Cén fáth nach bhfuil na cearta céanna ag paisinéirí traenach is báid is atá ag paisinéirí eitleáin?

AN SAOITHÍN AERÁIDE: Thóg an Saoithín Aeráide an traein agus an bád go hÉirinn agus ba bheag nár chaill sé an bád…

Cén fáth nach bhfuil na cearta céanna ag paisinéirí traenach is báid is atá ag paisinéirí eitleáin?

Agus oiread colún scríofa ag an Saoithín Aeráide faoin náire aerthaistil, ar ndóigh ní fhéadfadh sé eitleán a thógáil chun an t-aistear idir an Ísiltír (mar a bhfuil sé ag stopadh faoi láthair) agus Éire (mar a bhfuil cónaí ar go leor seanchairde dá chuid) a chur de. Agus nach mbeadh sé go deas lá a chaitheamh i bPáras ar an mbealach ann agus ar an mbealach ar ais?

An traein ardluais ó Amsterdam Centraal go dtí an Gare du Nord i bPáras mar sin, agus, an mhaidin dár gcionn, ón Gare Saint-Lazare go Cherbourg. Bhí go maith agus ní raibh go holc – go dtí go ndeachaigh ladhróg iarnróid i bhfostú díreach taobh thiar de chathair Caen. D’fhan an traein go Cherbourg ina seasamh i stáisiún Caen ar feadh uair an chloig agus ar feadh an ama sin bhí ardú seasta ag teacht ar bhrú fola an tSaoithín Aeráide. An mbeadh sé in am do bhád Irish Ferries go Baile Átha Cliath ar chor ar bith?

Ceann de na dúshláin is mó a bhaineann leis an taisteal traenach agus bád idirnáisiúnta – le hais an aerthaistil – ná nach mbíonn an chosaint chéanna ag an taistealaí a chaillfeadh traein nó bád de bharr moill a bheith ar thraein nó bád eile agus a bhíonn ag an té a chaillfeadh eitleán de bharr moill a bheith ar eitleán eile.

An chuid is mó den am díoltar ticéid eitleáin mar thicéad amháin don turas ar fad, fiú má bhíonn níos mó ná eitilt amháin nó go deimhin níos mó ná aerlíne amháin i gceist. Mar shampla, dá gcaillfeá eitilt ó Ghlaschú go haerfort Keflavík san Íoslainn toisc moill a bheith ar an eitilt ó Bhaile Átha Cliath go Glaschú, bheadh ar an aerlíne a bheadh freagrach as an moill sin malairt eitilte a chur ar fáil, lóistín agus bia dá mba ghá, agus d’fhéadfá a bheith i dteideal cúiteamh suntasach airgid.

Ach (eisceachtaí as an áireamh) is mar thicéid sheachtracha a dhíoltar ticéid traenach agus bád. Dúshlán ann féin a bhíonn sa mhéid sin: agus a thuras ó Amsterdam go Gaillimh agus ar ais á phleanáil ag an Saoithín Aeráide, b’éigean dó meabhair a bhaint as suíomhanna idirlín trí chomhlacht traenach éagsúla agus dhá chomhlacht farantóireachta lena chois.

I dtrí theanga éagsúla. Murar leor an trioblóid sin, ní raibh na comhlachtaí sin ar fad freagrach ach amháin as a gcéim féin den turas. Cé go mbeadh an Saoithín i dteideal cúitimh éigin dá gcuirfí moill air le linn ceann de na céimeanna aonair sin, ní bheadh sé i dteideal tada dá gcaillfeadh sé ceangal de bharr na moille. 

Rith sé leis an Saoithín, agus an traein mhallaithe úd ina seasamh i stáisiún mallaithe Caen, go mbeadh sé chomh maith aige casadh timpeall agus dul ar ais abhaile dá gcaillfeadh sé an bád as Cherbourg go Baile Átha Cliath. Bheadh air ticéad úrnua agus costasach a cheannach, agus lena chois sin bheadh ar íoc as lóistín oíche nó dhó i mbaile mór nach mbeadh mórán le déanamh ann agus é ag fanacht ar an gcéad bhád eile. Tar éis na bhféidearthachtaí éagsúla a ionramháil ina aigne, tháinig an Saoithín ar an tuiscint nach raibh neart aige féin ar aon rud agus gur in ucht na cinniúna a bhí cúrsaí.

Tharraing an traein isteach ag stáisiún Cherbourg uair an chloig sular fhág an bád – an t-am céanna agus a bhí an tseiceáil isteach le dúnadh. Níl ach siúlóid leathuair an chloig idir stáisiún Cherbourg agus an calafort, ach shocraigh an Saoithín an gheis a leag sé air féin úsáid a bhaint as carranna a bhriseadh agus léimt isteach i dtacsaí.

Ar ámharaí an tsaoil ní raibh an tseiceáil isteach don bhád críochnaithe fós agus níor thug éinne faoi deara gur sheas fear a bhí rud beag oibrithe sa scuaine ag an nóiméad deireanach. Bhí go maith agus ní raibh go holc – ach ba dheas leis an Saoithín dá mbeadh na cearta céanna ag daoine a roghnaíonn traenacha agus báid agus atá ag paisinéirí eitleáin. Go dtí go socrófar sin ar bhonn Eorpach – tá brúghrúpaí ag obair air – b’fhearr do thaistealaithe ar cás leo an aeráid go leor leor ama a thabhairt dóibh féin.

Fág freagra ar 'Cén fáth nach bhfuil na cearta céanna ag paisinéirí traenach is báid is atá ag paisinéirí eitleáin?'