Chanamar go léir ‘Monto’, gan a fhios againn cén áit go díreach a bhí i gceist…

Agus lucht an Stáit nua ag tosnú amach is ag brath rompu, bhí smacht ar leath de dhaonra na tíre, sin mná, go hard ar a liosta acu

Chanamar go léir ‘Monto’, gan a fhios againn cén áit go díreach a bhí i gceist…

Siar amach ní raibh gá d’aon chustaiméir in ár bpríomhchathair dul chomh fada le limistéar na soilse dearga in Amsterdam chun mianta is ainmhianta na colainne a shásamh. Bhí Bordellos ag baile acu – an ceann is cáiliúla acu, ba é sin Monto.

Beidh cuimhne ag cuid mhaith ar Luke Kelly a’ baint lasrach is claigearnach as focail is frásaí ceoil san amhrán agus Monto á mholadh go haer aige. Chanamar go léir ina theannta é, gan fhios againn cén áit go díreach a bhí i gceist aige!

Bhí ainm agus cáil na háite sin, in airde a réime idir 1860 agus 1925.

 I gceartlár chathair Bhleá Cliath a bhí an Bordello seo, Monto. 

Drúthlann nó drúisleann a déarfadh lucht breithiúntais. 

Ó shráid Montgomery atá suite cúpla céad slat ó shráid naofa Ui Chonaill a thagann an ainm.

Tiomnaithe do bhoc mór Sasanach, ní nach ionadh.

Tá sé áirithe gur thug Prionsa Sasanach, ar deineadh rí ina dhiaidh san do, Edward V11 an iliomad turas ar Monto, más fíor don méid a scrígh an Seoigheach Séamus fé in Ulysses.

‘—-Well says J.J.. We have Edward the peacemaker now.

—-Tell that to a fool, says the citizen. There’s a bloody sight more pox than pax about that boyo. Edward Guelph-Wettin!’ 

Níor leasc leis an mbuachaill báire Séamus é féin seal a chaitheamh i bparlús an phléisiúir.

Bhí cead a gcinn ag na tithe striapachais seo mar nár chuir póilíní isteach ná amach orthu. Bhí dlí ag cosc tithe dá leithéid leagtha síos sna leabhair reachtaíochta gan dabht, ach dúnadh na súile. Póilíní ag fáil síneadh láimhe, beag am baol.

Ní fios cén fáth gur sa réigiún áirithe seo i lár na cathrach a bhí trácht dá leithéid chomh raidhsiúil. 

An áit a bheith i bhfoisceacht calafort mór agus na sluaite saighdiúirí eachtrannacha is áitiúla a bheith ar an mbaile go rialta. 

Meastar go raibh tráth ann nuair a bhí suas le míle sé chéad bean i mbun gnó ansin. Ní áirítear líon na gcustaiméirí ar ndóigh. An craiceann is a luach acusan. 

Ní fada ó thréimhse an ghorta mhóir a thuill an ceantar a cháil. Daoine beo bocht ag maireachtaint ón láimh go dtí an béal. Gach éinne ag iarraidh a gceann a choimeád os cionn uisce.

Cuid mhaith de na tithe ‘droch-clú’ seo, is gnáthach gur báirseach mná a bhí i gceannas.

Gan trócaire a dheighleáil sí leis na cailíní is na mná óga féna cúram.

Áirítear Madame amháin a bheith ag imeacht ar fuaid na cathrach i gcóiste galánta, gléasta go péacach, giolla nó dhó capaill á tionlacan agus í gan scáth gan náire ag déanamh mórtais as a ‘stádas’ sa tsaol. Tuigeann Taidhg Taidhgín…

Bhí níos mó ná tréith amháin, cuid acu moltach ag na hoibrithe gnéis seo, bail orthu.

Thuairisc Dan Breen an trodaí fíochmhar Gaelach do Bhiúró Stair Mhíleata na hÉireann gur mhór an chabhair iad na gearrchailí seo chun arm agus armlón a sciobadh ós na Dúchrónaigh agus iad sínte aige deoch agus uile.

D’fhágadh na mná an trealamh i dtigh tábhairne cáiliúil do laochra na saoirse.

Tagraíonn an tÁrannach iomráiteach Liam Ó Flaithearta do réigiún Monto ina úrscéal cáiliúil The Informer a tháinig amach i 1925. Cur síos grinn ann ar an saol suarach brúidiúil a bhí á chur isteach ag daoine ann ag an am.

A bhuíochas d’eagraíochtaí éagsúla Eaglasta cuireadh deireadh le ré órga cheantar an 

Monto i lár fhichidí an chéid seo caite. Na hÍosánaigh agus Léigiún Mhuire agus díormaí ceartchreidmheacha dá leithéid i mbun feachtais an áit a ghlanadh amach agus saol níos sláintiúla a eagrú do na mná, an aidhm a bhí acu. Chomhoibrigh na Gardaí leo agus cuireadh an dlí i bhfeidhm. 

Deineadh iarracht mná a mhealladh isteach in áiteanna uafásacha ar nós tithe níochán Magdalene. Tuigimid inniu gur ón dteas go dtí an bhfuacht a bheadh i gceist ansan. 

Agus lucht an Stáit nua ag tosnú amach is ag brath rompu, bhí smacht ar leath de dhaonra na tíre, sin mná, go hard ar a liosta acu. Smacht ar a gcolainn. Smacht ar a saol. Smacht ar a n-anam. B’fhéidir go raibh mná Monto scaoilte saor ag Léigiún Mhuire ó dhaorsmacht Madames na mBordellos ach bhí Dev agus a ghiollaí a feitheamh lena thuilleadh laincisí a chasadh timpeall orthu. 

Ar mhaithe leo, ar ndóigh. Plus ça change.

Nóta ón údar: Sa leabhar MONTO: Madams, Murder and Black Coddle le Terry Fagan a fuaireas formhór an eolais.

Fág freagra ar 'Chanamar go léir ‘Monto’, gan a fhios againn cén áit go díreach a bhí i gceist…'

  • Criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile

    Agus nár chanamar ‘Fine Girl You Are’ i dteannta Na Clancy Bros & Tommy Makem ag moladh an ‘Holy Ground’ ? Deirtear liom gurb in Cathair Chorcaí a bhí ‘an áit bheannaithe’ sin.

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Agus léiríonn an Seoigheach Séamus chomh maith gur thug Leopold Bloom turas ar Mhonto sa mhír Circe in Ulysses ar a thugann sé “Nighttown”.