Caithfear glór na Gaeltachta a chloisteáil agus ‘Éire Aontaithe’ á plé

Deis iontach an plé faoi reifreann na teorann chun cur chuige nua i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur chun cinn

Caithfear glór na Gaeltachta a chloisteáil agus ‘Éire Aontaithe’ á plé

Tá comhrá leanúnach ar siúl le fada faoi thodhchaí na Gaeltachta agus na Gaeilge. Ní fios domsa cathain a thosaigh an comhrá sin, ach is cinnte go síneann sé siar sa stair. Spreag na hailt ar Tuairisc.ie le Seosamh Ó Cuaig agus eile mé peann a chur le pár.

Tá deireadh na Gaeltachta á thuar le fada ach tá na ceantair Ghaeltachta fós ann, cé go bhfuil siad brúite siar, laghdaithe, agus faoi bhrú ag leathnú na gcathracha, an imirce agus an dífhostaíocht. Is de bharr dua na ndaoine a sheas an fód agus a d’éiligh cearta teanga agus cearta pobail go bhfuil leithéidí RnaG, TG4, Údarás na Gaeltachta, an phleanáil teanga agus eile ann. B’fhéidir nach bhfuil na heagraíochtaí sin ar fad ag feidhmiú mar is ceart ach tá siad ann agus an deis ann dá réir iad a threisiú. Cé is moite de sin, is léir gur mar gheall ar bhród an phobail as an nGaeilge go bhfuil sí fós á labhairt agus á scaipeadh.

Tá na ceantair Ghaeltachta ag dul i laige de réir a chéile de bharr fhás na cathrach agus scaipeadh na n-eastát tithíochta. San am céanna, Is cúis dóchais é an rath atá ar na Gaelscoileanna agus tsuim atá á cur sa teanga lasmuigh den Ghaeltacht. Cúis dóchais é sin, ní hamháin don Ghaeilge ach don Ghaeltacht freisin.

Ina dhiaidh sin féin, tá seirbhísí an Stáit á dtarraingt siar ón nGaeltacht de réir a chéile. Ní mór do mhuintir Chonamara aghaidh a thabhairt ar chathair na Gaillimhe nó ar an gClochán chun teacht ar an-chuid de na seirbhísí sin. Cén teachtaireacht a thugann sé sin faoi mheas an Stáit ar na ceantair Ghaeltachta? Nárbh fhearr i bhfad go mbeadh seirbhísí an Stáit á soláthar sa Ghaeltacht, trí Ghaeilge, fiú ar bhonn páirtaimseartha?

In ainneoin an oiread cainte atá déanta ag rialtais éagsúla faoin nGaeilge, is beag gníomh atá déanta ag an Stát chun tacú leis an nGaeilge nó leis an nGaeltacht. Aon rud a dhéantar, déantar go mall drogallach é. Tá an cur chuige céanna fíor do na ceantair thuaithe freisin. Tá acmhainní agus daoine á mbrú isteach sna cathracha agus sna bailte móra de réir a chéile. B’fhéidir go mbeadh dea-thoradh amháin ar an bpaindéim seo agus sin go mbreathnófar arís ar an gcianobair mar dheis le tacú le pobal na tuaithe.

Tá an-chuid obair fhiúntach ar bun ag eagraíochtaí, coistí agus pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ach ag snámh in aghaidh easa atá siad mura dtagann athrú bunúsach ar chur chuige agus dearcadh an Stáit. Tá fostaíocht agus tithíocht riachtanach d’inmharthanacht pobal ar bith. Ní féidir glacadh leis go bhfuil sé níos éasca ag tógálaí cead pleanála a fháil d’eastát tithíochta ná mar atá sé ag duine óg as an nGaeltacht cead a fháil teach a thógáil ar thalamh a mhuintire.

Tá athrú meoin ag teastáil ón Stát ionas gur féidir na ceantair Ghaeltachta a fhorbairt agus a neartú. Bunaíodh an Stát seo nach mór céad bliain ó shin agus ó shin i leith theip ar an Stát dul i ngleic le meath na Gaeltachta.

Sílim féin go bhfuil todhchaí na Gaeltachta nasctha go dlúth le todhchaí an Stáit seo.

