Clisfidh ar an Airgintín más ar Messi amháin a bhíonn siad ag brath

Caithfidh imreoirí eile na hAirgintíne iad féin a thaispeáint i gcoinne na Cróite anocht más fúthu áit a bhaint amach sa chéad bhabhta eile de Chorn an Domhain

Clisfidh ar an Airgintín más ar Messi amháin a bhíonn siad ag brath

Caithfidh An Airgintín cluiche an lae inniu a bhuachan más leo a bheith i measc an 16 deiridh ag Corn an Domhain sa Rúis.

Ó theip orthu an Íoslainn a bhualadh Dé Sathairn seo caite, tá sé ríthábhachtach go mbuafadh Lionel Messi agus a chomhghleacaithe cluiche na hoíche anocht, go háirithe má fhaigheann na hÍoslannaigh an ceann is fearr ar an Nigéir amárach.

Rud amháin a thabharfaidh beagán misnigh dóibh ná nach mbeidh an Chróit chomh cosantach céanna agus a bhí na hÍoslannaigh ag an deireadh seachtaine.

Ag streachailt a bhí na hAirgintínigh i gcoinne chóras na nÍoslannach sa chluiche sin ach tá imreoirí i bhfad níos cumasaí ag an gCróit ná mar a bhí ag an Íoslainn, Luka Modric, Ivan Rakitic, Mario Mandzukic agus a leithéidí, agus cuireann siad béim níos mó ar sheilbh a choinneáil ar an liathróid.

Is minic, áfach, a athraíonn foirne stíl chun Messi a stopadh agus seans go gcuirfidh an Chróit cúpla athrú i bhfeidhm anocht. In aghaidh na Nigéire, ní raibh aon imreoir acu i lár na páirce chun seasamh os comhair na gcosantóirí agus seans go dtabharfaidh an bainisteoir, Zlatko Dalic, imreoir isteach chun an cúram sin a dhéanamh ar eagla go bhfágfaí an iomarca spáis ag Messi.

Ós ag caint ar Messi mé, seans gur fearr a dhéanfadh an Airgintín mura mbeidís ag brath chomh mór sin ar fhear Barcelona. Níl aon amhras ach nach mbeadh áit bainte amach acu sa Rúis dá uireasa, ach de bharr gurb é Messi an sprioc a bhíonn ag na himreoirí eile gach uair a dtéann siad ar an ionsaí, bíonn sé éasca léamh orthu. Ba léir an méid sin ina gcluiche in aghaidh na hÍoslainne.

Arís agus arís eile sa gcluiche sin, is trí lár na páirce a bhí na gluaiseachtaí acu, cé gur tháinig feabhas de bheagán ar chúrsaí nuair a tháinig Cristian Pavon isteach san imirt. Thug sin fairsinge don imirt agus beidh an cleas céanna ag teastáil anocht in aghaidh na Cróite.

Ar an drochuair, níl cosantóirí na hAirgintíne leath chomh cumasach lena gcuid tosaithe agus cuirfear i bhfad níos mó bhrú orthu anocht ná a cuireadh i gcoinne na hÍoslainne, rud a d’fhéadfadh cor a chur ina gcinniúint.

Tuar Tuairisc.ie: An Chróit

Fág freagra ar 'Clisfidh ar an Airgintín más ar Messi amháin a bhíonn siad ag brath'

  • Seán Mistéil

    Nach tusa a bhí fadradharcach, a Phádraic!