‘Cár imigh leathchéad bliain?’ – súil siar ar albam ceannródaíoch Skara Brae 

Caoga bliain an mhí seo a eisíodh an t-aon albam a chuir Skara Brae amach, albam a d’fhág lorg buan ar cheoil na hÉireann. Labhair Tuairisc.ie le Maighread Ní Dhomhnaill, ball den bhanna

‘Cár imigh leathchéad bliain?’ – súil siar ar albam ceannródaíoch Skara Brae 

“Cár imigh leathchéad bliain?” a deir Maighread Ní Dhomhnaill agus muid ag plé comóradh 50 bliain an albaim Skara Brae.

“Tá sé doiligh a chreidbheáil. Cé go bhfuil mo dheartháir Micheál (a bhí sa mbanna freisin) imithe ar shlí na fírinne le 15 bliain cronaíonn muid go mór é go fóill go speisialta nuair a chluinim an ceirnín seo.”

Meas tú céard é an rud is fearr faoin albam a d’fhág rian buan ar an gceol traidisiúnta?

“Na guthanna a bheith chomh hóg sin ach ag an am céanna go raibh an oiread sin de chóiriú déanta againn ar na seanamhráin,” a deir sí. “Tá súil agam go maireann an úire sin go dtí an lá atá inniu ann, fiú i ndiaidh 50 bliain.”

Tá cuimhní cinn ag Maighread Ní Dhomhnaill den albam agus den bhanna.

“Rinneadh an taifeadadh in aon tráthnóna amháin in Halla Marionella i Ráth Garbh i mBaile Átha Cliath,” ar sí. Tá sé deacair a chreidiúint go ndearnadh an t-albam a thaifeadadh in aon tráthnóna amháin. “Tháinig mé féin agus Tríona [Ní Dhomhnaill] aníos as Ceannanas lenár n-athair don tráthnóna.”

Ní raibh Maighread ach 15 bliain d’aois ag an am agus bhí Tríona, a deirfiúr, 17.

Skara Brae i 2003.Pictiúr: Brian MacCormaic/Image

“Bhí na leaids ar an ollscoil i mBaile Átha Cliath ag an am. Bhí an seisiún taifeadta an-bhunúsach agus socraíodh cuid de na cóiriúcháin an lá sin féin.”

Is cuimhin le Maighread gur socraíodh an lá sin gurb ise a bhí chun ‘Inis Dhún Rámha’ a cheol agus go raibh a hathair ag iarraidh na focail a mhúineadh di taobh amuigh den halla agus amhrán eile á thaifeadadh istigh.

“Bhí brú áirithe i gceist cinnte ach is cuimhní maithe den chuid is mó atá agam.  Bhí muid uilig ar an dóigh chéanna déarfainn mar gur rud iomlán úrnua dúinn a bhí ann  a bheith ag taifeadadh albaim.”

Deir sí gur thaitin na gigeanna léi freisin.

“An Stadium i  mBaile Átha Cliath, Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste, an Kilkenny Beer Festival,” ar sí, ag cuimhneamh siar.

Is albam é Skara Brae a mbíonn daoine an-cheanúil air i gcónaí.

Spreagann sé cuimhní na laethanta ar choláistí samhraidh agus mar sin de. Ach cén tábhacht a bhaineann le halbam Skara Brae do Mhaighread féin?

Maighread Ní Dhomhnaill

“Tús a bhí ann le  bheith ag gabháil den cheol  ar bhonn leathphroifisiúnta.  Thuig muid go raibh rud éigin nuálach á dhéanamh againn – rud nach ndearnadh ariamh roimhe sin agus ar bhealach tá bród orm faoi sin go dtí an lá atá inniu ann,” ar sí.

Céard a rinne Maighread tar éis d’albam Skara Brae teacht amach?

“Tháinig mé go Baile Átha Cliath i 1972 agus thraenáil mé mar bhanaltra in ospidéal an Mater,” ar sí. “Choinnigh mé orm leis an chúram sin go dtí 1996 nuair a bhog muid go Gaillimh. Bhínn ag ceol sna Folk Clubs  i rith an ama agus ag féilte.”

Thaifead Maighread dhá albam aonair le Gael Linn agus ceann eile le Tríona.

“Thaistil mé ar fud an domhain le leithéidí Dónal Lunny agus Coolfin.  Thaifead mé fosta leis an Voice Squad ar cheirnín le John Renbourne agus chomh maith leis sin an West Ocean String Quartet. Bím ag ceol go minic le mo dheirfiúr Tríona ó tháinig sí abhaile as Meiriceá ag deireadh na 1990idí  agus rinne an bheirt againn dlúthdhiosca le Máire Ní Bhraonáin (Moya Brennan) agus Mairéad Ní Mhaonaigh mar T with the Maggies.”

Is léir gur lean Maighread uirthi i mbun ceoil agus tá sí fós ina bhun sa lá inniu. Déanann sí cur síos ar albam Skara Brae dom i líne amháin.

“Rud nua, rud trialach, rud ceannródúil – agus sílim – tá súil agam – gur éirigh linn jab maith a dhéanamh de,” ar sí.

Níl aon amhras faoi sin, a deir Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Ghael Linn.

“Is albam barrthábhachtach i stair an cheoil thraidisiúnta a bhí ann,” a deir sé. Brae.

“Rinne an grúpa forbairt thuisceanach ar thraidisiún na n-amhrán lena gcomhcheol agus tionlacan nuálach.”

Luann an banna The Beatles, Pentangle agus Joni Mitchell mar cheoltóirí a raibh tionchar acu orthu. Cé nár thaifead Skara Brae ach an t-aon albam amháin seo, deir Antoine go bhfuil buaine ag baint leis go fóill “ó thaobh caighdeán agus sásaimh de.”

“Ní féidir áibhéil a dhéanamh faoin éifeacht a bhí ag baill Skara Brae ar stair an cheoil ina dhiaidh sin – Tríona agus Micheál leis an Bothy Band, Dáithí Sproule le Altan, agus Maighread mar amhránaí aonair. Buille mór ab ea é nuair a cailleadh Micheál in 2006. Leanann an chuid eile ag seinm agus ag taisteal.”

Fág freagra ar '‘Cár imigh leathchéad bliain?’ – súil siar ar albam ceannródaíoch Skara Brae '