Cáineadh an Uachtaráin sa Ghearmáin thar fóir

Fiú má shíleann ár bhformhór go bhfuil tuairim an Uachtaráin ar an mBreatimeacht réasúnta, ní foláir cuimhneamh ar an tsíocháin i dTuaisceart Éireann, leas eacnamaíochta an stáit seo agus an buanriachtanas dea-chaidreamh a chothú leis an Ríocht Aontaithe…

Cáineadh an Uachtaráin sa Ghearmáin thar fóir

Dá mhéid é ár meas ar an Uachtarán Ó hUigínn agus ar a chumas mar óráidí, tuigeann ár bhformhór nach féidir leis labhairt mar a labhraíonn an gnáthdhuine.  

Ní foláir do gach uachtarán cuimhneamh ar a dhualgais, ar leas an náisiúin, agus ar an mBunreacht agus a thuairimí á nochtadh aige. Is treise an riachtanas uaireanta, mar shampla nuair a bhíonn sé ag labhairt thar lear agus é ar chuairt stáit, mar a bhí Mícheál D. Ó hUigínn sa Ghearmáin i rith na seachtaine.

Bhí feisire Eorpach an DUP Diane Dodds i measc na ndaoine a cháin a ráiteas Dé Céadaoin inar dhúirt sé go raibh ‘racht feirge’ tagtha ar an mBreatain (mar gheall ar an mBreatimeacht). Dar léi nár léirigh a ndúirt an tUachtarán meas mar ba chóir ar an vóta daonlathach sa Ríocht Aontaithe ná ar a thoradh.

Is fiú mar sin tagairt dhíreach a dhéanamh do ráiteas an Uachtaráin. Bhí sé i láthair ag lón a reáchtáil an Bord Bia i mbialann i mBeirlín nuair a dúirt sé go raibh súil aige nach dtiocfadh laghdú ar easpórtáil bia as Éirinn “…as our nearest neighbour continues to throw a tantrum”. 

Níor thug polaiteoirí ná meáin na Breataine aon aird ar a ndúirt sé, ar na gnáthchúiseanna agus toisc go bhfuiltear gafa thall le geamaireacht thoghchán ceannaireachta na gCaomhach. Ní féidir a bheith cinnte mar sin féin nach ndéanfaidh feisirí parlaiminte an DUP nó feisirí eile iarracht aird a tharraingt ar a chuid cainte an tseachtain seo chugainn.

Ní leis na focail a dúirt sé a bhaineann an cheist a spreagann ráiteas an Uachtaráin – bheadh go leor daoine sa tír seo ar aon tuairim leis – ach lena gcuibhiúlacht agus lena n-oiriúnacht. Ar chóir don Uachtarán labhairt go géar faoi ábhar a bhaineann go dlúth le caidreamh achrannach na hÉireann leis an mBreatain, go háirithe i ré seo an Bhreatimeachta? 

Is fiú forálacha an Bhunreachta a mheá agus an cheist á plé. Níl srian faoi leith sa Bhunreacht ar chead cainte an Uachtaráin, ach tá treoir ghinearálta tugtha in airteagal amháin:

… is ar chomhairle an Rialtais amháin is cead don Uachtarán na cumhachtaí agus na feidhmeanna a bheirtear dó leis an mBunreacht seo a oibriú is a chomhlíonadh. (Airteagal 3.9)

Deir airteagal eile sa Bhunreacht (8.1) nach bhfuil an tUachtarán freagrach don Oireachtas maidir le comhlíonadh a dhualgais. Is ar an bhforáil sin a bunaíodh an nós imeachta nach bpléitear ráitis ná gníomhartha an Uachtaráin sa Dáil ná sa Seanad.

Tá cead cainte an Uachtaráin méadaithe go mór ag na huachtaráin a toghadh ó 1990 ar aghaidh – Máire Mhic Róibín, Máire Mhic Giolla Íosa agus Mícheál D Ó hUiginn féin, arbh léir ó thús a thoil tabhairt faoi ábhair pholaitiúla.

Níl polasaí rialtais cáinte go díreach aige, ach in 2014 mar shampla, dúirt sé gur faoi ghéarchéim tithíochta ba chóir a bheith ag caint seachas faoi ghanntanas tithíochta. Tá córas an tSoláthair Dhírigh d’iarrthóirí tearmainn cáinte aige, chomh maith le polasaithe náisiúnta agus Eorpacha a chuireann róbhéim ar luachanna an mhargaidh.

Níl saoi gan locht, áfach, ná uachtarán. Ní haon iontas é, agus an oiread ráiteas sin déanta ag an Uachtarán Ó hUigínn, gur spreag a ndúirt sé uaireanta míshásamh réasúnta – mar shampla, nuair a mhol sé ceannaire Chúba, Fidel Castro i ndiaidh a bháis. Ní raibh ach tagairt lag indíreach ina ráiteas don sárú ar chearta an duine sa tír sin.