Tá ceist eile tagtha chun cinn le tamall a thabharfaidh deis do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge a bhfís agus a riachtanais a chur in iúl, agus sin athaontú na tíre seo. Is cinnte anois go mbeidh reifreann againn luath nó mall, thuaidh agus theas, faoi athaontú na tíre.

Chonaic an domhan mór na fadhbanna a chruthaigh an easpa plé a bhí ann sa Bhreatain roimh reifreann an Bhreatimeachta. Nuair a chuirtear sin i gcomparáid leis an mbealach a láimhseáladh Reifreann an Phósta agus Reifreann an Ghinmhillte sa Stát ó dheas, is léir gur gá plé a chothú maidir le cén fís atá ann d’Éirinn Aontaithe.

Is comhrá é seo a bhaineann le gach duine fud fad na hÉireann, ó thuaidh agus ó dheas. Ní le páirtithe polaitíochta ná le gluaiseacht na poblachta amháin a bhaineann sé.

Ní dóigh liom féin gur leor an tír seo a athaontú má fhágtar cur chuige an státchórais mar atá. Cinnte dá mba é sin an t-aon rogha a bheadh ann, ghlacfainn leis go fonnmhar, ach deis amú a bheadh ann gan dabht.

Deis a bheadh in athaontú na tíre seo dúinn ar fad breathnú ar na lochtanna a bhí ar an Stát seo le céad bliain anuas a chur ina gceart.

Caithfidh pobal na tuaithe a chinntiú go bhfuil bánú na tuaithe agus na Gaeltachta san áireamh nuair atá an fhís d’Éirinn Aontaithe á plé. Ba cheart díriú ar infheistíocht sna réigiún, dílárú cumhachta, cianobair, cúrsaí pleanála agus na rudaí eile a d’fhéadfadh tionchar mór a bheith acu inmharthanacht phobal na tuaithe agus pobal na Gaeltachta trí chéile.

Ar an dul céanna, má tá athshamhlú á dhéanamh ar an bhfís atá againn mar phobal don tír seo, déanaimis cinnte go bpléifear cur chun cinn na Gaeilge sa Ghalltacht agus sa Ghaeltacht.

Tuigeann muid ar fad nach leor an béalghrá a tugadh don teanga le céad bliain anuas ó dheas le cinntiú go dtiocfaidh an Ghaeltacht slán. Tuigeann muid go bhfuil gá le cur chuige dáiríre, cur chuige as an nua.

Sílim gur cheart do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a bhfís féin d’Éirinn Aontaithe a phlé agus a gcuid moltaí féin a chur faoi bhráid an phobail. Tá comhrá tosaithe cheana faoi ‘Éire Aontaithe’ agus caithfear a chinntiú go bhfuil guth phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le cloisteáil ann.

Le fada an lá tá polasaithe na tuaithe agus na Gaeltachta á stiúradh ag lucht na príomhchathrach, agus dá bharr ní dhíríonn siad mar ba cheart ar dhúshláin na bpobal seo.

Agus an fhís d’Éirinn Aontaithe á plé, tá an deis is mó le céad bliain anuas againn tionchar a imirt ar an tír ina maireann muid. Tapaímis an deis sin.

– Is polaiteoir de chuid Shinn Féin i gConamara é údar an ailt seo

Fág freagra ar 'Caithfear glór na Gaeltachta a chloisteáil agus ‘Éire Aontaithe’ á plé'

  • Sibéal

    Is polaiteoir de chuid Shinn Féin i gConamara é Kevin Ó Hara údar an ailt seo.
    Cén fáth go gceadaíonn sé masla do mhuintir na Gaeltachta leis an suíomh idirlin aonteangach Bhéarla atá ag a pháirtí?
    https://www.sinnfein.ie
    https://www.sinnfein.ie/ga/

