Ceannairí na mórpháirtithe ag dul chun briatharchatha agus gan oiread na fríde eatarthu

Tá an Taoiseach Simon Harris faoi bhrú mór roimh dhíospóireacht na gceannairí ar RTÉ anocht agus drochbhail ar Fhine Gael sna pobalbhreitheanna is déanaí

Ceannairí na mórpháirtithe ag dul chun briatharchatha agus gan oiread na fríde eatarthu

Rachaidh ceannairí Fhine Gael, Fhianna Fáil agus Shinn Féin i mbun díospóireachta ar an teilifís anocht agus a bpáirtithe gob ar ghob trí lá sara rachaidh daoine chuig na botháin vótála.

Beidh Simon Harris, Micheál Martin agus Mary Lou McDonald go háirithe ag súil le dul i bhfeidhm ar chuid den timpeall 30% de dhaoine a deir le lucht pobalbhreithe nach bhfuil a n-intinn déanta suas acu go fóill cé dó a vótálfaidh siad Dé hAoine nó a deir go bhféadfadh go n-athróidís a n-intinn.

Tá an Taoiseach Simon Harris faoi bhrú mór roimh dhíospóireacht na hoíche anocht ar RTÉ agus drochbhail ar Fhine Gael sna pobalbhreitheanna is déanaí.

De réir phobalbhreith an Irish Times/Ipsos B&A, a foilsíodh inné, tá Fine Gael tite siar sé  phointe céatadáin le níos lú ná coicís. 19% a bhí ag Fine Gael sa phobalbhreith is déanaí agus Fianna Fáil, ar 21%, agus Sinn Féin, ar 20%, imithe chun cinn orthu.

Agus Fine Gael agus Harris in abar go minic le linn an fheachtais go dtí seo, meastar go bhfuil gá ag an Taoiseach le taispeántas láidir díospóireachta anocht chun cúrsaí a shocrú dá pháirtí.

Údar imní d’Fhine Gael gur deineadh an phobalbhreith is déanaí sular scaipeadh go mear ar líne físeán den Taoiseach agus deireadh á chur go tobann agus go cantalach aige le comhrá le bean i gCorcaigh a bhí á cheistiú faoi sheirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas.

Ghabh Harris leithscéal faoin eachtra agus labhair sé ina diaidh le Charlotte Fallon, an bhean a bhíonn ag obair le daoine faoi mhíchumas a cheistigh i gCeann Toirc é.

Agus ardú croí do Shinn Féin sna pobalbhreitheanna is déanaí meastar go n-iarrfaidh Mary Lou McDonald go neamhbhalbh ar lucht féachana dhíospóireacht na hoíche anocht seans a thabhairt di a bheith ina Taoiseach.

Cé go bhfuil go leor den tacaíocht a léirítí do Shinn Féin ar feadh i bhfad sna pobalbhreitheanna caillte acu, fágann an t-ardú dhá phointe céatadáin a fuair siad i bpobalbhreith an Irish Times go bhfuil an céatadán céanna acu is a bhí roimh olltoghchán 2020 nuair a tháinig borradh mór faoina dtacaíocht ag deireadh an fheachtais.

Agus feachtas réasúnta ciúin curtha isteach go dtí seo ag Fianna Fáil, tá béim leagtha ag Micheál Martin ar a thaithí agus beidh fonn air an teachtaireacht sin a chur abhaile ar lucht féachana na díospóireachta anocht.

Pléifear sa díospóireacht anocht an costas maireachtála a ndúirt 31% de dhaoine sa phobalbhreith is déanaí gurb é an cheist is tábhachtaí dóibh. Ar na hábhair eile a phléifear anocht tá cúrsaí tithíochta, sláinte, eacnamaíochta, inimirce agus aeráide.

Déanfaidh ceannairí na bpáirtithe iarracht na geallúintí atá déanta ina bhforógraí toghcháin a chur i láthair an phobail arís, ach beidh sé ar a n-intinn chomh maith acu go bhfuil 68% den phobal den tuairim go bhfuil an iomarca á gheallúint acu.

Beifear ag súil le ceisteanna géara faoina bhailí is atá an costasú atá déanta ag na páirtithe go léir ar a bpleananna.

Beidh iarrthóirí neamhspleácha agus iarrthóirí na bpáirtithe níos lú ag súil le buntáiste dóibh féin má bhaintear tuisle as aon duine de na ceannairí sa díospóireacht anocht.

De réir phobalbhreith an Irish Times, tá laghdú pointe céatadáin tagtha ar thacaíocht an Chomhaontais Ghlais, atá ar 4%, agus tá ardú dhá phointe go dtí 6%  i gceist i gcás na nDaonlathaithe Sóisialta. Tá Pobal seachas Brabús imithe suas pointe go dtí 3% agus Aontú mar a chéile ar 3%.

Laghdú trí phointe céatadáin go dtí 17% a bhí i gceist do na neamhspleáigh, iarrthóirí Independent Ireland san áireamh.

Fág freagra ar 'Ceannairí na mórpháirtithe ag dul chun briatharchatha agus gan oiread na fríde eatarthu'

  • Fear lofa

    PBP abú!