Ciarraí agus Baile Átha Cliath amuigh leo féin i gcónaí

Caitheann Tuairisc.ie súil ar na cluichí leath cheannais sa tSraith Náisiúnta Peile a imreofar i bPáirc an Crócaigh tráthnóna

INPHO/Morgan Treacy
INPHO/Morgan Treacy

Ciarraí v Ros Comáin, Páirc an Chrócaigh, 2i.n.

Den chéad uair faoi cheannas Éamonn Fitzmaurice, tá babhtaí leathcheannais na sraithe bainte amach ag Ciarraí. Cé gur go dona a chuir siad tús lena bhfeachtas agus an chéad dá chluiche caillte acu, bhuaigh Ciarraí cúig chluiche as a chéile ina dhiaidh sin agus thug siad taispeántais maithe uathu i gcuid de na buanna sin.

go raibh cúig phointe mar fharasbarr acu ar Chorcaigh an Domhnach seo caite, bhí foireann Peadar Healy buíoch go raibh siad fós san iomaíocht ag leath ama agus ceannas iomlán ag Ciarraí ar an imirt. Tá Kieran Donaghy ag imirt níos fearr ná mar a d’imir sé le roinnt blianta anuas agus tá Colm Cooper tagtha chuige féin i ndiaidh dó bliain chiúin a bheith aige anuraidh agus é ag filleadh ó ghortú 2014.

nach gcuireann Fitzmaurice an oiread sin béime ar thorthaí na sraithe, comhartha maith a bhíonn ann do Chiarraí aon uair a bhuann siad an tsraith. Na cúig bhabhta is déanaí a bhuaigh siad an comórtas – 2009, 2006, 2004, 1997 agus 1984 –bhuaigh siad Craobh na hÉireann a bhuachan an bhliain chéanna.

Níl an tsraith buaite ach uair amháin ag Ros Comáin, 27 bliain ó shin, ach fiú mura n-éiríonn leo an beart a dhéanamh i mbliana, beidh na comhbhainisteoirí, Kevin McStay agus Fergal O’Donnell, sásta leis an obair atá déanta go dtí seo acu.

Nuair a chlis orthu in aghaidh Mhuineacháin sa chéad bhabhta, ní raibh daoine ag tabhairt mórán seans do Ros Comáin a n-áit i Roinn 1 a choinneáil don chéad bhliain eile. D’fheabhsaigh na Connachtaigh, áfach, agus thuill siad ardmholadh, go háirithe nuair a bhuaigh siad ar Chiarraí agus ar Chorcaigh i gCill Airne agus i bPáirc Uí Rinn.

Rud amháin a bheidh ag cur as do McStay agus O’Donnell ná na taispeántais a thug siad uathu sa dhá bhabhta dheireanacha. Ní raibh an fuinneamh céanna le feiceáil iontu agus cé go raibh a ndóthain déanta acu chun an t-ísliú céime a sheachaint, ní éirigh leo Maigh Eo, curaidh Chonnacht, agus Baile Átha Cliath, curaidh na hÉireann, a bhualadh.

Is ag Ciarraí anois atá an fuinneamh uile sin agus an chuma air go mbainfidh siad amach cluiche ceannais na sraithe den chéad uair ó 2009.

Rogha Tuairisc.ie: Ciarraí


INPHO/Tommy Grealy
INPHO/Tommy Grealy

Baile Átha Cliath v Dún na nGall, Páirc an Chrócaigh, 4i.n.

Agus trí bhabhta den tsraith imeartha i mbliana, bhí Baile Átha Cliath agus Dún na nGall ar comhchéim ar bharr Roinn 1 agus a dtrí chluiche go dtí sin buaite acu. Is mór an t-athrú atá tagtha ar an scéal ó shin, áfach.

Tar éis dóibh an Dún, Corcaigh agus Maigh Eo a shárú, bhí foireann Rory Gallagher ag dul ar aghaidh faoi lán seoil ach cuireadh stop tobann leo i gcluiche achrannach in aghaidh Chiarraí i dTrá Lí. Thit an tóin as na Conallaigh ina dhiaidh sin agus tá na ceithre chluiche dheireanacha a d’imir siad caillte acu. Bhí Baile Átha Cliath ar cheann de na foirne a fuair an ceann is fearr orthu, i gcluiche gangaideach eile.

Ag tús na sraithe, ní raibh Rory Gallagher ach ag iarraidh stádas Dhún na nGall i Roinn 1 a choinneáil agus, cé go bhfuil sé sin déanta acu, beidh sé buartha faoina bhfaca sé le cúpla cluiche anuas. An meath a thagann orthu i dtreo dheireadh na himeartha an fhadhb is mó a mbeidh sé ag iarraidh leigheas a fháil uirthi.

Ina gcluichí in aghaidh Chiarraí, Ros Comáin, Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin, bhí seans fós ag Dún na nGall agus 20 nóiméad nó níos lú fágtha, ach theip orthu i ngach cás teacht aniar a dhéanamh nó greim a choinneáil ar an bhfarasbarr a bhí acu.

Agus iad anois ag tabhairt aghaidh ar Bhaile Átha Cliath, foireann a bhfuil 21 cluiche imeartha acu ón uair is déanaí ar chaill siad. Ní raibh ach foireann trialach in úsáid ag Jim Gavin in aghaidh Ros Comáin an deireadh seachtaine seo caite ach fós rinne siad an beart.

Is iad Baile Átha Cliath ríthe an earraigh le tamall anuas agus iad ag iarraidh an tsraith a bhuachan don cheathrú huair as a chéile, rud nach ndearnadh ach faoi dhó roimhe seo. Cé gurb iad Dún na nGall an fhoireann is déanaí a sháraigh fir Jim Gavin, i gcluiche leathcheannais na hÉireann 2014, is deacair a shamhlú go ndéanfaidh siad amhlaidh sa cheann seo.

Rogha Tuairisc.ie: Baile Átha Cliath

Fág freagra ar 'Ciarraí agus Baile Átha Cliath amuigh leo féin i gcónaí'