Clubanna le filleadh ar pháirc na himeartha an mhí seo chugainn agus craobhacha na hÉireann mí Dheireadh Fómhair

Tá treoirlínte foilsithe ag Cumann Lúthchleas Gael maidir le filleadh ar imirt na gcluichí dúchasacha

Clubanna le filleadh ar pháirc na himeartha an mhí seo chugainn agus craobhacha na hÉireann mí Dheireadh Fómhair

Cuirfear tús leis na craobhacha idirchontae mí Dheireadh Fómhair de réir na dtreoirlínte atá foilsithe tráthnóna ag Cumann Lúthchleas Gael i dtaobh filleadh ar an imirt.

Deir CLG nach n-imreofar aon chomórtas idirchontae roimh an 17 Deireadh Fómhair agus go bhfógrófar féilire na gcluichí ag deireadh na míosa seo nó i mí Iúil. Níl cead ag foirne idirchontae dul ar ais i mbun traenála go dtí an 14 Meán Fómhair.

Beidh cead ag cumainn dul i mbun traenála an mhí seo agus cuirfear tús le comórtais na gclubanna an mhí seo chugainn.

Tá páirceanna CLG dúnta ó mhí an Mhárta de bharr na paindéime Covid-19 ach fógraíodh inniu go mbeidh cead iad a oscailt arís ar an 29 Meitheamh.

Beidh cead an uair sin ag foirne do dhaoine fásta agus foirne faoi aois traenáil gan teagmháil a dhéanamh i ngrúpaí de deichniúr imreoirí nó níos lú.

Tá tréimhse 12 seachtain leagtha amach ag CLG chun comórtais clubanna timpeall na tíre a imirt agus a chríochnú idir an 31 Iúil agus an 11 Deireadh Fómhair. Is ina dhiaidh sin a chuirfear tús leis an gcomórtas idirchontae.

Roimhe seo, bhí ráite ag CLG nach mbeadh a bpáirceanna oscailte go dtí an 20 Iúil ach tá dlús curtha acu leis an bplean sin.

Cé go mbeidh cead ag imreoirí tosú ag traenáil an mhí seo chugainn, beidh orthu coinníollacha áirithe a shásamh. Beidh ar gach duine atá ag glacadh páirte ceistneoir sláinte a líonadh agus tógfar teocht gach duine roimh gach seisiún. Má bhíonn teocht níos airde ná 37.5 céim ag duine ar bith, beidh orthu dul abhaile.

Fág freagra ar 'Clubanna le filleadh ar pháirc na himeartha an mhí seo chugainn agus craobhacha na hÉireann mí Dheireadh Fómhair'