Cé aige nó aici san DUP a mbeadh an t-údarás acu seasamh le margadh?

Ní foláir nó tá an cheist sin ag déanamh tinnis do chomh-urraí Chomhaontú Aoine an Chéasta, rialtais na hÉireann agus na Breataine agus iad ag tathant ar an DUP agus Sinn Féin tabhairt faoi chainteanna arís

Cé aige nó aici san DUP a mbeadh an t-údarás acu seasamh le margadh?

Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Cé aige a bhfuil an t-údarás chun margadh a dhéanamh maidir le Stormont thar ceann an DUP agus an margadh sin a chur i gcrích? I bhfianaise na praisí is deireanaí ní foláir nó tá an cheist sin ag déanamh tinnis do chomh-urraí Chomhaontú Aoine an Chéasta, rialtais na hÉireann agus na Breataine.

Dá gcuirfí cainteanna idir an dá pháirtí ar siúl arís tar éis tréimhse shuaimhnithe an bhféadfaí talamh slán a dhéanamh de go mbeadh idirbheartaithe an DUP in ann cur lena ngealltanas? D’ainneoin a bhfuil séanta acu go poiblí tá foinsí san DUP ag rá ar chúla téarmaí gur theip ar réiteach mar gur cuireadh ceangal na gcúig gcaol ar Arlene Foster agus a foireann idirbheartaíochta an mhaidin Luain ar tháinig Príomh-Aire na Breataine agus an Taoiseach go Stormont.

Tá an DUP fós ag séanadh go raibh réiteach chóir a bheith déanta le Sinn Féin ach tá sé fánach acu. Glactar leis gur leagan inmhuiníne den scéal mar a bhí an dréachtcháipéis 13 leathanach a d’fhoilsigh an t-iriseoir Eamonn Mallie ar a shuíomh idirlín. Níl na haguisíní – dréachtreachtaíocht d’acht Gaeilge ina measc – feicthe ag an bpobal agus is eol go raibh mionleasuithe fós le déanamh ar an téacs chun go bhféadfadh an dá pháirtí an craiceann a d’fheil dóibh féin a chur air.

Chuir an t-imreas a bhris amach san DUP stop le cibé bogadh chun solúbthachta a bhí ann. Maítear gur cúpla duine de na feisirí Parlaiminte ba ghlóraí agus ba naimhdí. Ar ndóigh, bhí brú ar an gceannaireacht freisin ó bhaill agus ó vótóirí a bhí ar buile de bharr ráflaí faoi acht Gaeilge uilechumhachtach.

Cén bhail atá ar cheannaireacht Arlene Foster mar sin? Maítear nach mian le héinne de na hionadaithe a dúshlán a thabhairt. Ach admhaíonn a mbunáite go bhfuil sí lagaithe. Feileann sé do lucht cáinte na n-idirbheartaithe srian a bheith acu ar an gceannaire.

Cur chuige neamhstraitéiseach is léir mar ní mhairfidh a “ról tábhachtach” mar thaca na dTóraithe i bhfad. Ní raibh an Státrúnaí Karen Bradley ná an Príomh-Aire May ag sodar chun géilleadh dá n-éileamh faoi riail dhíreach. Tá fadhbanna cothaithe acu do rialtas na Breataine lena neamhghéilliúlacht i Stormont; ní mó ná sásta atá na Caomhaigh leis sin tráth a bhfuil a n-aird ar an mBreatimeacht.

Murar leor na deacrachtaí sin d’Arlene Foster, rinne duine de mhór-réalta an DUP satailt uirthi is í in ísle brí. In agallamh ar Raidió Feabhail an BBC, thug an Bhanbharún Eileen Paisley léasadh teanga d’Arlene Foster mar nár ghlac sí freagracht as an bpraiseach a rinneadh den RHI, an scéim fuinnimh inathnuaite. 

Seans go raibh a deasca á bhaint amach ag baintreach an bhunaitheora faoin gcaoi ar ruaigeadh an tUrramach Paisley as an gCéad-Aireacht agus ceannaireacht an pháirtí, ach cháin sí Foster as a diúltú seasamh i leataobh anuraidh. ‘Nuair a dhéantar botún i roinn faoi do stiúir, is ortsa atá an fhreagracht agus ní mór seasamh i leataobh go gcuirfear cúrsaí ina gceart,’ a dúirt sí.

Cé gur mheas sí nach raibh gá le hAcht Gaeilge ná Acht Ultaise mhaígh sí nach mbeadh Stormont sa tsáinn reatha dá leanfadh an DUP agus Sinn Féin sampla Paisley agus McGuinness. Bhí sé thar am ag an dá pháirtí éirí as an tseafóid agus tosú as an nua, a dúirt Eileen Paisley.

Cé chomh héasca is a bheidh sé tosú arís, áfach? ’Sé tuairim na coitiantachta gur chruthaigh an DUP níos fearr ná Sinn Féin san idirbheartaíocht. Níor ghéill siad acht Gaeilge agus fuair siad barántais faoi inmharthanacht Stormont. ‘Lag agus easnamhach’ an breithiúnas ar an dréachtmhargadh faoi acht Gaeilge. Teip a bhí ann chomh maith ar dhaoine aeracha ar gheall Sinn Féin dóibh nach bhfillfidís ar Stormont gan margadh faoi phósadh comhghnéis. Tá íobartaigh míshásta gur fágadh ar an bhfaraor géar iadsan, mar is gnách.

Níl baill Shinn Féin á gcáineadh go hoscailte, ach maíonn cuid dá lucht tacaíochta gur mór idir ‘gan filleadh ar an status quo  agus an dréachtmhargadh seo. Gach seans go mbeidh brú orthu an margadh a fheabhsú an chéad bhabhta eile. Anuas air sin, tá ceisteanna ag Sinn Féin faoi údarás na ndaoine a mbeidís ag margáil leo. ‘Cé a bheadh in ann margadh a chur i gcrích?’ a d’fhiafraigh Conor Murphy, Sinn Féin.

Tá na héilimh ar chruinniú de chomhdháil idir-rialtasach na Breataine agus na hÉireann ag bailiú nirt. Liosta le háireamh iad na ceisteanna i dtaca le Stormont a chaithfear a fhuascailt. Tá ceann breise san áireamh anois, cé aige nó aici san DUP a bheidh an t-údarás seasamh le réiteach? Chaithfeadh sé go bhfuil an cheist sin ag déanamh tinnis don dá rialtas. Cén freagra a bheidh acu?

Fág freagra ar 'Cé aige nó aici san DUP a mbeadh an t-údarás acu seasamh le margadh?'