Céim bheag ar mhaithe le tacú le híobartaigh cuid den nimh a bhaint as an stair

Tá daoine ó dhá thaobh na deighilte abhus ag fanacht i bhfad rófhada le breacfhiosrú nó an scrúdú bearnach féin a fháil faoi mharú a muintire

Céim bheag ar mhaithe le tacú le híobartaigh cuid den nimh a bhaint as an stair

‘Tá mé sásta go bhfuil maoiniú á chur ar fáil anois don phlean a d’fhógair mé trí bliana agus an t-am seo chun ionchoisní stairiúla a éisteacht,’ arsa Tiarna Príomh-Bhreitheamh Thuaisceart Éireann, Declan Morgan. Níor dhúirt sé ‘más mall is mithid’ glan amach ach ba é sin éirim an ráitis a d’eisigh sé ag fáiltiú roimh chinneadh na státseirbhíse i Roinn Cirt Stormont Déardaoin.

Tá daoine ó dhá thaobh na deighilte abhus ag fanacht i bhfad rófhada le breacfhiosrú nó an scrúdú bearnach féin a fháil faoi mharú a muintire. Níor fiosraíodh roinnt cásanna le linn na dTrioblóidí agus ní raibh toradh ar fhiosruithe eile. Thairis sin is iomaí marú nach raibh fiú coiste cróinéara ann ina thaobh, faillí dhomhaite é.

Trí bliana ó shin chuir an Céad-Aire, Arlene Foster, ceannaire an DUP, bac ar mhaoiniú do na hionchoisní. Ní raibh sí toilteanach an glas a scaoileadh go dtí go mbeadh córas ann chun déileáil le hoidhreacht na dtrioblóidí ina hiomláine, í ag líomhnú go raibh béim rómhór ar eachtraí a bhain le fórsaí an stáit murab ionann agus an IRA. Anuraidh rialaigh an Ard-Chúirt go raibh cinneadh Foster lochtach agus mídhleathach.

Tá ionchoisní stairiúla i mbéal an phobail anseo agus i Sasana faoi láthair agus crá croí íobartaigh le cloisteáil ag coistí cróinéara i mBéal Feirste agus in Birmingham. Tá éisteachtaí ar siúl i mBéal Feirste ó dheireadh na bliana seo caite faoi mharú deichniúir i sléacht Bhaile Uí Mhurchú i 1971, eachtra a gcuirtear an milleán ar Arm na Breataine aisti. In Birmingham Dé Luain seo caite cuireadh tús leis an ionchoisne faoin sléacht a mharaigh duine is fiche ansin i 1974 nuair a leag an IRA buamaí in dhá theach tábhairne, The Tavern in the Town agus The Mulberry Bush. Níor cúisíodh éinne as na maruithe i mBaile Uí Mhurchú agus gan freagraí ná ceart a fágadh muintir Birmingam freisin nuair a ciontaíodh seisear san éagóir i 1975. Cuireadh ciontú Sheisear Birmingham ar ceal i 1991 agus níor tharla tada eile sa chás go dtí anois.

Tá scrúduithe fós le déanamh ag cróinéirí ar bhás suas le 80 duine eile a maraíodh in 44 eachtra éagsúil ó aimsir na dTrioblóidí. Cé nár tagraíodh go sonrach d’aon mhaoiniú breise d’ionchoisní sa bhuiséad a d’fhógair an Státrúnaí Karen Bradley in Westminster Déardaoin bhí rúnaí na Roinne Cirt i Stormont, Peter May in ann £55 milliún a cheadú don ghnó sin thar thréimhse sé bliana.

D’áirigh sé go dtógfadh sé an t-achar sin agus an t-airgead sin chun an riaráiste ionchoisní a ghlanadh. Ní fhéadfadh teaghlaigh na marbh ná lucht riar na córa glacadh leis an moill a dúirt sé agus beart á dhéanamh aige de réir breithiúnas na hArd-Chúirte nár cheart ionchoisní a cheangal le cur is cúiteamh na bpolaiteoirí faoi bheartais maidir le hoidhreacht na dtrioblóidí.

Ghabh Peter May buíochas leis an bPríomh-Bhreitheamh as a thacaíocht agus as plean a ullmhú chun tabhairt faoin obair íogair seo. Ba léir go raibh an Príomh-Bhreitheamh sásta go bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar an saothar ar deireadh. Dúirt sé go gcuirfear ceann le comhairliúchán agus obair eagair láithreach ionas go mbeifí ábalta a phlean (ó 2016) a chur i bhfeidhm.

Bunófar aonad speisialta taobh istigh den tSeirbhís Cróinéara a bheidh freagrach go sonrach, faoi cheannas an Phríomh-Bhreithimh, as na hionchoisní stairiúla. Meastar go dtógfaidh sé suas le bliain chun an córas a chur ar a bhoinn agus tús a chur le cásanna nua.

I measc na marbh atá ar na liostaí do na hionchoisní seo, tá daoine a d’fhulaing de bharr foréigean an IRA, pharaimíleataigh Dhílseacha agus fhórsaí na Breataine. Mar is léir ó mhuintir Birmingham atá míshásta mar nach mbeidh an Cróinéir ag fiosrú cé a leag na buamaí sa dá thábhairne ansin, ní hionann ionchoisní agus cúiseamh nó triail. Mar sin féin fáiltíonn an-chuid íobartach roimh an gcinneadh seo ag rá gur fearr é ná tada.

Níl gach duine sásta, áfach. Dúirt ionadaí ó ghrúpa íobartach i bhFear Manach, daoine a d’fhulaing faoi lámh an IRA, gur bhotún atá ann idirdhealú a dhéanamh idir íobartaigh. Sin é go bunúsach an leagan amach a bhí ag Arlene Foster. Nocht aontachtaithe eile an dearcadh sin freisin, ag maíomh nár cheart fiosrú poiblí a cheadú faoi dhúnmharú Pat Finucane d’ainneoin chinneadh na Cúirte Uachtaraí i Londain an tseachtain seo gur sháraigh an Ríocht Aontaithe an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine nuair nár fiosraíodh an choir i gceart.

Cruthúnas, dá mba ghá é, gur fada uainn comhaontú nó comhghéilleadh faoi conas a dhul i ngleic le hoidhreacht na dTrioblóidí. Is bocht an teist ar na polaiteoirí é agus ní féidir talamh slán a dhéanamh de nach dtabharfar dúshlán cúirte in aghaidh an chinneadh na hionchoisní a mhaoiniú. Ba thrua é dá ndéanfaí amhlaidh. Céim bheag amháin is ea a bhfaomhadh; ba cheart díriú anois freisin ar na céimeanna eile atá riachtanach chun tacú le híobartaigh agus an nimh, nó cuid di, a bhaint as an stair.

Fág freagra ar 'Céim bheag ar mhaithe le tacú le híobartaigh cuid den nimh a bhaint as an stair'