Ó foilsíodh grianghraf an bhuachalla óig ón tSiria, Aylan Kurdi, tá athrú meoin mór millteach le tabhairt faoi deara san Eoraip i leith na dteifeach atá ag iarraidh an Eoraip a bhaint amach. Níl na tráchtanna gránna ar an idirlíon imithe, ach chuirfeadh an fháilte a cuireadh roimh theifigh an tseachtain seo sa Ghearmáin agus san Ostair, agus an chaoi ar sheas daoine fud fad na hEorpa gualainn ar ghualainn leis na teifigh i ngníomhartha tacaíochta éagsúla, gliondar ar an gcroí.
Agus nach aisteach an scéal é gurb í an bhean ar tugadh íde na muc agus na madraí di dhá mhí ó shin, nuair a bhí sí ag dul dian ar an nGréig, gurb í an bhean fhuarchúiseach chéanna ard-bhansagart an nóiméid chinniúnaigh seo. Gan amhras, beidh leas polaitiúil éigin á bhaint ag Angela Merkel as a cuid ceannródaíochta i gcás na dteifeach amach anseo, ach is cinnte gur aici atá an ceart ó thaobh na moráltachta de in am seo an ghátair.
Táthar ag súil go bhfoilseoidh Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Jean-Claude Juncker, plean inniu, Dé Céadaoin, chun, ar a laghad, 160,000 teifeach a athroinnt thar na ballstáit Eorpacha éagsúla.
Níl dabht ar bith faoin spéir ach go mbeidh ardú arís ar líon na dtráchtanna gránna ar an idirlíon nuair a fhoilseofar an plean sin, go háirithe sna tíortha ina mbeidh ardú mór ar líon na dteifeach a chaithfear a thabhairt isteach. Ach, ar a laghad ar bith, is léir, tar éis na seachtaine seo a chuaigh thart, go bhfuil fonn ar sciar measartha mór de mhuintir na hEorpa tacaíocht a thabhairt dóibh siúd atá ar a dteitheadh ó shléacht agus ár.
Ní thar oíche a dhéanfar na teifigh seo a imeascadh i sochaithe éagsúla na hEorpa, áfach, agus is den tábhacht nach gcaillfí spiorad na fáilte amach anseo, spiorad atá á léiriú ag sciar de mhuintir na hEorpa faoi láthair.
Agus an próiseas sin ar tí tosú, bíodh sé ina ábhar sóláis ag muintir na hEorpa nach ar a nguaillí féin amháin atá ‘ualach’ na dteifeach ina luí.
Tá sé tugtha le fios an tseachtain seo ag tíortha ar nós na Sile, na Brasaíle agus Veiniséala, agus ag an bproibhinse Ceanadach Québec, go dtógfaidh siad na scórtha míle teifeach as an tSiria isteach.
Fág freagra ar 'Cás na dteifeach: an mairfidh spiorad na fáilte?'