Cé mhéad lúthchleasaí as Conamara a bhféadfá a rá ina dtaobh go raibh cáil idirnáisiúnta orthu?

Aithníonn colúnaí colúnaí eile agus comhrá idir beirt acu a spreag píosa beag taighde faoi lúthchleasaithe Chonamara

Cé mhéad lúthchleasaí as Conamara  a bhféadfá a rá ina dtaobh go raibh cáil idirnáisiúnta orthu?

Cuimín Clancy, Niamh Fahey, Seán Ó Mainnín, Éadaoin Ní Challaráin agus Pádraig Mac Donnchadha.

Mo sheanchara Seosamh Ó Cuaig a chuir síol cholún na seachtaine seo i dtalamh. Mar a thuigeann sibhse a bhfuil aithne agaibh air agus a léann na píosaí dea-scríofa a thagann óna pheann ar na leathanaigh seo, tá a shaol agus cuid mhaith dá shaothar caite ag Seosamh ag seasamh an fhóid do Chonamara agus suim ar leith freisin aige i stair, i seanchas agus i dtraidisiúin a mhuintire.

Os cionn dhá scór bliain ó shin agus muid ag obair in éineacht a chuir sé ar an eolas mé den chéad uair faoi phobal beag as an taobh sin tíre a cuireadh ar imirce chuig féarthailte Minnesota sa mbliain 1880, tráth a raibh a ndúiche féin foirgthe ag an nGorta Beag.

Bhí na déaga de dhaoine i gcuid de na teaghlaigh, páistí cosnochta ar chuid acu agus gan é ráite leo nuair a thiocfadh an geimhreadh thall gur beag a bheadh idir an teocht ann agus mar a bheadh ar an Mol Thuaidh.

Níl aon chall a rá go mba thuilleadh den chruatan a bhí i ndán dóibh agus gan ach leathchríochnú ar na botháin a bhí réitithe rompu agus an fómhar tagtha faoin am ar shroicheadar ceann cúrsa, rud a d’fhág nach raibh siad in ann aon churadóireacht a dhéanamh.

Blianta ina dhiaidh le teacht TnaG, rinne Seosamh agus Bob Quinn clár teilifíse den scoth darbh ainm Graceville (ainm an cheantair) mar gheall orthu agus ó shin tá leabhar dar teideal Forgetting Ireland scríofa ag duine dá sliocht siúd a d’imigh, Bridget Connelly.

Tamall ina dhiaidh sin tharraing Seosamh scéala Sheaimpín Pheaidí Phaitseach air féin. Pat Connolly an t-ainm ceart a bhí ar an Seaimpín a rugadh i nDubhithir ach a chuaigh go hAlbain agus é ina fhear óg. Ba ansiúd a thosaigh sé ar an gcoraíocht agus bhuaigh sé Craobh na Breataine.

Thug Pat aghaidh ansin ar na Stáit Aontaithe áit ar throid sé na coraithe (nó na hiomrascálaithe mar a thugann daoine freisin orthu) ab fhearr sa tír sin. Nuair a thrasnaigh sé an teorainn go Ceanada bhuaigh sé Craobh an Domhain in Vancouver.

Ba dhlúthchara dá chuid seaimpín trom-mheáchain dornálaíochta an domhain ag an am – Jess Willard, fear a thug an chraobh sin leis nuair a leag sé amach Jack Johnson i 1915. Ba iomaí seársa traenála a rinne an Seaimpín agus Willard a raibh an Pottawatomie Giant mar leasainm air.

Fuair seisean saol fada, ach ní raibh Pat Connolly bocht ach 38 bliain mar gur bhásaigh sé in South Dakota i 1919, áit a raibh sé ag coraíocht coicís roimhe sin.

