Tá sé ainmniúchán faighte ag cláir de chuid TG4 do na Gradaim Theilifíse RTS.
Ainmníodh Síle Seoige: Deireadh Tochta don Chlár Fíorasach Aonair is Fearr. Sa chlár faisnéise a léirigh Tyrone Productions, phléigh Síle Seoige cás daoine a dtagann a bpáiste ar an saol go hanabaí.
Dhá chlár atá ainmnithe don ghradam don Sainchlár Fíorasach is Fearr –Seán Ó Riada – Mo Sheanathair, inar inis Doireann Ní Ghlacáin, scéal a seanathar agus An Cuan inar tugadh léargas ar cheann na héiceachórais is uathúla in Éirinn, Cuan Bhaile Átha Cliath.
Ainmníodh an tsraith Misneach don ghradam don tSraith Fhíorasach is Fearr.
Insíodh sa tsraith sin scéalta daoine a chuir iad féin sa bhearna bhaoil chun labhairt amach i gcoinne éagóir san ionad oibre,
Dhá ainmniúchán atá faighte ag TG4 I rannóg na Leanaí; Mo Shaol, Do Shaol, agus Na Debs, an chéad dráma i nGaeilge a léiríodh don ardán Tik Tok
Thuill an clár Bóín agus Beach ainmniúchán sa rannóg beochana do RTÉjr.
Fógrófar na buaiteoirí Dé Máirt an 12 Aibreán ag ócáid san RDS i mBaile Átha Cliath. Na craoltóirí Bláthnaid Treacy agus Nuala Carey a chuirfidh na gradaim i láthair.
Na hainmniúcháin:
Drámaíocht
Dalgliesh – New Pictures Ltd
Hidden Assets – Saffron Moon
Smother – Treasure Entertainment Ltd / BBC Studios
Siamsaíocht
BOWIE: Starman le Ceolfhoireann Coirme RTÉ – Ealaíona & Cultúr RTÉ
Ireland’s Fittest Family – Animo TV, Kite Entertainment Ltd
Last Singer Standing – ShinAwiL
Special Forces – Ultimate Hell Week – Motive Television
The Deirdre O’Kane Show – Kite Entertainment Ltd
Sraith Fhíorasach
MISNEACH – Midas Productions
Murder at the Cottage: The Search for Justice for Sophie – Hell’s Kitchen, Dare Films i gcomhar le Sky Studios
RTÉ Investigates – Who Am I? The story of Ireland’s Illegal Adoptions – RTÉ
The Case I Can’t Forget – Rare Television Ireland Ltd agus Green Inc Film agus TV Ltd
The Killing of Fr. Niall Molloy – Flawless Films
Clár Fíorasach Aonair
Keelin Shanley: Faraway, Still Close – Scratch Films Ltd.
Let the Rest of the World Go By – Angelo Films / Ponder
Síle Seoige: Deireadh Tochta – TYRONE PRODUCTIONS
The Irish Wedding – Atom Films
Tomorrow Is Saturday – GMarsh TV Productions
Spórt
17 Days in The Crucible – Proposition Films
Barney Curley: The Man Who Beat The Bookies – True Films
Finding Jack Charlton – Noah Media Group, Virgin Media, BBC
Horizon Tokyo – Brick Films
Rachael Blackmore: A Grand Year – Fifty-Three Six
Nuacht & Cúrsaí Reatha
Brexit, the protocol and the fallout 2021 – Sky News
Opening Another Year With COVID – Virgin Media News
RTÉ Investigates – Covid 19 The Third Wave – RTÉ
Beochan
Adam Saves Christmas – Kavaleer Productions
Bóín agus Beach – Paper Owl Films
Dagda’s Harp – Cardel Entertainment
Sainchlár Fíorasach
An Cuan – Oddboy Media
Jack B. Yeats: The Man Who Painted Ireland – Averner Films
My Tribe – Mo Threibh – Mind the Gap Films
Seán Ó Riada – Mo Sheanathair – Táin Media
Voices of Ireland – Red Shoe
Leanaí (Cláracha)
Critters TV – Turnip + Duck
Mo Shaol, Do Shaol – Macalla Teo
Na Debs – TicToc Drama – Fíbín Media
Nova Jones – Friends of Nova – JAM Meda
Royals Next Door – Ink and Light, Pikkukala Oy, Pikkukala ES & Walking the Dog
Siamsaíocht Fhíorasach
Eating With The Enemy – Animo TV Productions LTD
Gogglebox Ireland – Kite Entertainment Ltd
Home of The Year – ShinAwiL
REELING IN THE YEARS 2010-2019 – RTÉ
The 2 Johnnies Take on – Straywave Media Ltd
Fág freagra ar 'Cláir de chuid TG4 ainmnithe do Ghradaim Theilifíse RTS'