Caithfear an aicme pholaitiúil a choinneáil slán

Bhí súil tar éis mharú Jo Cox go mbeadh daoine níos cúramaí ina gcuid cainte faoi chúrsaí polaitíochta ach ní mar sin a tharla

Caithfear an aicme pholaitiúil a choinneáil slán

David Amess

Glacaimid go léir leis go mbeidh éisteacht le fáil againn ónár bpolaiteoirí áitiúla de réir riachtanais. Gné bhunúsach den daonlathas is ea freastal an fheisire nó an teachta ar ionad comhairleach atá oscailte don ngnáthdhuine.

An amhlaidh a bhéas feasta tar éis mharú uafásach an fheisire David Amess in Essex Shasana, an dara feisire a maraíodh in achar gearr i ré shíochánta?

Fear uasal, gnaíúil ab ea David Amess a raibh meas agus cion ag comhghleacaithe air, fiú ag daoine nár aontaigh leis, dúirt siad. Ceaptar gur ionsaí sceimhlitheoireachta ab ea a shá agus níl an fear a gabhadh cúisithe tráth a bhfuil an t-alt seo a scríobh. Maíodh nach as an gcaint ghránna agus naimhdeas atá de dhlúth agus d’inneach sa chomhrá poiblí anois a d’eascair an t-ionsaí ar an bhfeisire do Southend ach tá an rabharta eolais atá tagtha chun solais le laethanta anuas faoin chaoi a gcaitear le polaiteoirí scanrúil. Ní sa Bhreatain Mhór amháin atá íde na muc is na madraí á tabhairt ar pholaiteoirí- tá imeaglú ar Theachtaí Tionóil agus feisirí abhus chomh coitianta sin anois gur geall le ceol cúlra laethúil é.

D’ainneoin na scéine agus an déistin a chothaigh dúnmharú an fheisire Parlaiminte Jo Cox cúig bliana ó shin rinneamar talamh slán de go bhféadfadh aon saoránach, gan chosc gan cheangal, siúl isteach ag clinic a ionadaí tofa chun cabhair nó comhairle a iarraidh. Sin í an tseirbhís do dhaoine ina thoghcheantar a bhí an Feisire Amess a chur ar fáil nuair a d’ionsaigh an fear scine é, díreach mar a bhí Jo Cox nuair a mharaigh antoisceach ón eite dheis í in ionsaí lámhaigh.

Bhí súil tar éis mharú Jo Cox go mbeadh daoine níos cúramaí ina gcuid cainte, go bhféadfaí easaontú gan a bheith tarcaisneach, ionsaitheach. Níor tharla. Tá an achainí chéanna déanta ag muintir Amess ach tá céimeanna thairis sin riachtanach ar mhaithe le sábháilteacht na bpolaiteoirí, a gcuid oibrithe agus an pobal a thugann cuairt orthu. Méadaíodh caiteachas ar shlándáil na bhfeisirí Parlaiminte ó maraíodh Jo Cox ach faraor, i bhfianaise mharú David Amess agus an t-atmaisféar ina ndéanann polaiteoirí a gcuid oibre, ní mór a dhul i ngleic le dianchontúirt.

Bhí súil tar éis mharú Jo Cox go mbeadh daoine níos cúramaí ina gcuid cainte, go bhféadfaí easaontú gan a bheith tarcaisneach, ionsaitheach

Thug an t-ionsaí Dé hAoine seo caite chun cuimhne feisirí Parlaiminte a maraíodh le linn na dTrioblóidí, tréimhse a cheaptar a bhí i bhfad níos contúirtí do pholaiteoirí in Westminster agus anseo i dTuaisceart Éireann. Mharaigh an tIRA Sealadach triúr -an tUrramach Robert Bradford UUP ag a ionad comhairle i mBéal Feirste i 1981, Sir Anthony Berry, Caomhach i mbuamáil Brighton 1984 agus Ian Gow, in ionsaí pléisce in Sussex i 1990. Mharaigh an tINLA an feisire Airey Neave in Westminster le buama ina ghluaisteán i 1979.

Ina dteannta sin maraíodh na scórtha abhus a bhí gníomhach sa pholaitíocht, idir aontachtaithe, náisiúnaithe agus phoblachtánaithe. Ina measc bhí Edgar Graham an UUP, an Seanadóir Paddy Wilson an SDLP agus John Turnley an 11P, páirtí náisiúnach neamhspleách, agus sin gan ach dornán a lua.

Ní nach ionadh ba é port na bhfeisirí in Westminster agus na dTeachtaí in Stormont a léirigh ómós do David Amess nach ligfí do lucht an fhoréigin an daonlathas a chur as a riocht.

Ach conas a dhéanfar é sin?

Bhí a fhios roimhe seo go raibh foláireamh tugtha ag an PSNI don Aire Sláinte Robin Swann faoi bhagairt. Dúirt Naomi Long an tAire Cirt, ceannaire Alliance, go bhfuair sise foláireamh freisin faoi bhagairt ionsaithe. Is é an scéal céanna é ag Nichola Mallon, SDLP, an tAire Bonneagair, a dúirt go ndearna feachtasóirí frithvacsaínithe imeaglú ar a foireann ina hoifig i dtuaisceart Bhéal Feirste.

Is minic a thugtar faoi ionadaithe agus a gcuid oibrithe ina n-oifigí. Tá slándáil ag na teachtaí in Stormont féin ach ní hiontas é go n-aireodh oibrithe in oifigí soghonta agus a ndoirse ar leathadh chun fóint ar an bpobal. Tá íde béil ar pholaiteoirí ar mheáin shóisialta forleathan ach ina theannta sin is ar éigean má tá Teachta ar bith ann nach bhfuair glaoch gutháin nó ríomhphost bagrach agus nár tugadh faoi ar an tsráid.

I gcaitheamh an deireadh seachtaine bhí an Príomh-Chonstábla i dteagmháil le Teachtaí Tionóil chomh maith leis an 18 feisire Parlaiminte faoina slándáil. Táthar i mbun machnaimh faoin gceist ach ní ribín réidh é an aicme pholaitiúil a choinneáil slán gan cur isteach ar fheidhmiú an daonlathais.

Fág freagra ar 'Caithfear an aicme pholaitiúil a choinneáil slán'

  • Gabriel Rosenstock

    Ceannlíne spéisiúil. Déarfadh daoine áirithe: caithfear an pobal a choinneáil slán ar an aicme pholaitiúil.