‘Ceapaim gur iontach an bhean í Greta Thunberg,’ a dúirt an píolóta

AN SAOITHÍN AERÁIDE: tá dearcthaí ó thaobh na haeráide de ag athrú fiú san áit nach mbeifeá ag súil leis, más aon fhianaise comhrá a bhí ag an Saoithín Aeráide le píolóta ón tSualainn

‘Ceapaim gur iontach an bhean í Greta Thunberg,’ a dúirt an píolóta

Casadh píolóta ón tSualainn ar an Saoithín Aeráide ag an deireadh seachtaine (is fánach an áit a bhfaighfeá píolóta ón tSualainn).

Ar eitiltí intíre agus ar eitiltí san Eoraip is mó a oibríonn sé – go díreach an cineál turais nach bhfuil á gcur díobh ar eitleán ag mórchuid daoine sa tSualainn a thuilleadh toisc go bhfuil flyskam, nó náire aerthaistil, orthu.

Fear cainteach a bhí sa phíolóta agus ní raibh neart ag an Saoithín Aeráide air féin.

‘Abair liom mar sin, céard é do mheas ar Greta Thunberg?’

‘Ó, ceapaim gur iontach an bhean í!’

Ba bheag nár thit an Saoithín Aeráide i laige. Seo fear a mbeidh a phost i mbaol má théann an ghluaiseacht frith-aerthaistil i dtreis, ach bhí ardmholadh á thabhairt aige don bhean óg is mó a shamhlaítear leis an ngluaiseacht chéanna, bean a thaistil go Nua-Eabhrac ar luamh seoil ar na mallaibh agus a thug feannadh do cheannairí an domhain ag cruinniú mullaigh aeráide speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe an tseachtain seo caite.

‘Ceapaim go bhfuil an ceart ar fad aici,’ a dúirt an píolóta. ‘Beidh orainn gearradh siar ar aerthaisteal agus beidh ar na comhlachtaí a thógann eitleáin cineálacha nua a thógáil a fheidhmeos ar bhreosla inmharthana. Ach ceapaim freisin go bhfuiltear ag díriú an iomarca ar an aerthaisteal nuair atá an dochar céanna á dhéanamh, ó thaobh aschur CO2 de, ag carranna príobháideacha agus ag longa lastais agus paisinéirí, gan trácht ar mhonarchana de gach uile shaghas.’

Lean an píolóta ar aghaidh.

‘Ní féidir eitleáin a bheidh neodrach ó thaobh CO2 de a chur ar fáil amárach toisc nach féidir eitleán nua a fhorbairt thar oíche; idir dhearadh agus thástálacha tógfaidh sé blianta fada ar na comhlachtaí a thógann iad a leithéidí a chur ar fáil. Ach d’fhéadfaí deireadh a chur le haschur CO2 carranna príobháideacha laistigh d’achar cúpla bliain dá mbeadh an toil pholaitiúil ann toisc go bhfuil an réiteach ann cheana, an carr leictreonach.’

Bheadh rud nó dó le rá ag an Saoithín Aeráide faoi charranna leictreonacha (cá as a dtiocfaidh an litiam do na cadhnraí sin ar fad?) ach ar an iomlán thug caint an phíolóta dóchas dó: comhartha a bhí ann go bhfuil athrú ag teacht dáiríre píre ar dhearcthaí ó thaobh na haeráide de, fiú san áit is lú a mbeifeá ag súil lena leithéid, seans – i dtionscal a bhfuil géariomaíocht ann agus atá spleách go hiomlán ar fhás seasta líon na bpaisinéirí.

Ní thiocfadh athrú ar na dearcthaí sin, ar ndóigh, murach Greta agus a macasamhail ar fud an domhain atá sásta an stíl bheatha thruaillitheach a bhfuil taithí againn uirthi a cheistiú agus a thréigean.

Fág freagra ar '‘Ceapaim gur iontach an bhean í Greta Thunberg,’ a dúirt an píolóta'