Clampar i gCois Fharraige!

AG TÓGÁIL CLAINNE – Colún faoi na suáilcí agus duáilcí a bhaineann le clann á thógáil

_DSC0911

Is cuimhin liom sula raibh páistí againn go mbeifeá ag guí nach gcuirfí in aice le clann le gasúir óga thú dá mbeifeá ag dul ar thuras fada. Ar eitleán ach go háirithe. Tuige an ngabhfadh duine ar bith in áit ar bith le leanbh beag. Nach raibh sé chomh maith agat fanacht sa mbaile?

Cuimhním uair amháin agus mé ag gabháil ó Los Angeles go Boston gur shín bean a leanbh chugam is dúirt ‘ar chuma leat breith air seo cúpla nóiméad?’ ‘Is cuma,’ a dúirt mise is thóg mé i mo ghabháil é, is chas sí thart ina suíochán, tharraing an phluid suas faoina smig is thit néal uirthi.

D’fhan sí ina codladh nó go raibh muid ag tarraingt ar Logan International. Lig sí méanfach mhór amach aisti agus chas anonn chugam, ‘Muise nár laga Dia thú,’ a dúirt sí, nó leagan éigin dá leithéid.

Lena cheart a thabhairt don bhuachaillín beag bhí an créatúirín an-mhaith; ní raibh gíog as.

Bhí neart clampair ag mo dhream fhéin nuair a chuaigh muid chuig ócáid a chuir Tuismitheoirí na Gaeltachta ar bun scaitheamh siar i gCois Fharraige.

Insint iontach le Diarmuid de Faoite ar sheanscéalta na dTuatha Dé Danainn agus a leithéid. Chaith Úna, an cailín atá ceathar, an t-am uilig faoi gheasa ag na scéalta. Chaith Síle, an cailín atá dhá bhliain, an t-am uilig ag iarraidh gabháil suas ar mo chloigeann, ar chúiseanna nár thuig éinne ach í féin. Bail ó Dhia ar de Faoite ar aon nós, mar thuig sé go maith an lucht féachana óg agus bhí sé in ann a raibh sa seomra a choinneáil leis.

Tá an fhéile drámaíochta do pháistí Babóró ar siúl i nGaillimh an tseachtain seo agus tá súil againn gabháil chuig léiriú Branar de The Way Back Home le Oliver Jeffers.

Bíonn mo chroí i mo bhéal uair ar bith a bhíonn orm mo shrón a chur amach an doras leis an dream beag chuig áit éigin a bhfuil ciúnas ag teastáil. Bhí áthas orm, mar sin, nuair a chonaic mé go bhfuil seónna speisialta á gcur ar bun ag Babóró ar a dtugann siad relaxed performances orthu.

Is iarracht atá ann le daoine a chur ar a suaimhneas trí pháistí a thabhairt chuig an amharclann. Sa deireadh thiar, níl aon ghnó ag páistí an iomarca céille a bheith acu. Beidh siad sách fada socair agus tuige an bhfanfá sa mbaile?