FÍSEÁN / ‘Is rómhaith atáimid ar fad ar an eolas an Nollaig seo go bhfuil uafáis fhíochmhara na cogaíochta ag brú ar ár dteaghlach domhanda’
Ina theachtaireacht deiridh Nollag mar Uachtarán, deir Micheál D. Ó hUigínn go dtugann an tost ó chuid mhór de na daoine sin a bhfuil tionchar acu cead a gcinn dóibhsean atá ag gearradh ollphionós comhchoiteann gan náire ar shibhialtaigh, gorta san áireamh