Go hiondúil, bíonn ráitis an Uachtaráin tomhaiste agus cúramach. Ní féidir a ndúirt sé i mBeirlín a chosaint ar an mbonn sin áfach. Fiú má shíleann ár bhformhór go bhfuil a thuairim ar an mBreatimeacht réasúnta, agus muid go léir tinn tuirseach den mheon aineolach frith-Eorpach atá i réim in Westminster, ní foláir cuimhneamh i gcónaí ar thrí rud an-tábhachtach – an tsíocháin agus leas an phobail i dTuaisceart Éireann, leas eacnamaíochta an stáit seo agus an buanriachtanas dea-chaidreamh a chothú leis an Ríocht Aontaithe. 

Níl aon dul as ag Taoiseach ná ag uachtarán ar bith ach na tosca seo a chur sa mheá i gcónaí agus é ag labhairt go poiblí. 

Labhair an tUachtarán go míchúramach i mBeirlín nuair a thagair sé do ‘racht feirge’ na Breataine. Bhí an ceart ag Diana Dodds (cé nach ndeirtear a leithéid sa cholún seo go minic) nuair a cháin sí a ráiteas. B’fhearr dó a bheith ina thost an iarraidh seo.

Ní foláir d’uachtarán meas ar ár gcomharsana a léiriú i gcónaí, ainneoin a thuairimí pearsanta, ar mhaithe le leas gach Éireannach thuaidh agus theas.

Fág freagra ar 'Cáineadh an Uachtaráin sa Ghearmáin thar fóir'

  • Gabriel Rosenstock

    Tá an tUachtarán in ann aire a thabhairt dó féin. Níl aon ghá aige le comhairle choimeádach sa chás seo, ó Diana Dodds ná ó dhodaire ar bith eile.

  • Garry Bannister

    Ní fear molta an uachtaráin mise. Níor thugas mo vóta dó an chéad uair ná an dara ach oiread nuair bhí Ó hUigínn ar lorg an phoist sin ach sin raite, tugaim a cheart dó nuair a bhíonn an ceart aige agus ar uaire ní mór don duine a chroí a nochtadh, go háirithe i gcásanna géarchéime mar a bhíonn dár mbagairt na laethanta seo. Tá an Bhreatain, ni hea, tá Sasana agus an DUP (mionlach protastúnach antoisceach an Tuaiscirt) imithe leis na craobhacha ar fad le trí bliana anuas. Bhí an DUP i gcónaí as a meabhair le biogóideacht, le fuath paiteoalíoch do gach rud a bhaineann leis an saol comhaimseartha ón seachtú haois déag ar aghaidh, ach maidir le Sasana, bheul, ó chinneadh ar imeacht na Breataine ón AE, feicimid iad siúd a bhíonn i bhfad amach ar an eite dheis ag teannadh isteach ar luas lasrach go saol lárnach polaitiúil na Breataine agus is cuma cad a deir na saineolaithe eacnamaíochta nó lucht gnó, nó smaointeoirí ciallmhara ar bith…. is cuma sa diabhal le Farage, Mogg, agus a leithéidí… rachaidh siad ar aghaidh le ‘Bojo the Clown’ mar chaptaen a loinge díreach isteach i bhfaraigí na gcnoc oighir. Ní imíonn an íoróin ormsa gur i mBéal Feirste a tógadh an Titanic. Mar sin, dar liomsa Gabriel, ní amháin go bhfuil sé de cheart ag Ó hUigínn ach tá sé de dhualgas ag an uachtarán fírinne na hamaidí uile seo a lua (go cliste greannmhar mar a rinne) nuair a bhíonn sé ar cuairt oifigiúil thar lear.

  • Pat Butler

    Is trua liom gur labhair an tUachtarán sa chaoi sin.
    Go háirithe mar gur duine é atá iontach goilliúnach faoi íomhá a sheasamh mar ‘saoi feasa an dhea-bhreithiúnais’, seachas ‘populisto’ an mhasla éasca.
    Ach, níos measa ná sin fós, peaca in aghaidh ceann eile de ghoilliúnachtaí eile an Uachtaráin reatha atá ann – slacht agus géirchúis an fhile ina roghnú focal.
    Ní raibh an Uigíneach slachtmhar, ná cúramach, in úsáid na bhfocal áirithe sin.
    Homer, ó am go chéile, unfortunately nods.
    Níor sin buaicphoinnte ré an Uachtaráin reatha.

  • Liam Mac Lochlainn

    Bhí an ceart ag an Uachtarán. Tá Rialtas na Breataine ag titim as a chéile. Tá cainteanna an Bhreatimeachta ag titim as a chéile. Tá na polaiteoirí i Londain ag amaidí le trí bliana anuas. Tá siad ag cur todhchaí na tíre seo agus todhchaí a dtíre féin i mbaol. Ní thig leis an Uachtarán bheith ina thost: is ionadaí na hÉireann é. Ní thabharfainn féin ‘tantrum’ ar iompar Rialtas na Breataine. Tá sin róbhog. Cúis náire atá ann.

  • Concubhar O Liathain

    Is aid Airteagal 13.9 agus Airteagal 13.8.1 na h-airteagail ar cheart tagairt déanta dóibh san alt seo. Shamhlódh duine go mbeadh a fhios ag lucht foilsithe shuíomh nuachta i nGaeilge an tabhacht ar leith a bhaineann le hAirteagal 8.1.