Ceacht ó Ghaelscoil bheag tuaithe don phaindéim dhomhanda

Cuimhním go minic le naoi mí anuas ar Liam Ó Néill agus Gaelscoil Thromaire i gcontae Laoise

Ceacht ó Ghaelscoil bheag tuaithe don phaindéim dhomhanda

Bhí mé in mo shuí uair amháin taobh le hUachtarán Chumann Lúthchleas Gael.

Ócáid cheiliúrtha a bhí ann – an clár teilifíse Réaltaí Spóirt na Bliana nó a leithéid, a bhí á thaifeadadh in RTÉ.

Thosaíomar ag caint – ach ní faoin GAA a labhair muid. Príomhoide scoile a bhí in Liam Ó Néill agus scoil bheag tuaithe faoina chúram – Gaelscoil Thromaire i gcontae Laoise. Anois ó chuimhním i gceart air – ceapaim gurb é an fáth ar thosaigh muid ag caint ar an scoil ná gur chuir seisean i gcuimhne domsa go ndearna mé clár teilifíse ina scoil am éigin sna hochtóidí.

Ach cuimhním ar Liam Ó Néill go minic le naoi mí anuas mar gheall ar rud a dúirt sé liom an oíche sin. Ní raibh aon chaint ar phaindéim ná ar víreas de chineál ar bith ag an am.

Ach d’inis sé dom, agus d’fhan sé i mo chuimhne, gur chuir sé féin an ruaig ar an slaghdán, an fliú agus gach aon víreas dá leithéid as a scoil.

‘Agus cén chaoi a ndearna tú é sin?’ a d’fhiafraigh mise de. Dúirt sé liom gur chuir sé riail dhaingean i bhfeidhm sa scoil – go gcaithfeadh dalta ar bith a rinne casacht nó sraothartach, nó a chuir lámh nó méar in aice lena shrón, a lámha a ní ar an bpointe.

Dúirt sé liom nach ndearna sé aon eisceacht ná nár ghlac sé le haon leithscéal – má leag tú méar ar do shrón, b’éigean duit do lámha a ní.

Agus mhaígh sé gur chuir sé deireadh le slaghdáin agus a leithéid i measc na ndaltaí.

Chuimhnigh mé air nuair a chuala mé go bhfuil laghdú suntasach tugtha faoi deara le tamall i líon na ndaltaí scoile atá buailte le tinneas ar nós an ghnáthshlaghdáin.

Meastar gur de bharr na gcéimeanna atá tógtha ag na scoileanna – caitheamh mascanna, ní na lámh, scaradh sóisialta agus a leithéidí, atá an dul chun cinn seo le sonrú.

Nach léiríonn sé seo rud éigin dúinn?

Is cuimhin liom féin nuair a thosaigh daoine ag tabhairt amach faoin ‘gcroitheadh lámh’ le linn an Aifrinn. Bhíodar ag clamhsán toisc gur mheas siad go raibh an nós sin ‘míshláintiúil’.

Cheap mé ag an am go raibh siad ag dul thar fóir lena gcuid cáiréise. Nach raibh daoine ag croitheadh lámh leis na cianta? Cén fáth a mbeadh sé ina chúis ghearáin ó thaobh na sláinte i dTeach an Phobail?

Ach is léir anois go raibh an ceart ar fad acu. Is fada go dtiocfaidh nós mar sin ar ais, measaim féin. Níl aon chinnteacht ann faoi stádas na lámh a bheas taobh leat níos mó.

Cúis eile ar tháinig Liam Ó Néill ar ais i mo chuimhne ná gur thosaigh mé ag smaoineamh ar Joe Biden bocht agus an obair mhór atá roimhe anois agus an víreas a chur faoi smacht sna Stáit Aontaithe. Is beag nach bhfuil pobal Mheiriceá imithe i gcleachtadh anois ar na figiúirí uafásacha a bhaineann leis an COVID-19 sna Stáit.

Agus má tá siad imithe i gcleachtadh ar an uafás, an mbeidh fáilte ar bith acu roimh rialacha nua daingne a thabharfas an tUachtarán agus a rialtas nua isteach san athbhliain?