Ní mé arbh é an Seaimpín a bhí i gcúl a intinne ag an gCuaigeach an lá faoi dheireadh nuair a d’fhiafraigh sé díom. “De bharr do chinn, a Mhártain, cé mhéad lúthchleasaí as Conamara – idir Thuaidh agus Theas – a bhféadfá a rá ina dtaobh go raibh cáil idirnáisiúnta orthu?”.

Ceann de na rudaí ba spéisiúla i dtaobh na ceiste is dóigh gur fhág an focal ‘idirnáisiúnta’ nárbh fhéidir imreoirí de chuid Chumann Lúthchleas Gael a chur san áireamh, ach dá n-uireasa agus in imeacht uaire an chloig bhí dornán curtha le chéile agam.

Fágaim de dhúshlán ortsa anois agus tú á léamh seo cur leis an liosta sin – ceann nach taobh le bearna nó dhó atá ann go cinnte.

Cé nár luaigh Seosamh é ina cheist, tá mé cinnte gur iomaíocht ag an ngrád is airde a bhí ar a intinn agus dá bharr chuir mé comórtais agus lúthchleasaithe faoi aois as an áireamh.

Fós tá cúigear a rinne iomaíocht sna Cluichí Oilimpeacha idir 1948 agus 2008 ar mo liosta, fear a throid do Chraobh an Domhain, fear eile do Chraobh an Chomhlathais , fear eile fós a thug leis Craobh Liathróid Láimhe an Domhain, triúr imreoirí idirnáisiúnta rugbaí, imreoir sacair idirnáisiúnta agus beirt deartháireacha a thuill clú i Meiriceá ag imirt baseball.

Ba é Cuimín Clancy as an nGleann in Uachtar Ard a chaith an teasc (discus) ar son na tíre seo ag Cluichí Oilimpeacha Londan i 1948 agus é ina bhall den Gharda Síochána. Dá bharr sin fuair sé scoláireacht lúchchleasaíochta chuig Ollscoil Villanova – an chéad Éireannach riamh ar tairgeadh a leithéid dó. D’imir mac leis peil leis na Miami Dolphins agus ba gharmhac le deartháir leis é Mattie Clancy, a bhuaigh bonn craoibhe le peileadóirí sinsearacha na Gaillimhe.

Scór bliain tar éis do Chuimín Clancy an fód a sheasamh d’Éirinn i Londain rinne fear eile as Uachtar Ard amhlaidh i rás an mharatóin ag Cluichí Mheicsceo – Mick Molloy atá ina bheatha i gcónaí in Ard na Saileach ar bhruach na Coiribe, bail ó Dhia air agus na ceithre scór sáraithe aige.

Is as Rinn Mhaoile Pat Gannon a bhí sa mbád le Willie Ryan agus iad ag rámhaíocht sa gcomórtas beirte i Moscó i 1980 agus níos gaire de láthair bhí Éadaoin Ní Challaráin as an Spidéal sna comórtais kayakadóireachta in Sydney 2000 agus san Aithin in 2004. Ba é Cormac Mac Fhualáin as Bearna an té ba dheireanaí as Conamara a bhí ag iomaíocht sna Cluichí – sa gcomórtas rámhaíochta do cheathrar in Beijing deich mbliana ó shin.

Is minic ráite agam gurbh é comhrac Sheáin Uí Mhainnín in aghaidh Mike McCallum i Madison Square Garden i 1984 an gaisce ba mhó ag lúthchleasaí Gaeltachta le mo linnse. Faraor géar níor thug sé an chraobh leis as siúd ach mar a deir an t-amhrán “mairfidh a cháil go deo”.

Ní raibh mé ar an saol nuair ba é Máirtín Thornton an Spidéil laoch dornálaíochta Chonamara agus ‘The Connemara Crusher’ mar leasainm air. I mbothanna dornálaíochta na sorcas i Sasana a d’fhoghlaim an Droighneánach a cheard agus tar éis dó Craobh Throm-mheáchain Ghairmiúil na hÉireann a bhuachan i 1943, throid sé féin agus seaimpín na Breataine Bruce Woodcock a chéile dhá bhliain dár gcionn i gCraobh an Chomhlathais. Troid ab ea í ar bhain conspóid léi agus a chríochnaigh nuair a chaith coirnéal an Droighneánaigh an tuáille isteach.

