‘Ceisteanna tromchúiseacha bunreachta’ ardaithe ag sáinn na Cúirte Uachtaraí

Cé gur mhol an Príomh-Bhreitheamh dó éirí as a phost mar bhreitheamh sa Chúirt Uachtarach, chuir Séamus Woulfe in iúl dó nach n-éireodh sé as

‘Ceisteanna tromchúiseacha bunreachta’ ardaithe ag sáinn na Cúirte Uachtaraí

Príomh-Bhreitheamh Frank Clarke agus Seamus Woulfe. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Deirtear i ráiteas ón Rialtas go bhfuil “ceisteanna tromchúiseacha bunreachta” ardaithe ag an aighneas idir an Príomh-Bhreitheamh Frank Clarke agus Séamus Woulfe atá ina bhreitheamh sa Chúirt Uachtarach.

Deirtear i ráiteas atá eisithe ag an Rialtas go ndéanfaidh siad “tuilleadh machnaimh” ar an gcomhfhreagras idir an Príomh-Bhreitheamh agus an Breitheamh Woulfe. Léiríonn an comhfhreagras sin nach raibh an bheirt bhreithiúna ar aon intinn faoi Woulfe a bheith i láthair ag dinnéar gailf an Oireachtais sa gClochán agus srianta i bhfeidhm sa tír.

I ráiteas an Rialtais, deirtear:

“Mhínigh an tArd-Aighne na ceisteanna bunreachta tábhachtacha atá ardaithe ag an gcás seo agus na dualgais éagsúla atá ar gach foras de chuid an stáit de réir mar atá sin leagtha síos sa mbunreacht, agus go háirithe ról na mbreithiúna agus ról an Oireachtais.

“Is maith a thuigeann baill an Rialtais, ar baill den Oireachtas iad chomh maith, a thromchúisí agus a chigiltí atá na ceisteanna seo agus a riachtanaí atá sé go gcinnteofaí go mbeadh gach duine lena mbaineann an cás dílis don chreat bunreachtúil. Faoina réir sin níor chóir aon ráiteas poiblí míchuí a dhéanamh.

“Tá cinneadh déanta ag an Rialtas go ndéanfar tuilleadh machnaimh ar na ceisteanna sin.”

Tá géarchéim nach bhfacthas a leithéid cheana sa gCúirt Uachtarach toisc gur dhiúltaigh an Breitheamh Séamus Woulfe éirí as a phost sa gcúirt sin cé gur mhol an Príomh-Bhreitheamh gur chóir dó sin a dhéanamh de bharr an chaoi ar dhéileáil sé leis an gconspóid a lean dinnéar gailf an Oireachtais ag a raibh sé i láthair.

Chuir Woulfe in iúl don Phríomh-Bhreitheamh Frank Clarke nach n-éireodh sé a phost. Bhí an Breitheamh Séamus Woulfe i measc 80 duine a bhí ag dinnéar in óstán Theach an Stáisiúin sa gClochán, lá i ndiaidh don Rialtas srianta Covid-19 a chur ar chruinnithe.

Fág freagra ar '‘Ceisteanna tromchúiseacha bunreachta’ ardaithe ag sáinn na Cúirte Uachtaraí'