Tá an tAire Gaeltachta Dara Calleary tar éis “tuarascáil chuimsitheach” a fháil ón gCoiste Logainmneacha mar gheall ar ainm oifigiúil Gaeilge atá ag cothú easaontais i mbaile i gcontae na Mí.
Dún Seachlainn in oirthear na Mí atá i gceist sa tuarascáil, baile a bhfuil feachtas ar siúl ann an t-ainm oifigiúil Gaeilge a athrú ó ‘Dún Seachlainn’ go ‘Domhnach Seachnaill’.
Dúirt an tAire Calleary ina fhreagra ar cheist Dála ón Teachta Dála Darren O’Rourke go raibh “tuarascáil chuimsitheach” faighte aige faoin mar thoradh ar iarratas ó choiste áitiúil na mBailte Slachtmhara.
“Tá mé ag déanamh machnaimh faoi na rudaí atá i gceist agus tá sé ar intinn agam cinneadh a dhéanamh go luath maidir le cé acu an gá nó nach gá aon athrú a dhéanamh ar an leagan oifigiúil atá ann faoi láthair,” a dúirt sé.
Tá nóta fada mínithe ar an suíomh Logainm.ie faoi stair an logainm Dún Seachlainn agus an “claochlú nach beag” a d’imigh air ó rinneadh tagairt den chéad uair don áit sa bhliain 801.
Mínítear sa nóta gur ‘Domhnach Seachnaill’ a tugadh ar an áit an chéad uair nuair ba láthair luath-Chríostaí a bhí ann. Ciallaíonn ‘domhnach’ séipéal agus is ainm pearsanta é ‘Seachnall’. Bhí Seachnall ar dhuine de na heaspaig Chríostaí a bhí in Éirinn sna 400idí, ach bhí ‘Seachlann’ déanta de ‘Sheachnall’, tríd an bpróiseas teangeolaíoch ar a dtugtar ‘meititéisithe’ (nuair a mhalartaítear litreacha i bhfocal), faoi dheireadh an 12ú haois.
De réir na bhfoinsí atá ceadaithe ag lucht Logainm.ie, bhí ‘Domhnach Seachnaill’ ina ‘Douenheghsachlin’ faoin mbliain 1187. Bhí an ‘Domhnach’ féin iompaithe ina ‘Dhún’ sa ghnáthchaint dhá chéad bliain ina dhiaidh sin agus ‘Dunshaglyn’ déanta den logainm faoin mbliain 1374.
Faoin am a raibh sapair na Suirbhéireachta Ordanáis i mbun a gcuid oibre sa chéad leath den 18ú haois, ba é an t-ainm ‘Dún Seachlainn’ a bhí in úsáid ag cainteoirí Gaeilge na háite.
Dunshaughlin is always in Irish called Dún Seachlain (pron. Shoghlin) (or (Duin S.—) for which they can assign no meaning – never Domhnach S,” a scríobhadh i Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis in 1836.
Mhol Seosamh Ó Laoide, ó Chonradh na Gaeilge, Domhnach Seachlainn agus Domhnach Seachnaill araon mar leaganacha Gaeilge i leabhrán de chuid an Chonartha a foilsíodh i 1905. Ba é Domhnach Seachlainn a roghnaíodh do Eolaí an Phoist a foilsíodh i 1925, agus bhí an leagan sin in úsáid ar feadh cuid mhaith den 20ú haois agus é luaite i leabhair de chuid Risteáird Uí Fhoghludha faoi logainmneacha.
Ach faoin mbliain 1969, bhí an cinneadh déanta ag na húdaráis cloí le ‘Dún Seachlainn’, mar a bhí i mbéal na gcainteoirí Gaeilge san áit in 1836, agus is é an leagan sin atá in úsáid sa leabhrán Ainmneacha Gaeilge na mBailte Poist.
Fág freagra ar 'Cinneadh le déanamh ag Aire na Gaeltachta faoi fheachtas maidir le logainm i gcontae na Mí'