Cainteoirí Gaeilge i measc na ‘Last Voices of the Irish Revolution’ i leabhar nua

Labhair an t-údar agus an Corcaíoch Tom Hurley le scór daoine a bhí beo aimsir Chogadh na Saoirse agus Chogadh na gCarad

Cainteoirí Gaeilge i measc na ‘Last Voices of the Irish Revolution’ i leabhar nua

Tá fear a d’fhoghlaim an Ghaeilge ar chomhairle dheartháir Michael Collins, agus a chreid gur bhotún a bhí san iarracht a rinneadh sna 1920idí an teanga a athbheochan ar fud na tíre, ar dhuine díobh siúd a bhfuil a gcuimhní ar Chogadh na Saoirse agus ar Chogadh na gCarad ar fáil i leabhar a foilsíodh le déanaí.

Labhair an t-údar agus an Corcaíoch Tom Hurley le scór daoine a bhí beo aimsir na gcogaí, idir shibhialtaigh agus daoine a bhí páirteach sa troid. Cé gurb iad imeachtaí móra na gcogaí agus na tréimhse ina ndiaidh is mó atá faoi chaibidil sa leabhar Last Voices of the Irish Revolution, tá tuairimí inti chomh maith a bhaineann le dearcadh daoine i dtaobh na Gaeilge.

I measc na ndaoine a chuir an t-údar faoi agallamh, bhí Pádraig Mac Gréine, an béaloideasóir aitheanta ó chontae Longfoirt.

Sa mbliain 1918 a thug Pádraig aghaidh ar Choláiste Phádraig i nDroim Conrach le hoiliúint a fháil mar mhúinteoir bunscoile.  Ní raibh aon Ghaeilge aige ach dúirt sé gur fíorbheagán Gaeilge a bhíodh le cloisteáil sa gcoláiste sin lena linn. Ba chuimhin leis go raibh bord Gaeltachta sa mbialann ach nach mbíodh níos mó ná dhá dhuine dhéag ina suí ansin aon uair.

Mí na Nollag 1921 bhí Pádraig ag múineadh mar ionadaí sa scoil i mBaile Átha an Urchair i gcontae Uíbh Fhailí nuair a casadh Johnny Collins, deartháir le Micheál Ó Coileáin air, agus Johnny díreach scaoilte amach as Inis Píc, mar a raibh sé imtheorannaithe.

Cuairt ar a chuid iníonacha a thug Johnny go dtí Béal Átha an Urchair mar a raibh siad ina gcónaí lena n-aintín. Bhuail an múinteoir óg agus an Coileánach bleid ar a chéile agus dúirt Johnny leis nach mbeadh seans dá laghad aige post múinteoireachta a fháil ach a mbeadh saoirse ag an tír mura mbeadh Gaeilge aige.

Ní raibh focal Gaeilge fós ag Pádraig agus chomhairligh an Coileánach dó dul chun na Gaeltachta agus thug sé seoladh dó i mBéal Átha an Ghaorthaidh.

Ghlac Pádraig lena chomhairle agus i mí an Aibreáin 1922, leag sé a chos den chéad uair ar Bhéal Átha an Ghaorthaidh le freastal ar Choláiste na Mumhan. Conradh na Gaeilge a bhunaigh an coláiste sin i 1903 agus ba é sin an chéad choláiste sa tír a chuir oiliúint teagaisc ar oidí i nGaeilge.

Ba í cuimhne Phádraig ar an gceantar sin gurbh í an Ghaeilge teanga an phobail agus nach mbíodh aon Bhéarla le cloisteáil. D’éirigh sé an-chairdiúil le fear as Albain darbh ainm Ian McKenzie-Kennedy a raibh Gaeilge na hAlban ar a thoil aige ach ar theastaigh uaidh Gaeilge na tíre seo a fhoghlaim. Maraíodh Ian le linn an Chogaidh Chathartha.

Chreid Pádraig Mac Gréine go raibh dul amú ar an dream a bhí i gceannas sa tír seo sna 1920idí a shíl go bhféadfaí an Ghaeilge a athbheochan i gceantair a raibh sí imithe astu le breis is céad bliain.

