Babhtaí ceathrú ceannais ag foirne Gaeltachta i nGaillimh agus Ciarraí

Imreoidh maigh Cuilinn agus An Daingean cluichí ceathrú ceannais i gCraobhacha Shinsir Peile na Gaillimhe agus Chiarraí

Babhtaí ceathrú ceannais ag foirne Gaeltachta i nGaillimh agus Ciarraí

Gaillimh

Tá deireadh tagtha faoi dheireadh le babhtaí na ngrúpaí i gCraobh Shinsir Peile na Gaillimhe ach sula gcuirfear tús leis na cluichí ceathrú ceannais an deireadh seachtaine seo, beidh foireann Ghaeltachta amháin ag iarraidh a háit sa chraobh shinsir a choinneáil agus An Spidéal ag imirt in aghaidh Naomh Séamus sna babhtaí dícháilithe tráthnóna.

Bhuaigh fir an Spidéil a gcéad chluiche sa chraobh sa bhabhta deireanach in aghaidh Uachtar Ard agus tá súil acu go spreagfaidh sé sin iad inniu in aghaidh fhoireann na gcathrach. Ní dhíbreofar an dream a chaillfidh cluiche an lae inniu go fóill ach rachaidh ar aghaidh agus imreoidh sa ngrúpa dícháilithe le trí fhoireann eile, An Cheathrú Rua ina measc.

Beidh deis ag Oileáin Árann céim eile a thabhairt i dtreo na craoibhe sinsir théis cluiche an Spidéil nuair a imreoidh na hoileánaigh cluiche leathcheannais sa Chraobh Idirmheánach Peile in aghaidh Chill Chonla. Bhí cuma láidir ar Oileáin Árann go dtí seo sa chraobh ach bhí beagán den ádh orthu Micheál Breathnach a shárú sna babhtaí ceathrú ceannais a bhuíochas do chúl deireanach sa chluiche ó Peter Ó Donnchadha. Tá Seán Ó Maoilchiaráin fós ar iarraidh de bharr gortaithe ach tá Tyler Ó Flaithearta, Cillian Ó Conghaile, Colm Ó Braonáin agus Patrick Ó Domhnaill orthu siúd atá ag tiomáint na foirne chun cinn.

Is ar an Domhnach a bheidh Maigh Cuilinn ag dul chun páirce ina gcluiche ceathrú ceannais in aghaidh Bhaile Chláir sa chraobh shinsir. Bhí fir Chonamara nach mór gan locht i mbabhtaí na ngrúpaí, cé nach raibh acu ach comhscór in aghaidh Naomh Anna, Leitir Móir sa bhabhta deireanach. Tá Peter Cooke ar dhuine de na himreoirí is fearr sa chraobh go dtí seo ach tá imreoirí cumasacha ag Maigh Cuilinn fud fad na páirce – muintir Uí Cheallaigh, Dessie Conneely agus Owen Gallagher.

Tá neart buaite ag Baile Chláir faoi aois le blianta beaga anuas ach iad fós ag fanacht le céim mhór chun cinn a thabhairt sa chraobh shinsir. Tá cúl báire na Gaillimhe, Conor Flaherty, ar fheabhas mar lántosach acu agus imreoir den scoth é Barry Goldrick, cé go bhfuil amhras ann an mbeidh seisean ar fáil. Níl Baile Chláir gan seans ach déarfá go mbeidh Maigh Cuilinn ag triall ar a gceathrú cluiche leathcheannais as a chéile san oíche amárach.

Dé Sathairn, 8 Deireadh Fómhair

Chraobh Shinsir Peile na Gaillimhe
An Spidéal v Naomh Séamus – Staid an Phiarsaigh, 1.15in
Craobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe
Cill Chonla v Oileáin Árann – Staid an Phiarsaigh, 3.00in

Dé Domhnaigh, 9 Deireadh Fómhair

Chraobh Shinsir Peile na Gaillimhe
Maigh Cuilinn v Baile Chláir na Gaillimhe – Staid an Phiarsaigh, 4.00in

Ciarraí

Imreofar na babhtaí ceathrú ceannais de Chraobh Shinsir Peile Chiarraí an deireadh seachtaine seo agus seans gurb é an cluiche idir an Daingean agus Crócaigh Chill Airne an ceann is mó a mbeidh suim ag daoine ann. Bhuaigh fir na Gaeltachta an cluiche ceannais sraithe a imríodh idir na foirne níos luaithe i mbliana ach theastaigh am breise sa cheann sin, rud a léiríonn gur beag atá eatarthu.

Gortaíodh Paul Geaney agus Barry O’Sullivan nuair a chaill siad in aghaidh Chiarraí Thoir cúpla seachtain ó shin agus buille ollmhór a bheadh ann mura mbeadh fáil orthu anocht. Tá a fhios ag gach duine cé chomh cumasach is atá Geaney ach tá O’Sullivan ag imirt thar barr i lár na páirce i mbliana agus an-chuid scóranna á bhfáil aige chomh maith.

Ba mhór an t-ugach don Daingean dá mbeadh Mark O’Connor agus Deividas Uosis in ann imirt agus iad fillte ón Astráil. Is mar chosantóir ag marcáil Kieran Donaghy a bhí O’Connor ag imirt nuair a d’fhill sé cúpla bliain ó shin ach d’fhéadfadh an fear mór, a bhuaigh craobh an AFL le Geelong coicís ó shin, teacht isteach go héasca i lár páirce.

Buille é don Daingean nach mbeidh Conor Geaney in ann imirt ach tá gortuithe ag cur as do na Crócaigh chomh maith agus Fionn Fitzgerald sínte ag gortú glúine. Is é Tony Brosnan naoscaire na foirne ach tá meascán maith den taithí agus den óige ag fir Chill Airne agus beidh ar an Daingean a bheith i mbarr a maitheasa chun iad a shárú.

Dé Sathairn, 8 Deireadh Fómhair

Chraobh Shinsir Peile Chiarraí
Na Crócaigh v An Daingean – Páirc Aibhistín de Staic, 7.30in

Port Láirge

Caithfidh peileadóirí na Rinne an ceann is fearr a fháil ar Chill Rosanta an deireadh seachtaine seo más leo fanacht san iomaíocht do Chraobh Shinsir Peile Phort Láirge i mbliana.

Bhí dea-scéal ag an Rinn an deireadh seachtaine seo caite agus Donie Breathnach fillte ar an bhfoireann. Cé gur scóráil an tosach 1-5, chaill an Rinn nuair a ghéill siad cúl deireanach sa chluiche in aghaidh an Sráidbhaile.

Tabharfaidh an bua a bhí ag Cill Rosanta in aghaidh Chumann an tSlánaitheora i mBabhta 3 spreagadh dóibh ach níor cheart go mbeadh mórán idir na foirne.

Dé Domhnaigh, 9 Deireadh Fómhair

Chraobh Shinsir Peile Phort Láirge
Cill Rosanta v An Rinn – Páirc Uí Fhearchair, 3.30in

Fág freagra ar 'Babhtaí ceathrú ceannais ag foirne Gaeltachta i nGaillimh agus Ciarraí'