Má dhéanann Biden iarracht a chur ina luí ar an bpobal iomlán go gcaithfidh siad mascanna a chaitheamh agus a lámha a choinneáil glan agus gan a bheith ag cruinniú gar dá chéile, nach gcuirfidh an pobal ina choinne sin go mór?

Faoi láthair tá srianta i gcuid de na Stáit, ach níl aon srianta móra dochta i bhfeidhm trasna na tíre ar fad. Ní chloisim go bhfuil na heitleáin folamh, ná go bhfuil na hóstáin druidte ar fud na tíre.

Agus tá mé ag teacht ar an tuairim go gceapann daoine gur galar é seo nach mbaineann leo – gur rud é atá ‘ar dhaoine eile.’

Tá fianaise láidir ann sa mBreatain agus sna Stáit Aontaithe gurb iad an dream a bhaineann leis an gcuid sin den daonra atá dubh, ón Áise agus ó mhionlaigh eile, is measa atá buailte ag an víreas.

Tá go leor staidéir déanta air seo agus is léir anois nach mbaineann sé le stádas ‘eitneach’ an duine ach go mb’fhéidir go bhfuil cúinsí eile ag dul i gcion air. Rudaí ar nós bochtanas, an áit a mbíonn an duine ag obair, sláinte an duine sular tholg siad an víreas agus mar sin de.

Mar shampla, sa mBreatain, thuairisc an British Medical Association gur de bhunadh ‘BAME’ (Dubh, Áiseach agus mionlaigh eile) a bhí 92% de na dochtúirí a fuair bás leis an COVID-19 níos túisce an samhradh seo.

Má chuirtear gach duine a bhí ag obair sna seirbhísí sláinte san áireamh, bhain 63% de na daoine a fuair bás leis an dream a nglaoitear ‘BAME’ orthu. Táthar fós ag déanamh staidéir ar an ráta ard báis ina measc.

Agus céard faoin líon mhór oibrithe eile atá ar phá íseal? Na daoine a oibríonn i dtionscal na tógála, i gcúrsaí bia, sna siopaí, sna hospidéil, ag glanadh sráideanna agus ag glanadh suas i ndiaidh gach éinne eile – níl aon amhras ach go bhfuil an dream sin buailte go dona ag an víreas. Chonaic muid féin céard a tharla sna monarchana feola anseo.

I Meiriceá, tá deiseanna ag daoine saibhre nach mbeidh ag an dream bocht go deo. Beidh an dream saibhir in ann oibriú ón mbaile, mar shampla. Beidh siad in ann bogadh amach as na cathracha, más mian leo agus tithe deasa a fháil amuigh faoin tuath, cois farraige, b’fhéidir in áiteacha atá níos folláine agus nasc idirlín den scoth acu.

Tá go leor cainte faoin ‘oibriú ón mbaile’ – ach tá sé ráite i Meiriceá nach bhfuil an rogha sin ag 90% de na daoine atá ar phá íseal. Is iadsan is mó a úsáideann an córas poiblí taistil agus a chónaíonn i dtithíocht ina mbíonn na sluaite sa mhullach ar a chéile.

Nuair a dhéanfas Joe iarracht srianta a chur i bhfeidhm ar an bpobal iomlán – chun cosaint a thabhairt do chuile dhuine, na daoine bochta san áireamh, cé chomh mór agus a fháilteofar roimh na rialacha sin?

Bhí Liam Ó Néill in ann rialacha a chur i bhfeidhm i scoil bheag tuaithe.

Gheobhaidh Joe amach go gairid go raibh níos mó údaráis ag príomhoide scoile tuaithe ná mar atá aige féin, is baolach.

Fág freagra ar 'Ceacht ó Ghaelscoil bheag tuaithe don phaindéim dhomhanda'

  • Maire Blundell

    Àontàim leat a Mhairead, tà roinnt fadhbanna sa Stàit Aontaithe, maidir leis na daoine saibhir agus na bochtanna
    Is mac leinn abi (gaeilge agus iriseoireacht)mè, an feidir leat agallamh a dheanamh dom? mar tà tasc agam, mar agallamh a dheanamh.