Cén fáth nach gcloistear níos mó faoi chaimiléireacht a bheith ag cur as d’fhórsaí na hÚcráine?

Tá cúiseanna éagsúla ann nach mbíonn oiread sin cainte faoin gcaimiléireacht a bheith ag déanamh dochair d’éifeacht fhórsaí na hÚcráine

Cén fáth nach gcloistear níos mó faoi chaimiléireacht a bheith ag cur as d’fhórsaí na hÚcráine?

Sileann formhór anailíseoirí míleata san iarthar go bhfuil baint ag caimiléireacht le heaspa éifeachta airm na Rúise sa chogadh san Úcráin. Mar shampla mhaígh Roinn Cosanta na Breataine ar an 15 Deireadh Fómhair ‘go bhfuil an chaimiléireacht eindéimeach agus cúrsaí lóistíochta a bheith go dona’ fós ‘ar na bunchúiseanna nach bhfuil ag éirí go maith le fórsaí na Rúise san Úcráin’.

Bíonn saighdiúirí nua-choinscríofa ag gearán ar na meáin shóisialta, mar shampla, go mbíonn orthu a n-armúr colainne féin a cheannach. De réir innéacs Transparency International bhí an Rúis sa 136ú háit as 180 tír ar an innéacs caimiléireachta don bhliain 2021. (Is í an tír atá sa chéad áit an tír leis an méid is lú caimiléireachta, agus an tír sa 180ú háit an tír is measa.)

Ach tá cáil na caimiléireachta ar an Úcráin freisin. Anuraidh bhí an Úcráin sa 122ú háit ar an innéacs caimiléireachta – beagáinín níos fearr ná an Rúis ach sách dona mar sin féin. Cén fáth mar sin nach gcloistear faoin gcaimiléireacht a bheith ag déanamh dochair d’éifeacht fhórsaí na hÚcráine? Seo cuid de na freagraí ar an gceist sin, dar liom:

  1. Tá méid áirithe caimiléireachta bainteach leis an gcogadh ag tarlú san Úcráin ach níl muid ag cloisteáil faoi. Níl ag éirí chomh maith le fórsaí na Rúise is a bhíothas ag súil leis roimh an gcogadh agus mar sin tá míniú ar an teip sin á lorg againn. Tá aird á díriú ar an gcaimiléireacht dá réir. Ach tá ag éirí níos fearr le fórsaí na hÚcráine ná mar a bhí coinne againn leis agus mar sin níl an aird chéanna ar an gcaimiléireacht sa chás sin. Ach ní hionann sin is a rá nach ann di. 
  2. Tá caimiléireacht ag tarlú a bhfuil baint aici leis na fórsaí míleata san Úcráin ach, ar an mórgóir, níl sí chomh dona leis an gcaimiléireacht sa Rúis. Mar shampla, ar feadh blianta bhí córas ag an roinn cosanta san Úcráin le cinntiú nach gceannófaí ola bhealaithe ach ó chomhlachtaí a chomhlíon critéir áirithe. Chosain an ola 30-40% níos mó ná praghas an mhargaidh agus iontas na n-iontas ba le polaiteoir sinsearach amháin, Oleksandr Ponomarev, na comhlachtaí a rinne an ola. Mar sin chaith an stát an iomarca airgid ar ola bhealaithe ach ar a laghad bhí ola bhealaithe ar fáil do thancanna agus d’fheithiclí an airm agus rinne sí an jab. Cuir seo i gcomparáid leis an gcás inar cuireadh boscaí uibheacha isteach i roinnt tancanna Rúiseacha in áit ábhar ceart cosanta – ceist bás nó beatha do chriúnna na dtancanna.
  3. Daoine a bhíonn i mbun caimiléireachta i dtír ina bhfuil cultúr na caimiléireachta ní cheapann siad féin gur coirpigh nó drochdhaoine iad nó nach tírghráthóirí iad. Nach bhfuil muid ar fad ábalta cur ina luí orainn féin go bhfuil rud éigin ‘ok’ mar go bhfuil ‘gach duine’ á dhéanamh? Shamhlóinn go bhfuil tuiscint eiticiúil tagtha chun cinn go pointe áirithe i measc lucht caimiléireachta san Úcráin gan a bheith ag cur as do chosaint na tíre. Fiú na fíorchoirpigh, bíonn eitic áirithe acu – ag tús an ionraidh tuairiscíodh gur roinn buíonta coirpeach in Odessa airm throma leis na póilíní chun cabhrú le cosaint na cathrach. 
  4. Tá dul chun cinn déanta maidir le dul i ngleic le cúrsaí caimiléireachta san Úcráin le blianta beaga anuas. Nuair a thosaigh an cogadh in 2014 bhí an Úcráin sé áit níos ísle ná an Rúis ar an innéacs caimiléireachta – anois tá sí sé áit chun tosaigh uirthi. 
  5. Tá dul chun cinn ar leith déanta ag dul i ngleic le caimiléireacht sna fórsaí míleata mar gheall ar cheannaireacht roinnt oifigeach sinsearach den scoth – na ginearáil Valeriy Zaluzhnyy agus Andrii Kovalchuk, agus an Coirnéal-Ginearál Oleksandr Syrskiy. Sna blianta ó 2014, nuair a theip go dona ar fhórsaí na hÚcráine, rinneadh atheagar ó bhonn ar an airm. Mar chuid den atheagar sin thug siad bata agus bóthar d’oifigigh shinsearacha chama ón ré Shóivéadach, d’earcaigh siad glúin nua oifigeach gairmiúil agus bhunaigh siad caidreamh ó thaobh na traenála de le fórsaí míleata gairmiúla NATO. Tá líne fóin ar leith fiú chun tuairisciú a dhéanamh ar chaimiléireacht sna fórsaí míleata. 
  6. Tá meáin chumarsáide neamhspleácha san Úcráin a nochtann scéalta faoin gcaimiléireacht go rialta, fiú anois le linn an chogaidh. Tá na meáin neamhspleácha á dtachtadh san Rúis le blianta anuas agus tá siad curtha faoi chois go hiomlán ó thús an chogaidh. Go deimhin is féidir leat dul go príosún as ucht nuacht ‘bhréagach’ a scaipeadh faoin gcogadh. Is ionann nuacht ‘bhréagach’ agus nuacht ‘a tharraingíonn droch-chlú’ ar fhórsaí míleata na Rúise. 
  7. Scríobh an t-iriseoir Peter Coy sa New York Times faoin teoiric seo a leanas a fuair sé ó shaineolaithe áirithe. De réir na teoirice seo, tá daoine cama áirithe a bhfuil cumhacht sa chóras rialtais agus gnó san Úcráin acu nach bhfuil ag iarraidh go mbuafadh an Rúis an cogadh mar go dtabharfaí bata agus bóthar dóibh agus go gcuirfí dream nua ina n-áit. Mar sin luífeadh sé le réasún, ar mhaithe lena leas fadtéarmach, nach ndéanfadh siad dochar d’iarrachtaí na hÚcráine an cogadh a bhuachan. 
  8. An chuid is mó den trealamh míleata atá á fháil ag an Úcráin tá sé ag teacht ó thíortha an iarthair, tíortha a bhfuil córais fhrithchaimiléireachta níos forbartha acu ná mar atá sa Rúis nó san Úcráin. Mar sin, ar an iomlán, tá níos lú seans go dteipfidh ar an gcóras sin mar gheall ar dhuine éigin áit éigin a bheith i mbun caimiléireachta.

