Ceachtanna peile na deireadh seachtaine

Caitheann Tuairisc.ie súil ar na ceachtanna is mó atá foghlamtha ó chluichí na deireadh seachtaine

Jack Kennedy le Eoin O'Neill. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Jack Kennedy (Tiobraid Árann) agus Eoin O’Neill. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Neart oibre le déanamh ag Maigh Eo fiú má bhuann siad an athimirt

Gach seans go raibh Kieran Donaghy ag suí sa mbaile i dTrá Lí inné agus meangadh ar a aghaidh ag faire ar chosaint Mhaigh Eo sa chluiche leathcheannais. Den 1-7 a scóráil Baile Átha Cliath sa gcéad leath, tháinig 1-5 ó phasanna móra fada a cuireadh trasna na páirce.

Ba é Paul Flynn a rug ar an gcéad cheann sula ndearnadh feall air don chic éirice agus ba é an leaththosach a bhí ag seoladh na bpasanna isteach ón gcliathán deas den chuid is mó den am. Tháinig pointe Bernard Brogan agus péire an duine ó Paddy Andrews agus Ciarán Kilkenny ó phasanna den chineál sin ó Flynn sa gcéad 35 nóiméad.

Tá cinneadh le déanamh ag bainisteoir Chiarraí, Éamonn Fitzmaurice an bhfuil sé chun Donaghy nó b’fhéidir Paul Geaney a chur chun páirce sa líne lántosach do thús an chluiche ceannais ach má thagann Maigh Eo slán as an athimirt an Satharn seo chugainn, seans go mbeidh an buntáiste ag an gcaptaen. Is breá le Donaghy an cineál sin liathróide ón gcliathán isteach i dtreo imeall na cearnóige agus cuirfidh sé cosantóirí Mhaigh Eo ar a dtriail más iad a bheidh ann.

An bhfuil réiteach ar chruachás na réiteoirí?

Imrítear an cluiche ag luas chomh scioptha sin sa lá atá inniu ann go bhfuil sé thar a bheith deacair do réiteoirí coinneáil leis an imirt, ná bac le súil a choinneáil ar an achrann uile a tharlaíonn i ngan fhios dóibh.

Taispeánadh ar The Sunday Game aréir go raibh Paul Flynn taobh amuigh den chearnóg nuair a rinneadh feall air sa gcluiche leathcheannais. Fuair lucht na hanailíse locht ar Joe McQuillan agus an áit a raibh sé ina sheasamh ach tá an chosúlacht ar an scéal go ndearna siad dearmad go dtéann an imirt ó thaobh amháin den pháirc go dtí an taobh eile sách sciobtha.

Don chic éirice, bhí Diarmuid Connolly, agus McQuillan in aice leis ag an am, i ndiaidh an liathróid a chiceáil 40 slat i dtreo Flynn. Tá sé míréasúnta a cheapadh go mbeadh réiteoir in ann coinneáil leis an imirt sin, nó fios a bheith aige céard atá imreoir ag gabháil a dhéanamh le seilbh na liathróide.

Cheap lucht The Sunday Game gur cheart cabhair anailís físe a thabhairt do réiteoir agus tá ciall leis sin, cé go bhfuil an baol ann go moilleoidh sé cluichí. Réiteach eile ar cheart machnamh a dhéanamh air ná réiteoir breise a thabhairt isteach. Tá sé soiléir go maith faoi seo go bhfuil cabhair éigin ag teastáil uathu agus ní stopfaidh an díospóireacht agus an tabhairt amach go dtí go ndéanfar rud éigin.

Caithfear an riail maidir le hionadaithe sealadacha a dhéanamh níos soiléire

Ní raibh ach trí nóiméad imeartha sa gcluiche inné nuair a d’fhág Rory O’Carroll an imirt de bharr gearradh a fuair sé le linn na himeartha. Fógraíodh go raibh Michael Fitzsimmons ag teacht isteach ina áit mar ‘ionadaí sealadach’. Nuair a shéid Joe McQuillan an fheadóg dheireanach, bhí Fitzsimmons fós ar an bpáirc gan tásc ná tuairisc ar O’Carroll.

Toisc gur áiríodh Fitzsimmons mar ionadaí sealadach, bhí cead ag Jim Gavin seisiúr ionadaithe eile a thabhairt isteach. An duine deireanach díobh sin ná Eric Lowndes, a tháinig isteach in áit Denis Bastick nuair a taispeánadh cárta dubh dó. Dá mbeadh Fitzsimmons áirithe mar ghnáthionadaí ag an am sin, ní bheadh Baile Átha Cliath in ann aon duine a thabhairt isteach in áit Bastick agus bheadh orthu an seacht nó ocht nóiméad sin a imirt le 14 fear.

Tá réiteach éasca ar an bhfadhb seo – mura bhfuil imreoir tagtha ar ais ó ghortú fola taobh istigh de 30 nóiméad, ba cheart go gcaithfí ionadaí ‘ceart’ a chur isteach ina áit.

Éacht déanta ag mionúir Thiobraid Árann ach dúshlán mór fós rompu

Ceithre huaire le 25 bliain anuas a shroich foirne mionúr ón gcontae céanna cluichí ceannais na hÉireann sa bpeil agus san iomáint agus gach aon uair díobh sin, níor éirigh leo an péire a bhuachan. Níl an beart sin déanta ach ag dhá chontae agus, mar a tharlaíonn sé, tá Tiobraid Árann ar cheann acu.

I 1934, bhuaigh na Tiobradaigh na craobhacha mionúr peile agus iomána sa mbliain chéanna. Corcaigh an t-aon chontae uile a bhfuil an gaisce seo déanta acu faoi thrí (1967, 1969 agus 1974).

Tá naonúr ag Tiobraid Árann ar an dá phainéal; Jack Skehan, Tommy Lowry, Emmett Moloney, Tommy Nolan, Alan Tynan, Ross Peters, Brian McGrath, Michael Connors agus Stephen Quirke.

Gan ach seachtain acu le díriú ar chluiche ceannais na hiomána, ní bheidh aon am acu faoiseamh a fháil. Fiú nuair a bheidh sé sin thart, beidh orthu aghaidh a thabhairt ar fhoireann Chiarraí sa gcluiche ceannais, foireann a fuair an ceann is fearr orthu le sé phointe i gcluiche ceannais na Mumhan.

Fág freagra ar 'Ceachtanna peile na deireadh seachtaine'