Ceisteanna casta na himirce á gcíoradh ar TG4

Sa tsraith Imircigh Ban ar TG4 labhraíonn na mná faoi na ceisteanna sin agus ceisteanna eile nach iad, insíonn siad a gcuid scéalta féin go hoscailte agus go macánta

Imircigh_Ban

Leaving home in a sense involves a kind of second birth in which we give birth to ourselves.

Robert Neelly Bellah

Díol suntais is ea an tsraith Imircigh Ban atá á léiriú ar TG4 le seachtainí beaga anuas (Scannán Dobharchú). Sraith de cheithre chlár faisnéise a thugann léargas uathúil ar thaithí saoil na mban a chuaigh ar imirce go dtí an Bhreatain idir na blianta 1950 agus 1980 atá faoi chaibidil inti. Cé nach mbíonn muidne, na Gaeil, taobh thiar den chlaí nuair a bhíonn caint agus comhrá i gceist i leith ár bhféiniúlacht shainiúil féin – más fíor. Tá druma na nGael-Mheiriceánach á bhualadh go láidir cheana féin agus uachtaránacht nua SAM ar na bacáin, mar shampla. Ach is beag aird a tugadh ar thaithí na nGael a chuir fúthu sa Bhreatain.

Ba as iarthar na hÉireann agus na ceantair mháguaird formhór na mban a labhraíonn sa tsraith seo agus gnás na himirce fréamhaithe ina muintir, ón uair a rugadh iad. Ó fheirmeacha beaga bochta i gceantair imeallacha na hÉireann a shíolraigh na mná seo; ní raibh de rogha acu ach slán a fhágáil lena gceantar dúchais.

Tugann mná na sraithe na roghanna a bhí acu ó thaobh oibre de thall agus na deacrachtaí a bhí acu lóistín a fháil.  Bhí ar na himircigh dul i ngleic le cuid mhór deacrachtaí, dar ndóigh, an ciníochas i leith na nGael agus mar a chuir na Trioblóidí leis seo go minic. Pléitear ról tábhachtach na hEaglaise i saol na n-imirceach freisin, idir shagairt áirithe a bhí ródhúnárasach uaireanta agus séiplínigh a rinne obair na gcapall ó thaobh cúinsí sóisialta na n-imirceach de, ag cabhrú le mná agus le lánúineacha óga a bhí ag lorg tithíochta agus eile.   

Chuir IMRAM na Pogues inár láthair i mbliana, traschruthaithe ag Liam
Ó Muirthile agus Gabriel Rosenstock agus is an-léiriú iad na liricí ag Shane MacGowan ar an mbriseadh croí agus anama a bhain le glúin na himirce. Go deimhin, tá glúin nua anois ann nach dtuigfeadh liricí na Pogues. Chonaiceamar an briseadh croí céanna le déanaí tar eis do na baincéirí agus na polaiteoirí an tír a dhíol leis an diabhal.

Agus cónaí orm féin i Sasana, is cuimhin liom an imní a bhíodh ar an dara glúin Ghael-Shasanach agus iad ar tí filleadh ar Éirinn don chuairt riachtanach samhraidh. An nglacfaí leo sa bhaile? Cá raibh siad ‘sa bhaile’ i ndáiríre? Arbh Éireannaigh iad nó ar Shasanaigh iad i ndáiríre? Ceann de na nithe is suntasaí a dtugtar spléachadh orthu sa tsraith seo ná cé chomh casta agus atá ceist na himirce mar a bhaineann sí le gach uile dhuine agus le gach clann agus mar a théann sí i bhfeidhm orthu.

In Imircigh Ban labhraíonn na mná faoi na ceisteanna sin agus ceisteanna eile nach iad, insíonn siad a gcuid scéalta féin go hoscailte agus go macánta. Is iad guthanna na mban an ghné is cumhachtaí sa tsraith seo.

Fág freagra ar 'Ceisteanna casta na himirce á gcíoradh ar TG4'