‘Caithfimid níos mó ábhar Gaelainne a chraoladh’ – Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ

Deir Niamh Ní Churnáin go bhfuil tacaíocht faighte aici ó RTÉ ó ceapadh ina Grúpcheannasaí Gaeilge í agus nach bhfuil aon imní uirthi go ndéanfar ciorruithe ar Rannóg na gClár Gaeilge sa stáisiún

‘Caithfimid níos mó ábhar Gaelainne a chraoladh’ – Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ

Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

Cé go bhfuil dul chun cinn déanta ag RTÉ ó thaobh ábhar Gaeilge a chur ar fáil is gá fós don chraoltóir náisiúnta níos mó clár Gaeilge a dhéanamh, a deir Grúpcheannasaí Gaeilge an stáisiúin.

Bhí Niamh Ní Churnáin ag labhairt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin bplean atá ag RTÉ chun tuilleadh ábhar Gaeilge a chur ar fáil. Chuir RTÉ an plean sin faoi bhráid an Choimisinéara Teanga Rónán Ó Domhnaill nuair a chinn sé go raibh an dlí craolacháin i leith na Gaeilge á shárú ag an gcraoltóir.

Rinne Ó Domhnaill fiosrúchán faoina laghad clár teilifíse Gaeilge a bhí le feiceáil ar RTÉ anuraidh agus cé gur chuir sé fáilte roimh an ngealltanas a fuair sé ó RTÉ go dtiocfaidh ardú suntasach ar líon na gclár Gaeilge a chraolfar ar chainéil teilifíse an stáisiúin i mbliana, dúirt an Coimisinéir Teanga go gcaithfidh an craoltóir poiblí níos mó a dhéanamh chun a chinntiú go mbeidh a ndualgais faoin Acht á gcomhlíonadh go hiomlán acu.

Agus í ag labhairt ar Nuacht a hAon ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Ní Churnáin go bhfuil tacaíocht faighte aici ó lucht bainistíochta RTÉ ó thaobh ábhar Gaeilge nua a choimisiúnú agus go raibh sí ag iarraidh go mbeadh níos mó clár Gaeilge ann.

“Caithfimid níos mó ábhar Gaelainne a dhéanamh,” a dúirt Ní Churnáin.

Ní raibh ach 0.7% de sceideal iomlán teilifíse RTÉ in 2017 ina gcláir Ghaeilge agus d’ordaigh an Coimisinéir don chraoltóir plean gnímh a ullmhú.

Sa phlean sin, deir RTÉ go gcuirfidh siad breis is a cheithre oiread uaireanta an chloig de chláir Ghaeilge amach i mbliana agus dúirt Ní Churnáin go raibh sí sásta go mbainfear an sprioc sin amach.

Mar sin féin, tá sé ráite ag an gCoimisinéir Teanga go bhfuil níos mó ná mar atá beartaithe ag RTÉ ag teastáil agus go gcaithfear réimse cuimsitheach clár a chur ar fáil de réir na reachtaíochta.

Tá an obair sin ar bun cheana féin, a dúirt Ní Churnáin agus é tugtha le fios aici go bhfuil trí shraith nua i nGaeilge coimisiúnaithe ag RTÉ nach raibh luaite sa phlean a thug siad don Choimisinéir Teanga.

“Baineann siad le seánraí difriúla. Baineann siad le siamsaíocht is le hábhar staire. Tá nach mór ocht n-uair an chloig sa bhreis ansin d’ábhar Gaelainne agus nílimid críochnaithe in aon chor i mbliana. Beimid ag cur a thuilleadh tograí faoi bhráid Chiste Craolacháin na hÉireann.”

Ceistíodh Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ faoi na ciorruithe a bhí i ndán don stáisiún agus an laghdú suntasach a tháinig ar bhuiséad Rannóg na gClár Gaeilge nuair a rinne an craoltóir ciorruithe roimhe seo. Dúirt Ní Churnáin, áfach, nach raibh imní ar bith uirthi go mbeadh laghdú buiséad i ndán don rannóg amach anseo.

“Faoi láthair, tá an t-aonad ag oibriú mar aonad lánaimseartha. Is í seo an chéad uair go bhfuil sé sin tarlaithe ó 2012….tá breis acmhainní daonna faighte acu, breis acmhainní léirithe faighte acu agus tá níos mó de bhuiséad faighte acu. Bead ag déanamh gach rud chun é sin a chosaint,” a dúirt an Grúpcheannasaí Gaeilge.

Fág freagra ar '‘Caithfimid níos mó ábhar Gaelainne a chraoladh’ – Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ'

  • Cluain Sceach

    B’fhéidir gur ag tagairt do chlár Hector aréir a bhí sí. Náireach ó thaobh easpa Gaeilge de. Chuir sé fearg orm, dáiríre.

  • Seosamh Tash

    Chuirfeadh an cainéal sin náire ort. Arbh fhiú craoltóir náisiúnta ná Raidió Teilifís Éireann a ghlaoch uirthi leis an cóimheas Gaeilge Béarla atá ann?