Ceannaire gan Ghàidhlig ag Bord na Gàidhlig

Ceapadh Joe Moore, nach bhfuil Gàidhlig aige, ina Cheannard sealadach ar Bhord na Gàidhlig ag tús na seachtaine seo nuair atá cáineadh mór á dhéanamh ar an eagraíocht

Tá Ceannard (ceannaire) sealadach nua ceaptha ar Bhord na Gàidhlig in Albain agus gan Gàidhlig ar a thoil aige. D’éirigh Iain Campbell as an bpost an mhí seo caite agus gan ach trí mhí curtha isteach aige ann.

Is é Joe Moore a thóg áit Campbell ar an mBord ag tús na seachtaine seo agus in ainneoin gur fógraíodh go raibh riachtanas Gàidhlig leis an bpost níl an teanga ar a thoil aige. Tá Moore ina stiúrthóir ar sheirbhísí corparáide le Dualchas Nàdair na hAlba. Fanfaidh sé sa phost sin a fhad is atá sé ina Cheannard sealadach ar Bhord na Gàidhlig.

Joe Moore, Ceannard Sealadach Bhord na Gáidhlig
Joe Moore, Ceannard Sealadach Bhord na Gáidhlig

Tá an dá eagras lonnaithe san fhoirgneamh céanna agus déanfaidh Moore dhá lá sa tseachtain ag obair leis an mBord.

Dúirt Moore nach gceapann sé gur gá dó an Ghàidhlig a bheith aige don phost mar go bhfuil sé de chúram air cheana Ceannard nua a earcú. Dúirt sé go ndéanfar cinnte de go mbeidh Gàidhlig ag an té sin.

Dúirt urlabhraí an Bhoird go gcuirfear gach rud ina cheart agus go dtabharfaidh an Bord agus an fhoireann tacaíocht do Moore le linn a thréimhse sa phost.
“Cuimhnítear gur post sealadach é seo agus go mbeidh riachtanas Gàidhlig ann don Cheannard nuair a fhógrófar an post lán-aimseartha sna seachtainí amach romhainn,” a dúirt urlabhraí an Bhoird.

Tá an Bord cáinte go láidir ag an Ollamh Donald Meek, a mhol d’Airí Rialtais na hAlban Bord na Gàidhlig a bhunú, agus dúirt sé go raibh géarghá le hathbhreithniú ar obair na heagraíochta.

“Is bocht an scéal é nuair a éiríonn Ceannard as tar éis trí mhí. Is bocht an scéal do na Gaeil é ach cruthaíonn sé drochíomhá de na Gaeil don chuid eile de mhuintir na hAlban freisin.

“Caithfidh an Bord an cuspóir atá aige a mheas. Caithfear athbhreithniú agus iniúchadh a dhéanamh go bhfeicfear an bhfuil an méid atá le déanamh aige á dhéanamh,” a dúirt an tOllamh Meek.
Dúirt sé freisin go bhfuil an Bord “imithe amú” ó cuireadh ar bun é sa bhliain 2003.

Dúirt urlabhraí an Bhoird gur mór an t-athrú atá tagtha ar chúrsaí ón am sin agus nár chríonna an beart é na seanchuspóirí, a leagadh os comhair an Bhoird dhá bhliain déag ó shin, a choinneáil mar a bhí.

“Tá cuspóirí reatha an Bhoird le feiceáil sa Phlean Náisiúnta don Ghàidhlig a bhí mar thoradh ar phróiseas poiblí comhairliúcháin. Tá tús curtha cheana féin ag Bord na Gàidhlig le hathbhreithniú a dhéanamh ar struchtúr na heagraíochta, féachaint an bhfuil sé oiriúnach do na cuspóirí sin,” a dúirt an t-urlabhraí.