárta agus a bhfuil 16-1 le fáil in áiteacha air i rás Lá ’le Stiofáin.

Fág freagra ar 'Cogar i do chluas – coinnigh súil ar Whisper sa King George'