Is dócha gur meascán éigin de na cúiseanna seo ar fad is cúis lena laghad sin a bheith á chloisteáil againn faoi chaimiléireacht a bheith ag cur as d’fhórsaí na hÚcráine i gcomparáid le fórsaí na Rúise. Níl aon amhras faoi ach go gcloisfear níos mó faoin gcaimiléireacht san Úcráin nuair a bheidh an cogadh thart.

Sa Bhreatain tar éis an Dara Cogadh Domhanda d’éiligh an chosmhuintir cosaint shóisialta níos fearr tar éis a n-íobairtí sa troid i gcoinne an fhaisisteachais. Tar éis an chogaidh san Úcráin cuirfidh an ghlúin óg pro-Eorpach brú mór ar na húdaráis sochaí níos fearr, níos féaráilte agus níos ionraice a chruthú. Beidh le feiceáil an éireoidh leo an troid sin a bhuachan.

Fág freagra ar 'Cén fáth nach gcloistear níos mó faoi chaimiléireacht a bheith ag cur as d’fhórsaí na hÚcráine?'

  • Pat Butler

    Freagra na ceiste sin thuas?
    Mar ach bhfeileann sé dúinn bheith macánta faoin ár rogha ‘poster boy for democracy’ – nó ár ‘náisiún cuidsúlach an daonlathais’. A Thiarcais!

    Is beag idir 122 agus 136 nuair is 180 uasphoinnte scála na caimiléireacha.

    Bímís cúramach futhasan a solátharaimid-ne oiliúint mhíleata dóibh, a Simon ardeaganta Coveney.

  • Cian

    Cad faoi seo mar theoiric. Tá sé deacair 10% nó 20% nó 80% a bhaint ón mbarr nuair nach tusa atá ag scríobh na seiceanna. An t-armlón ar fad atá ag teacht ó oirthir, is armlón atá ann seachas airgead le harmlón a cheannach. Nuair is ábhar le husáid go práinneach, láithreach atá ann is deacair é a dhíol ar mhargadh ar bith.
    Cuir leis sin an brú le ardú gairmiúlacht i measc na n-oifigeach (iad siúd a bhfuil an deis is fearr acu le caimiléireacht).
    Nach fíor gur gá modh, cúis agus deis le coir a dhéanamh?
    Bhí tréimhse fada ag na Rúisigh agus a gcairde nuair a bhí na trí choinníoll sin i láthair. Nuair nach cairde tú leis an Rúis níos mó, is mó an cúis GAN caimiléireacht. Déanann daoine cinntí faoi subh inniu no saol amárach. Amantaí bíonn an bua ag amárach.