  • Concubhar Ó Liatháin

    Is cinnte gur cheart go mbeadh guth ag cainteoirí Ghaeilge, pobal na Gaeltachta san áireamh, i dtodhchaí na tíre agus go bhfuil seo séanta orainn le fada an lá ach bí cúramach gan a bheith meallta ag briathra mílse lucht Shinn Féin agus iad sásta bheith ag caint folamh Shinn Féin. Caint folamh atá ann mar chonac an méid a tharla ó thuaidh nuair a ghlac muintir Shinn Féin go fonnmhar leis an statchóras a bhí ann agus a d’fheidhmigh de réir na srianta san. Thapaigh siad an deis a muintir féin a chur i bpostanna ard tuarastail sa stat chóras ach níor athraigh siad tada ar leas an phobail. Tá pobail tuaithe – agus cáthrach – na sé chondae fós san áit chéanna, a bheag nó a mhór, is a raibh siad roimh Comhaontú Aoine an Chéasta. Maidir leis an nGaeilge, bhí Sinn Féin lárnach in iarracht Fhoras na Gaeilge chun ‘réasúnú’ a dhéanamh ar eagrais Gaeilge agus baineadh an maoiniú ó líon mór eagrais a raibh ag obair ar son na Gaeilge ó thuaidh agus, iontas na n-iontas, chuaigh an tacaíocht go dtí eagrais bunaithe ó dheas den teorainn. Is minic a chloisim caint ar an nua-liobrálachas i gcomhthéacs na Gaeilge. B’shin sampla den mbeart a bheith á ndéanamh den bhriathar. Deir Kevin anseo go mbíonn polasaithe na tuaithe á stiuradh ag lucht na príomhchathrach – agus tá’n cheart aige. Ach cé stiúrann polasaithe Shinn Féin? Bí ag caint le Sinn Féin cinnte – ach ná bí ag súil go bhfuil an pháirtí sin chun athrú bunúsach a dhéanamh ar an slí a caitear leis an nGaeltacht thar mar atá anois.

  • Mairéad

    Sách ráite agat a Chonchúir “ná bí ag súil go bhfuil an pháirtí sin chun athrú bunúsach a dhéanamh ar an slí a caitear leis an nGaeltacht thar mar atá anois.” gna trácht ar an gcaoi a chaith siad go neamhthrócaireach leis and Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh i nGaeltacht Chonamara.

    Sách ráite agatsa freisin a Shibéil. Dá mbeadh Sinn Féin níos fearr ná Fine Gael maidir lena suiómh idirlín bheadh tús eicínt déanta i dtreo Éire Ghaelach.

  • Antóin

    Maidir leis an bhéalghrá a tugadh don teanga le céad bliain anuas, is iontach liom a laghad Gaeilge atá ar shuíomh gréasáin SF. Beart de réir briathair!!! Mó bhuíochas a Shibéal as mé a chur ar an eolas.

    Ach conas a d’fhéadfadh a bheith dóchasach as SF? Páirtí a thugann tacaíocht do Fhianna Fealltach Fáil is do Fhine gan Ghael agus do na Giollaí Glasa. Conas a d’fhéadfadh a bheith dóchasach as ceannaire SF agus í ag moladh coraintín éigeantach a thabhairt isteach do gach paisinéir a thiocfadh isteach chun na tíre! Internment a thugtaí ar sin am amháin. Anois cá bhfuil an LP a bhí agam leis The Barleycorn. Tá mé ag dúil go mór leis an chéad leagan eile de The Men behind the Wire.

    Nuair a smaoiním ar na gaiscígh a sheas an fód ar son shaoirse na tíre seo agus a fuair bás ar a son: Éamonn Ceannt, Thomas James Clarke, James Connolly, Seán MacDiarmada, Thomas MacDonagh, Patrick Pearse, Joseph Mary Plunkett, Roger Casement, Con Colbert, Edward Daly, Seán Heuston, Thomas Kent, John MacBride, Michael Mallin, Michael O’Hanrahan, William Pearse agus tuilleadh nach iad.
    Nuair a smaoiním ar na laochra a rinne íobairt in 1981: Bobby Sands, Francis Hughes, Raymond Mc Creesh, Patsy O’Hara, Joe Mc Donnell, Martin Hurson, Kevin Lynch, Kieran Doherty, Thomas McElwee agus Michael Devine.
    Nuair a smaoiním ar na céadta eile a throid agus a d’fhulaing chun go mbeimis saor.
    Ansin nuair a smaoiním ar SF an lae inniu -agus déanaim mo dhícheall gan sin a dhéanamh- cuireann sé beaguchtach orm agus cuireann sé samhnas orm. Cá bhfuil an gean anois dár dtír, dár saoirse.

    Bhí tuairim agam go raibh siad dulta ar strae an lá a chonaic mé grianghraf a chuir TD SF ar na meáin shóisialta sa samhradh. Pláta mór lán de gach cineál éisc agus diúilicíní os a chomhair agus mise i mo chistin ag ithe tuna as canna stáin.!