Ba i gCorr na Móna a saolaíodh beirt de na himreoirí idirnáisiúnta rugbaí arb as Conamara dóibh – Mick Molloy a d’imir d’fhoireann na bhfear idir 1966 agus 1973 agus Nuala Ní Chadhain a d’imir do na mná idir 2003 agus 2007. Faoi láthair tá ógbhean as an Líonán – Mairéad Ní Chadhain ar an bhfoireann agus d’imir sí i gCorn an Domhain anuraidh.

Niamh Fahey ar ndóigh an t-imreoir sacair – imeartha aici do Arsenal agus do Chelsea i Sasana agus d’fhoireann na hÉireann. Deirfiúr í do Gary Fahy a chroch Corn Mhig Uidhir in 2001.

Ba ar an Droim i Leitir Móir a saolaíodh Pat na Máistreása Mac Donnchadha a bhuaigh Craobh Liathróid Láimhe an domhain faoi dhó (1922 agus 1923) agus é ina chónaí sna Stáit Aontaithe. Chuir sé faoi ar an Spidéal ina dhiaidh sin.

Gasúir thar a bheith óg ab ea Jack agus Mike O’Neill nuair a chuaigh siad féin agus a dtuismitheoirí ar imirce as an Mám go Pennsylvania, áit ar saolaíodh beirt mhac eile dóibh i ndeireadh an 19ú haois– Steve agus Jim. Ba iad an bheirt ba dheireanaí ba mhó a thuill clú sa baseball. Bhuaigh Steve an World Series mar imreoir agus mar bhainisteoir, ach d’imir beirt an Mháma iad féin ag an leibhéal ab airde leis na St. Louis Cardinals.

Le Seosamh Ó Cuaig a chuir mé tús leis an bpíosa seo agus is leis freisin a fhágfaidh mé sibh. Blianta ó shin chuir Seosamh sraith cláracha le chéile do RnaG a raibh “Fir Láidre Chonamara” mar theideal uirthi.

Mar atá déanta agam féin, rinne Seosamh a dhícheall ag iarraidh liosta chomh cuimsitheach agus a bhí ar a chumas a tharraingt le chéile in achar gairid go leor, ach mo léan níor shásaigh sin chuile dhuine.

Tháinig litir ghearáin ó fhear a raibh Máirtín Mhurchadha air – bheadh eolas maith ar Mháirtín ag lucht éisteachta Raidió na Gaeltachta an 30 bliain ba thúisce an stáisiún ar an saol.

Liosta díobh siúd nár luadh beag ná mór sa gclár a bhí i litir Mháirtín Mhurchadha. Ba ar fhear a raibh Pádraic Labhráis air a bhí an éagóir ba mhó déanta, dar leis.

Anois níl mé ag rá go bhfuil aon chur síos le fáil ar éachtaí Phádraic Labhráis in aon leabhar taifid de chuid na gCluichí Oilimpeacha ná Bhord Lúthchleas Éireann fiú, ach níorbh shin le rá nach raibh gaisce déanta aige a d’fhág ar cheann an chomhairimh é chomh fada agus a bhain sé le Máirtín Mhurchadha.

Ba í an cháilíocht a tugadh sa litir dó – ‘an fear a chaith ord na 16 punt agus nár frítheadh ariamh é.’

Níorbh é sin ná é seo an t-aon uair an focal deireanach a bheith ag Murchadha, trócaire air.

Fág freagra ar 'Cé mhéad lúthchleasaí as Conamara a bhféadfá a rá ina dtaobh go raibh cáil idirnáisiúnta orthu?'