Cáineadh déanta ar mheon ‘frith-Ghaeilge’ agus ‘caint dhéistineach’ an DUP

Dúirt Comhairleoir de chuid Shinn Féin gur masla a bhí sa chaint ‘dhéistineach” a rinne comhairleoirí aontachtacha ag cruinniú de Chomhairle Chósta an Chlocháin agus na nGlinnte

Cáineadh déanta ar mheon ‘frith-Ghaeilge’ agus ‘caint dhéistineach’ an DUP

Comhairleoirí Shinn Féin, Leanne Peacock agus Kathleen McGuirk

Tá ráite ag Conradh na Gaeilge go bhfuil neamhaird á tabhairt ar chearta teanga agus ar na Náisiúin Aontaithe ag polaiteoirí de chuid an DUP atá ag iarraidh stop a chur le moltaí faoin nGaeilge.

Bhí conspóid ag cruinniú de Chomhairle Chósta an Chlocháin agus na nGlinnte Dé Máirt nuair a mhaígh Comhairleoir ón DUP nach raibh Sinn Féin ach ag iarraidh achrann a thosú agus fearg a chur ar dhaoine agus iad ag moladh athrú ar pholasaí Gaeilge na Comhairle.

Níor éirigh le moladh an Chomhairleora Kathleen McGuirk nach mbeadh gá feasta ach le tacaíocht 15% de na daoine atá ina gcónaí ar shráid chun go gceadófaí comhartha dátheangach a chrochadh. Tá tacaíocht 66% de dhíth faoi láthair.

Dúirt an Comhairleoir Adrian McQuillan ón DUP go raibh a fhios ag Sinn Féin nach raibh seans dá laghad ann go nglacfaí leis an moladh agus nár cheart moltaí faoin nGaeilge den chineál seo a chur os comhair na Comhairle arís.

Mhaígh McQuillan go raibh Sinn Féin ag iarraidh ‘mob rule’, nó ‘dlí na droinge’ a chur i bhfeidhm agus deis a thabhairt do mhionlach comhartha dátheangach a chrochadh ar shráid.

Dúirt an Comhairleoir Kathleen McGuirk ó Shinn Féin go ndearna sí an moladh tar éis do dhaoine sa toghcheantar iarraidh uirthi a gcás a chur chun cinn.

Ó thús na bliana seo, ghlac trí chomhairle ceantair eile le polasaithe nua a fhágann go mbeidh sé níos éasca comharthaíocht sráide dhátheangach a chur in airde – Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, Comhairle Chathair Dhoire agus an tSratha Báin agus Comhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí.

Dúirt Comhairleoir eile de chuid Shinn Féin, Leanne Peacock, gur bhain an meon ‘frithGhaelach’ a léiríodh ag an gcruinniú siar aisti agus go raibh sí maslaithe ag “caint dhéistineach” na gcomhairleoirí aontachtacha. Dúirt Peacock go dtabharfadh Sinn Féin dúshlán chinneadh na Comhairle faoi cheist na comharthaíochta dátheangaí.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, an Dr Niall Comer, go bhfuil “neamhaird á tabhairt ar chearta teanga, ar an Chairt Eorpach, ar na Náisiúin Aontaithe & ar stair shaibhir an dinnseachais” i gcás na comharthaíochta dátheangaí i dTuaisceart Éireann.

Fág freagra ar 'Cáineadh déanta ar mheon ‘frith-Ghaeilge’ agus ‘caint dhéistineach’ an DUP'