Cluichí ceannais thar a bheith suimiúil i gcontaetha an Chláir agus Chill Chainnigh

Bhí cluiche ceannais Thiobraid Árann thar barr an tseachtain seo caite agus tá a thuilleadh cluichí mealltacha romhainn an deireadh seachtaine seo

Cluichí ceannais thar a bheith suimiúil i gcontaetha an Chláir agus Chill Chainnigh

Imreoir Bhaile Héil, TJ Reid. Pictiúr: INPHO

Ní fhéadfainn tosnú ag scríobh faoi chluichí na deireadh seachtaine seo gan tagairt a dhéanamh do chluiche ceannais Thiobraid Árann an Domhnach seo caite.

Bhí an cluiche thar barr ar fad. Scóranna iontacha, taispeántais iontacha, am breise agus críoch dhrámatúil – cúl an bhua ag Cill an Daingin ag an deireadh. Ba é Bryan McLoughney is mó a bhí i mbéal an phobail, ach bhí daichead laoch ag imirt sa cluiche seo, cluiche club na bliana go dtí seo.

Craobh Cill Chainnigh a bheidh á thaispeáint ag TG4 amárach agus seaimpíní na tíre Seamróga Bhaile Héil ag iarraidh greim a choinneáil ar choróin an chontae i gcoinne Baile Dic, seaimpíní 2017. Nuair a bhuaigh Baile Dic an chraobh sin bhí deichniúr ar an bhfoireann a thosnaigh faoi 22 agus níor chailleadar aon cluiche sraithe nó craoibhe ar an turas buacach san. Sa cluiche leathcheannais coicís ó shin bhí siad rómhaith do Ghaeil Uí Lochlainn ar fud na páirce.

B’amhlaidh an scéal i gcoinne chumann Dhroichead Binéid sa chluiche ceathrú ceannais nuair a chuireadar 3-27 ar chlár na scór.

Bhí Baile Héil ar fheabhas ina gcluiche ceathrú ceannais agus 4-18 a fuair siad. Ach bhí mórán den ádh orthu sa chluiche leathcheannais i gcoinne chumann Shéamus Stiopháin. Ba chinneadh thar a bheith flaithiúil é ag an réiteoir poc saor a thabhairt dóibh agus an t-am beagnach caite. D’fhág an cúilín sin ar comhscór iad agus bhí an lá leo dhá chúilín tar éis am cúitimh gortuithe. Ach tríd is tríd bhíodar ag streachailt den chuid is mó den dara leath. Mar sin féin foireann lán de réalta iad a bhfuil taithí, stair agus traidisiún go láidir acu. Agus bí cinnte go mbeidh sé deacair iad a bhualadh.

Beidh cluiche ceannais thar a bheith suimiúil eile á imirt i gcontae an Chláir amárach. Is maith linn go léir nuair a fhaigheann an t-íochtarán a sheal in uachtar. Tá seans ag cumann Mhuileann Uí Cheallacháin éacht a dhéanamh i gcoinne foireann atá i measc mhóruaisle na hiomána sa chontae, Droichead Abhann ó gCearnaigh, a bhí ina seaimpíní sa chontae anuraidh den cheathrú huair déag.

Ní raibh Muileann Uí Cheallacháin i gcónaí in áit na leathphingine mar bhuadar ocht gcinn de chraobhacha idir 1904 agus 1937. Níl aon chraobh shinsir buaite acu ó shin cé gur imríodar i gcluiche ceannais na bliana 1993. Is fada an lá é ó 1937, an uair dheireanach a bhuadar Corn an Canon Hamilton ach beidh siad i gcoinne foireann ar a bhfuil cuid mhaith imreoirí den chéad scoth agus bainisteoir a bhfuil mórán taithí aige – Davy FitzGerald .

Ina choinne ar an taobhlíne eile tá Donach O’Donnell, Corcaíoch atá ina chónaí in Aonach Urmhumhan agus atá ina bhainisteoir i mbliana ar Mhuileann Uí Cheallacháin. Bhí sé ina chóitseálaí iomána ag Luimneach nuair a bhuadar craobh na Mumhan in 2013. Cinnte tá eolas a cheirde aige, ach an bhfuil na himreoirí aige chun dúshlán na seaimpíní a thabhairt? Is é Pat Donnellan, a bhí ina chaptaen ar fhoireann an Chláir nuair a bhuaigh siad craobh na hÉireann in 2013, Colin Crehan, seaimpín liathróid láimhe an domhain, na himreoirí is fearr aithne acu.

Deirtear go bhfuil spiorad iontach iontu ach ní dóigh go bhfuil spréacha go leor iontu chun an cluiche seo a bhuachan.

Fág freagra ar 'Cluichí ceannais thar a bheith suimiúil i gcontaetha an Chláir agus Chill Chainnigh'