Thit sé féin i ngrá leis an teanga agus bhí sí aige go líofa. Is iomaí sin páiste ar mhúin sé an Ghaeilge dóibh i rith na mblianta ina dhiaidh sin.  Bhailigh sé na céadta scéal agus amhrán do Choimisiún Béaloideasa Éireann. Údar spéise eile a bhí ag Pádraig ab ea teanga an lucht taistil ar a dtugtar Cant [Gammon], í a bhailiú agus a chaomhnú. Meastar an teanga sin a bheith bunaithe cuid mhór ar an nGaeilge.

Sa mbliain 1922 rinneadh ábhar éigeantach don Ghaeilge i gcuraclam na scoileanna náisiúnta agus dualgas ar oidí dhá uair sa lá scoile a chaitheamh á teagasc.

Tá agallamh le George Cooper a rugadh i mBaile Átha Cliath sa bhlian 1910 in Last Voices of the Irish Revolution chomh maith. Ba í cuimhne George gur cuireadh litir go dtí gach tuismitheoir ar dtús ag fiafraí díobh an dtabharfaidís cead Gaeilge a mhúineadh mar ábhar éigeantach dá bpáiste ar scoil. Ar ndóigh cheapadar mura dtabharfaidís cead go nglacfaí lena gcinneadh ach ní hamhlaidh a bhí riamh, a deir George.

Rugadh Gerry Smyth as contae na Mí i 1907 agus ba chuimhin leis a bheith ag freastal ar Fheis na Midhe i mí an Mheithimh 1919, feis a tionóladh ag na Showgrounds san Uaimh. Bhí na sluaite i láthair san Uaimh as ceithre hairde na tíre agus ba é Eoin Mac Néill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, a rinne an oscailt oifigiúil. Ina óráid an lá sin mhol Mac Néill don slua an Ghaeilge a fhoghlaim agus gan a bheith róbhuartha faoi leabhair ná gramadach ach í a fhoghlaim mar theanga bheo. Thagair moltóir amháin do chaighdeán Gaeilge na leanaí agus dúirt sé nach raibh iarrthóir ar bith eile in aon ghaireacht do líofacht Gaeilge na ndaltaí as scoil Stigh Colláin i gcontae na Mí. B’in í an scoil ar a raibh Gerry Smyth ag freastal agus bhí sé ar dhuine díobh siúd a thug duais abhaile leis ó Fheis na Mí an lá sin.

Ochtó bliain ó tháinig deireadh leis an gCogadh Cathartha, thosaigh Tom Hurley ag smaoineamh ar an saol sa ré sin agus cé acu an mbeadh mórán daoine fós ina mbeo a mhair sna blianta corracha sin ó 1919 go dtí 1923, agus a chaitheadh súil siar ar an mbail a bhí ar an tír roimh an troid sin ar fad agus ina diaidh.

Céard iad na cuimhní agus na scéalta a bhí ag na daoine sin agus céard a cheap siad anois ina seanaois faoin tréimhse shuaite sin?

I dtús na bliana 2003, a thaifead sé scéal ocht nduine dhéag den dream sin agus an bhliain dár gcionn thaifead sé scéalta ó bheirt eile sna Stáit Aontaithe. Labhair Tomás le meascán maith daoine a bhí sna déaga nó i dtús na bhfichidí le linn an chogaidh chathartha sa tír seo – Caitlicigh, Protastúnaigh, Aontachtaithe agus Náisiúnaithe.  Bhí an té ab óige acu 92 bliain d’aois agus bhí an céad bliain sáraithe ag triúr déag díobh.

Clúdaíonn Tomás leathchéad bliain sa leabhar, ag tosú in 1899 nuair a saolaíodh an té ba shine de na finnéithe agus críochnaíonn sé i 1949 nuair a fógraíodh an Saorstát ina Phoblacht.

Fág freagra ar 'Cainteoirí Gaeilge i measc na ‘Last Voices of the Irish Revolution’ i leabhar nua'