Céim chun cinn agus céim ar gcúl: tús ré an rialtais nua

Bíodh gur dea-scéal an aip Covid-19 nua, tá liosta fada fadhbanna le réiteach ag Stephen Donnelly 

Céim chun cinn agus céim ar gcúl: tús ré an rialtais nua

Ba léir sásamh as cuimse an Aire Sláinte agus aip nua Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte á seoladh aige Dé Máirt.

“Dea-scéala amach is amach” a thug Stephen Donnelly ar sheoladh an ghléis a chuideoidh le roinnt daoine a chur ar an eolas go raibh an víreas corónach tolgtha ag duine ar chaith siad 15 nóiméad ar a laghad ina theannta.

Bhí an aip íoslódáilte ag breis agus 800,000 duine laistigh de 24 uair an chloig.

Is breá le hairí i ngach rialtas dea-scéala, go háirithe má bhíonn dúshláin agus deacrachtaí móra ag brú isteach orthu, agus gan aon chinnteacht ann go mbeidh sé ar a gcumas iad a shárú.

Dá fheabhas é an gléas nua áfach ní cóir róbhéim a chur ar a éifeacht sa choimhlint in aghaidh Covid-19. Ní foláir cuimhneamh ar dheacrachtaí eile a bheas ar chlár oibre Stephen Donnelly. 

Ní liosta gairid atá ann, go háirithe má chuirtear sa mheá an cur i gcéill agus an droch-chomhlíonadh a bhaineann le cuid de na beartais seo a leanas: 

  • Tástáil do Covid-19 go pras, laistigh de 24 uair ar a mhéid.
  • Rianú teagmhálaithe, laistigh de 24 uair an chloig ar a mhéid.
  • Srianta ar thaisteal thar lear.
  • Féin-aonrú daoine atá tar éis tuirlingt in Éirinn.
  • Deimhniú ar fhéin-aonrú.
  • Scaradh sóisialta, go háirithe i measc daoine óga.
  • Riail na mbéilí 9 i dtithe tábhairne áirithe.
  • Athoscailt iomlán na dtithe tábhairne.
  • Neamhchaitheamh clúdach aghaidhe/mascanna.
  • Lagchur i bhfeidhm rialacha i gcoitinne.
  • Lagfheachtas faisnéise an rialtais.

Tá rialacha nua á ndréachtú ag an rialtas faoi láthair chun iallach dáiríre a chur ar phaisinéirí clúdaigh aghaidhe a chaitheamh ar bhusanna, ar thraenacha agus ar thramanna. Más maith is mithid – ba chóir go mbeadh an obair déanta agus na rialacha eisithe roimhe seo.

Thairis sin, is léir ón liosta thuas an diansaothar atá ar chlár oibre Stephen Donnelly agus an rialtais sna seachtainí atá romhainn. Níl aon amhras ar airí ach go bhfuil “an dara tonn” den víreas rompu.

Ceaptar gur dóigh gur ráigeanna áitiúla a fheicfear idir seo agus an fómhar, ach gur mó an chontúirt agus an brú a chuirfear ar an tseirbhís sláinte má thagann na ráigeanna níos deireanaí agus iad i dteannta fhliú an gheimhridh.

Níl toil an phobail luaite sa liosta thuas, ach beidh cuid mhór d’éifeacht chur chuige an rialtais ag brath ar chur chuige an phobail. Bhí ábhar soiléir imní sa chur síos a rinneadh Dé Máirt ar rianú na ngartheagmhálaithe a nglaoitear orthu tar éis do dhuine a casadh orthu an víreas a tholgadh.

Cé gur tairgeadh tástáil do na daoine go léir ar glaodh orthu, níor bhac 35% acu le tástáil. Ba dheacair teacht ar fhianaise níos soiléire nach mbreathnaíonn go leor daoine ar Chovid-19 mar chontúirt mharfach ainneoin gach ar tharla agus gach duine a d’éag le ceithre mhí anuas.

Idir an dá linn, chuir Mary Lou McDonald agus Micheál Martin an gnáthchaidreamh idir Sinn Féin agus Fianna Fáil ar ais in ghnáthriocht Dé Céadaoin.

Bhí an bheirt réasúnta lách lena chéile Dé Máirt, ach d’fhill siad ar an tseanghangaid an lá dár gcionn.

Chuir ceannaire Shinn Féin i leith an Taoisigh gur mhol sé, nuair a dúnadh siopa Clerys i mBaile Átha Cliath cúig bliana ó shin, go leasófaí an dlí chun oibrithe a chosaint ach nach ndearna sé tada ó shin. Bhí na hoibrithe i siopaí Debenhams, atá á leachtú faoi láthair i gcruachás, a dúirt sí, mar gheall ar easpa gnímh an Taoisigh.

Dúirt Micheál Martin léi go raibh a ndúirt sí mímhacánta mar is gnáth.

Ní raibh sé i mbun rialtais le cúig bliana agus bhí bréaga á n-insint arís eile ag Mary Lou.

Tá ceannaire nua suite i gcathaoir an Taoisigh sa Dáil agus ceannaire nua i gcathaoir cheannaire an fhreasúra. Níl aon athrú áfach ar an gcaidreamh atá eatarthu.

Fág freagra ar 'Céim chun cinn agus céim ar gcúl: tús ré an rialtais nua'