Caithfidh go bhfuil níos mó i gceist le bheith i do mhamaí ná Katy Perry a chasadh dóibh ar YouTube

An lá cheana a fuair ár gcolúnaí an chéad nod go bhfuil a post i mbaol ag sórt róbó-Mamaí

Caithfidh go bhfuil níos mó i gceist le bheith i do mhamaí ná Katy Perry a chasadh dóibh ar YouTube

Ceapaim go bhfuil sé i gceist ag na páistí róbat a fháil i m’áit, sórt róbó-Mamaí, sílim. An t-aon rud atá sa mbealach orthu go dtí seo, ná nach bhfuil a fhios acu an bhfuil a leithéid ar fáil, nó dá mbeadh, cá bhfaighidís greim ar cheann acu nó cén costas a bheadh air.

An lá cheana a fuair mé an chéad nod go bhfuil mo phost i mbaol ó na róbait. Bhí an dinnéar á leagan ar an mbord agam.

‘Google,’ a deir Beainín na Naíonáin Bheaga, ‘an bhfuil cead agam cupán bainne, más é do thoil é?’

Bhreathnaigh mé thart orm agus iontas orm. Ar feadh soicind, bhí faitíos orm go n-éireodh róbó-Mamaí Ghoogle aníos as na tíleanna sa gcistineach (mar a rinne an marfóir leictreonach i Terminator 2) agus lámh fhada mhearcair amháin a shíneadh anonn go dtí an cuisneoir agus lámh fhada eile a shíneadh go dtí an cófra ar an taobh thall den seomra chun cupán a fháil.

‘Bainne….zzzgz….Táirgeoir: Bó….ainmhí mamach….zzz////….speiceas buaibheach….’ nó rud éicint mar sin a déarfadh róbó-Mamaí, shamhlóinn.

Rug mé greim ar mo spúnóg adhmaid, dá dtiocfadh aon róbó-Mamaí aníos as an urlár, bheinn faoi réir.

Bhuel, ní fhéadfainn a rá go mbeinn go hiomlán faoi réir, ach, ar a laghad, thabharfainn buille maith den spúnóg di, agus, dá n-éireodh liom, buille den scilléad freisin, sula mbeadh seans ag na nanabataí an ceann is fearr a fháil orm.

‘Cé leis a bhfuil tú ag caint?’ a d’fhiafraigh mé di agus imní i mo ghlór.

‘Céard?’ a dúirt sí.

‘Cé air a d’iarr tú an bainne?’ a d’fhreagair mé agus mé ag breathnú siar thar mo ghualainn.

‘Ehh? Ortsa,’ a dúirt sí, agus ba léir go raibh sí den tuairim go raibh mo mheabhair imithe ar fad.

‘Ach, dúirt tú Google,’ a dúirt mé.

‘Ó, an ndúirt?’ a deir sí, ar nós cuma liom. ‘Mamaí, a bhí i gceist agam.’

‘Ach cén fáth?’ a d’fhiafraigh mé di go himníoch. ‘Cén fáth gur dhúirt tú Google?’

‘Bhí muid ag caint le Google thuas tigh Éile,’ a dúirt sí, ‘tá tú in ann caint leis agus a rá leis ceol a chasadh nó rud éicint ó YouTube. Meas tú an mbeadh muide in ann é a fháil?’

Bhuail scáth mé, an raibh seilbh glactha ag nanabataí Google ar mhamaí Éile cheana féin? Cé mhéad mamaí a bhí scuabtha leo i ngan fhios dom agus róbóMamaí tagtha ina n-áit?

Chaithfinn mo chás a dhéanamh go láidir, nó b’fhéidir gur gearr go mbeinn fhéin ar an bhfaraor géar. Bhí a fhios agam go bhfuil mé níos fearr ná Google. Nó an bhfuil? An seasfaidís liom?

Chaithfeadh go bhfuil níos mó i gceist le bheith i do mhamaí ná cupán bainne a thabhairt dóibh agus físeáin Katy Perry a chasadh dóibh ar YouTube.

‘Ach, ach, níl Google in ann barróg a thabhairt daoibh!’ a dúirt mé. Caithfidh mé argóint níos fearr ná sin a chumadh. Go beo.

Fág freagra ar 'Caithfidh go bhfuil níos mó i gceist le bheith i do mhamaí ná Katy Perry a chasadh dóibh ar YouTube'