Cluichí cáilithe do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2022 i nGaillimh agus Dún na nGall

Tá na hullmhúcháin d’fhilleadh Chomórtas Peile na Gaeltachta faoi lán seoil agus deis idir seo agus an Luan ag roinnt foirne, áit a bhaint amach sna babhtaí ceannais i Leitir Móir

Cluichí cáilithe do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2022 i nGaillimh agus Dún na nGall

Ní fada go mbeidh Comórtas Peile na Gaeltachta ag filleadh i ndiaidh na paindéime agus beidh babhtaí cáilithe ar siúl an deireadh seachtaine seo i nGaillimh agus i nDún na nGall.

Reáchtálfar an comórtas náisiúnta den fhéile peile den chéad uair le trí bliana i Leitir Móir i gConamara ag tús mhí an Mheithimh. Cuireadh ar ceal an comórtas le dhá bhliain anuas de bharr cúrsaí Covid-19 agus bhí sé le bheith i gCeantar na nOileán.

Tá na hullmhúcháin do chomórtas na bliana seo faoi lán seoil anois, áfach, agus deis idir seo agus an Luan ag roinnt foirne áit a bhaint amach sna babhtaí ceannais i Leitir Móir.

Cé go bhfuil an fhoireann bhaile, Naomh Anna, Leitir Móir cáilithe cheana don chomórtas, glacfaidh siad páirt i gcluichí cáilithe na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo, a bheidh á n-imirt i nDún na nGall.

Tráthnóna a bheidh na cluichí leathcheannais sa chomórtas sinsir. Imreoidh Naomh Anna in aghaidh an Spidéil ag 4pm agus is ag a 5.30pm a thabharfaidh Maigh Cuilinn agus Bearna aghaidh ar a chéile ar pháirc an Bhaile Dóite.

Imreofar na cluichí leathcheannais sa chomórtas sóisir níos luaithe tráthnóna. Beidh Maigh Cuilinn agus Naomh Anna ag imirt ag 1pm agus beidh An Cheathrú Rua i gcoinne Bhearna ag 2.30pm.

Amárach a imreofar na cluichí ceannais agus na buaiteoirí ag dul ar aghaidh go dtí an comórtas náisiúnta.

Dé Domhnaigh agus Dé Luain a imreofar na cluichí cáilithe i nDún na nGall agus an comórtas áitiúil á reáchtáil ag Gaeil Fhanada den chéad uair.

I gcomórtas sinsir na bhfear, imreoidh Gaoth Dobhair in aghaidh Ard an Rátha sa chéad chluiche leathcheannais ag 2.30pm amárach. Naomh Conaill agus Na Dúnaibh atá sa chluiche leathcheannais eile ag 5.30pm.

Sa chomórtas sóisir, imreoidh Gaeil Fhánada agus Goath Dobhair sa chéad chluiche amárach ag 1pm agus tabharfaidh Naomh Muire agus Cloich Cheann Fhaola aghaidh ar a chéile sa chluiche leathcheannais eile ag 4pm.

Beidh cluichí ceannais na bhfear agus na mban ann Dé Luain. I gcomórtas sóisir na mban, beidh An Clochán Liath agus An Tearmann le chéile ag 10.30am agus beidh na Dúnaibh le Naomh Columba i gcomórtas idirmheánach na mban,

Beidh cluiche ceannais sóisir na bhfear ag 2pm, beidh cluiche ceannais sinsir na bhfear ag 3.45pm agus beidh an Tearmann agus Gleann Fhinne arís le chéile i gcluiche ceannais sinsir na mban ag 5.30pm.

Dé Céadaoin seo chugainn, an 4 Bealtaine, a imreofar cluiche ceannais cáilithe i gCorcaigh nuair a thabharfaidh fir Bhéal Átha an Ghaorthaidh agus Naomh Abán aghaidh ar a chéile ar Pháirc Íosagáin ag 7pm.

Fág freagra ar 'Cluichí cáilithe do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2022 i nGaillimh agus Dún na nGall'