Chruthódh aontú polaitiúil na hÉireann deacracht uafásach nua…

Nílimid in ann míbhuntáistí aontú an oileáin a shamhlú de dheasca bholscaireacht stairiúil na bpáirtithe go léir

Chruthódh aontú polaitiúil na hÉireann deacracht uafásach nua…

Ina leabhar neamhghnách, Briseadh na Teorann a foilsíodh i 1955, rinne an t-iar-aire airgeadais i gcomhaireacht an tSaorstáit, Earnán de Blaghd, cur síos ar an deighilt idir an dá stát ar an oileán: “Tá an Chríochdheighilt ann toisc gur éiligh Protastúnaigh na tíre í, go mórmhór Protastúnaigh an Tuaiscirt. Go brách, ní imreoidh Sasana nó aon chumachta eile éigníocht ar Aondachtóirí na Sé gContaetha d’fhonn a thabhairt orthu ceangal, dá n-ainneoin, leis an Phoblacht.”

Ceaptar go forleathan sa lá atá inniu ann nach bhfuil sé ceart dearcadh mar seo a bheith ag duine a thuilleadh, agus go ndéanfar Éire a aontú tar éis an Bhreatimeachta.

Más fíor sin, ba chóir dúinn machnamh go dáiríre ar a gciallódh a leithéid.

Mar níl aon éalú ó fhadhb ollmhór amháin nach luaitear ar chor ar bith sa díospóireacht atá ar siúl idir leithéidí an iar-ambasadóra Bobby McDonagh agus baill den ERG sa Bhreatain.

Chruthódh aontú polaitiúil an oileáin deacracht uafásach nua. In Éirinn aontaithe, bheadh mionlach láidir sa stát nua seo den chéad uair riamh ó 1922 a mbeadh olc ina gcroí acu don Aontas Eorpach. Bheimis ceangailte leo, agus bheadh dóthain cumhachta agus vótaí ag an mionlach aontachtach seo san Oireachtas, dá n-úsáidfí Airteagal 15.2.2 i mBunreacht na hÉireann (nó laistigh de pharlaimint chónaidhme nua), chun leasuithe tromchúiseacha a dhéanamh ar an reachtaíocht a bheadh de dhíth chun athruithe a dhéanamh ar théarmaí ballraíochta na hÉireann san Aontas Eorpach. Bheadh an chumhacht acu chomh maith pobalbhreitheanna a chur ar bun chun cloí le riail Crotty v An Taoiseach [1987] 1 IR 713.

Chruthódh aontú an oileáin córas polaitíochta úrnua dúinne, ach córas polaitíochta a bheadh ann a d’aithneodh aon duine a mhair sa Bhreatain le linn ré Mrs Thatcher. Polaitíocht an chantail a bheadh againn agus í beo leis an gcineál bród náisiúnach a spreagann caint faoi naimhde seachtracha a bheith i mbun comhcheilge. Dá ndéanfadh an móramh náisiúnach iarracht an tír a cheangal níos mó leis an Aontas Eorpach tar éis aontú an oileáin, d’fhéadfadh an mionlach aontachtach gnó na parlaiminte nua a thachtadh, faoi mar a rinne dílseoirí C.S. Parnell i dTeach na dTeachtaí ó 1872-1880. Más ea, an chéad duine eile a deir leat go dtacaíonn sé le ráiteas an Tánaiste Simon Coveney inar mhaígh sé go ndéanfaí Éire a aontú le linn a shaoil agus go raibh sé ag tnúth go mór leis, cuir an cheist seo orthu: an bhfuil tú sásta go mbeadh an nimh fhrith-Eorpach ina comhartha sóirt ar an stát nua? An bhfuil plean agat dul i ngleic leis sin?

