Cén fáth an ruaille buaille faoi Mueller?

Tá Trump caithréimeach agus a ainm glanta go hiomlán, dar leis. Níl an scéal chomh simplí sin…

Cén fáth an ruaille buaille faoi Mueller?

Robert Mueller. (Pictiúr: Pete Souza)

Cad a dhéanfaimid feasta gan Mueller? Le beagnach dhá bhliain anois tá go leor de lucht cáinte an Uachtaráin Trump ag coinneáil guaim de bheagán orthu féin. Is é an chaoi go raibh siad ag súil ach a dtiocfadh tuarascáil an dlíodóra speisialta Robert Mueller go mbeadh an oiread ann agus a chinnteodh ní hamháin go mbeadh an tUachtarán á cháineadh ach go mbeadh sé á chúiseamh, á chiontú agus á dhaoradh.

Bunaíodh fiosrúchán Mueller de bharr líomhaintí gur tharla claonpháirtíocht idir feachtas Donald Trump agus an Rúis le linn thoghchán na huachtaránachta in 2016. D’eisigh Mueller 2,800 gairm fianaise agus 500 barántas cuardaigh. Cuireadh agallamh ar os cionn 500 finné.

Tá 34 duine, ina measc pearsana sinsearacha i bhfeachtas Trump agus spiairí de chuid na Rúise, ciontaithe mar thoradh ar fhiosrúchán Mueller.

De réir an eolais atá againn ag an bpointe seo agus an litir a chuir an tArd-Aighne Robert Barr faoi bhráid Theach na Comhdhála, deir Robert Mueller nach bhfuil aon fhianaise ann gur tharla an chlaonpháirtíocht a bhí curtha i leith fheachtas Trump.

Níl an litir chomh soiléir céanna faoin dara gné den fhiosrúchán a bhí ar bun aige – go bhféadfaí a chur i leith an Uachtaráin, a theaghlaigh agus a fheachtais gur chuir siad riar na córa as a riocht. Deirtear, de réir an méid atá i litir Barr, nach bhfuil fianaise sách láidir ann le cúiseanna a thabhairt in aghaidh aon duine maidir leis an ábhar seo, ach nach shin le rá nár tharla sé.

Go deimhin, is éard atá déanta ag Mueller, de réir an eolais atá againn go dtí seo, ná an fhianaise ar son agus in aghaidh na líomhaintí sin a leagan amach ina thuarascáil. Ní thugann sé aon bhreithiúnas ar an bhfianaise. Deir sé nach bhfuil an tUachtarán saor ó locht ach an oiread. Ní dóigh gur mheas Mueller go mba leis-sean breithiúnas faoi choiriúlacht a dhéanamh faoin Uachtarán. Sin gnás i gcóras dlí na Stát Aontaithe le fada an lá – ní chuirtear an dlí ar an Uachtarán reatha.

Tá Trump caithréimeach agus ríméadach. Tá a ainm glanta go hiomlán, dar leis. Níl an scéal chomh simplí sin. Anois a thiocfaidh an pholaitíocht i gceist, i ndáiríre. Tá an méid atá ar eolas againn faoin tuarascáil bunaithe ar achoimre atá faighte againn ón bhfear a cheap an tUachtarán, an tArd-Aighne Robert Barr.

Tá na Daonlathaigh ag iarraidh an tuarascáil ar fad a fheiceáil. Teastaíonn uathu an t-eolas ar fad a chuardach. Tá fonn orthu leanúint leis an bhfiosrúchán ag coistí comhdhála. Ach caithfidh siad a bheith cúramach. Tá muid ag teannadh le tréimhse thábhachtach i bpolaitíocht na Stát Aontaithe agus an feachtas don Teach Bán in 2020 ag bailiú nirt.

Ní dhéanfaidh torthaí na tuarascála seo aon dochar do Trump i measc a lucht leanúna dílis – ní dhéanfadh ná dá bhfógrófaí gurb é an diabhal ba mheasa dá bhfuil beo agus marbh. Is iad is tábhachtaí ó thaobh na polaitíochta ná na milliúin atá ag coinneáil leathshúil ar an scéal seo agus a deir anois – cén fáth an ruaille buaille faoi Mueller? Is iadsan a bheidh le mealladh agus má dhéantar an iomarca den scéal seo d’fhéadfadh gur mó dochar ná leas a dhéanfaí.

Fág freagra ar 'Cén fáth an ruaille buaille faoi Mueller?'