Nílimid in ann míbhuntáistí aontú an oileáin a shamhlú de dheasca bholscaireacht stairiúil na bpáirtithe go léir. Ach ba chóir dúinn cuimhneamh ar cheist na Gearmáine i 1990. Le linn na bliana sin nuair a bhí an stát ‘sóisialach’ san oirthear ag titim as a chéile, thug Margaret Thatcher cuireadh do scoláirí teacht chun lóin léi ionas go bhféadfaidís comhairle straitéiseach a thabhairt di. Scríobh an staraí Norman Stone mar gheall ar an lón cáiliúil sin. Nach cine bagrach na Gearmánaigh leis na cianta? arsa an Príomh-Aire. Cén fáth nár chóir di stop a chur le hathaontú na tíre, go háirithe má bhí sé i gceist stát mór nua lán muiníne a chruthú i lár na mór-roinne, stát a mbeadh fonn air leathnú amach faoi mar a rinne cheana ó 1933?

Dúirt Stone léi nár chóir a bheith imníoch faoi chliseadh an stáit san oirthear. Is éard a bhí ag tarlú, arsa an tOllamh ná go raibh iarthar na Gearmáine ar tí réigiún bocht a chomhtháthú. Ba bheag an difríocht, dar le Stone, idir an GDR agus stát a bhí déanta as dhá chathair déag ar chosúil iad go léir le Learpholl. (“my best line, East Germany was not an accretion of strength, but, rather, 12 enormous Liverpools, handed over to the West Germans in a tatty cardboard box, with a great red ribbon round it, marked ‘From Russia with love’”). Ní thabharfadh an t-oirthear cumhacht nua don iarthar. Bhainfeadh an t-oirthear cumhacht uaithi ar feadh dhá scór bliain.

An bhfuil éinne againne faoi láthair a thabharfadh an rabhadh céanna i gcás na hÉireann? Thruailleodh Éire aontaithe an Éire Eorpach atá againn anois, agus ní léir gurbh fhiú é ach an oiread.                

Fág freagra ar 'Chruthódh aontú polaitiúil na hÉireann deacracht uafásach nua…'

  • Breathnóir

    ´´Nílimid in ann míbhuntáistí aontú an oileáin a shamhlú de dheasca bholscaireacht stairiúil na bpáirtithe go léir. ´´ Sea cinnte, níl aon deireadh le bolscaireacht leithéidí Fine Gael ar son Éireann aontaithe, muise…
    Seafóid atá in argóint an duine seo faoin nimh Fhritheorpach chomh maith. Vótáil móramh sna 6 chontae le fanacht san AE. Bheadh an móramh sin níos mó inniu, 3 bliana níos déanaí, agus beidh sé ag éirí níos mó i rith an ama.

  • Antain Mac Lochlainn (@AntainMac)

    “Ceaptar go forleathan sa lá atá inniu ann nach bhfuil sé ceart dearcadh mar seo a bheith ag duine a thuilleadh..”

    Seo port síoraí ridirí na heite deise: go bhfuil cinsireacht á déanamh orthu agus nach mbíonn cead acu a gcuid tuairimí a chraobhscaoileadh. Nach mór an trua iad Cosantóirí na Críochdheilghilte – agus gobán á chur ina mbéal mar sin? Sin in ainneoin JP a bheith ina staraí tí ag an nuachtán is mó díol sa Stát – the Sindo – dream a shéan cead cainte ar feadh na mblianta ar dhuine ar bith a nochtfadh oiread na fríde de bhá le hathaontú na hÉireann.

  • Eoin Ó Murchú

    Mar dhuine atá in éadan AE, is ceist í sin a shocrós muintir na hEireann aontaithe trina gcuid vótaí daonlathacha. Má chabhraíonn Protastúnaigh an Tuaiscirt le móramh a fháil ar son Éirinn a bheith neamhspleách ón AE agus ón mBreatain, céen dochar sin?
    Mo léan faoi látghair ta móramh ar son an AE sa da chuid den tír.
    Tá argóint níos troime ag teastáil ó John Paul chun an chrichdheighilt a chosaint.

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Dá gcuirfí an cheist orm cé acu is fearr: Éire athaontaithe lasmuigh den Aontas Eorpach nó an rud atá anois ann, ní bheadh drogall ar bith orm an chéad cheann acu a roghnú.

    Is Éireannaigh iad na daoine ar an dá thaobh den teorainn agus cibé rud atá ag teastáil ó na hÉireannaigh uile, is é sin an rud ar chóir é a dhéanamh.