Caillfear cuid den spórt le meath an pháipéir nuachta

Ag seanriadairí ar mo nós féin amháin a fheicfidh tú páipéar an lae amach rompu na laethanta seo

Caillfear cuid den spórt le meath an pháipéir nuachta

Níl sé ach dornán beag blianta ó shin ó chonaic mé go raibh sé ráite ag Príomhfheidhmeannach an chomhlachta Mediahuis go mba é an bás a bhí i ndán don nuachtán laethúil. Is beag d’iontas a chuir sin orm. Ag seanriadairí ar mo nós féin amháin a fheicfidh tú páipéar an lae amach rompu na laethanta seo.

Anois is ar na meáin shóisialta a dhíríonn tromlach na hóige agus iad ar thóir na nithe a dtáinig a sinsear orthu clóite, ráite, nó ar scáileán na teilifíse. Níl a dhath iontais le déanamh de sin. Tá an bealach nua níos tapúla, níos gonta agus níos saoire.

Rud a bhain croitheadh asam, áfach, ab ea gur dhúirt an Príomhfheidhmeannach go raibh bás an nuachtáin laethúil ar leic na tairsí againn – chomh gar dúinn le 2029, nó 2032 ar a dheireanaí. Nuachtáin Domhnaigh amháin a mhairfidh ina dhiaidh sin, dar leis.

Peter Vandermeersch an t-ainm atá ar an bhfear agus ní féidir neamhaird a dhéanamh dá bhreithiúnas. Tá sé i gceannas ar cheann de na comhlachtaí foilsitheoireachta nuachtán is mó dá bhfuil. Tá láimhdeachas €1.2 billiún in aghaidh na bliana sa leathdhosaen tír de chuid na hEorpa ina bhfuil siad ag feidhmiú.

Sa tír seo is leo an Sunday Independent, Irish Independent, Belfast Telegraph, agus Sunday World, mar aon le dosaen nuachtáin áitiúla. Measann tú nach leo Ireland’s Own freisin?

Tá titim ollmhór ar dhíolachán páipéir nuachta ar fud a domhain le 20 bliain anuas agus sin an fáth a bhfuil leithéidí Mediahuis ag díriú ar na meáin dhigiteacha.

Meastar go bhfuil 3,000 níos lú nuachtán sna Stáit Aontaithe ná a bhí in 2025. Sa mBreatain facthas deireadh ré ag beagnach 300 nuachtán áitiúil san achar sin – bhí oiread á bhfoilsiú san 18ú céad agus atá inniu.

Is é an Irish Independent an ceann laethúil is mó a bhfuil ceannacht sa tír seo air – fós tá an díolachán tite go dtína leath nach mór le deich mbliana. B’in an fáth agus iad ag snámh in aghaidh easa, gurbh é an rud ba thúisce a rinne Mediahuis nuair a cheannaigh siad é in 2020 ná eagrán digiteach den nuachtán a chruthú don chéad uair ariamh. Cúig bliana dár gcionn tá 100,000 duine ag íoc síntiús leo ar a shon.

Teacht na teicneolaíochta nua-aoise is mó is cúis le meath an pháipéir nuachta. Tá muide ar ansa linn cúrsaí spóirt ag iompú nó iompaithe ina threo mar go mbíonn an scéal atá uainn againn ar an toirt, go minic i bhfoirm físe. Ní hamháin sin ach tá teacht air fiú más i lár na farraige móire atá muid, ar bharr Chruach Phádraig, nó i lagpholl an phortaigh.

Tá a gcuid suíomhanna féin anois ag chuile mhórfhoireann spóirt ar fud na cruinne. Cén fáth go bhfanfadh duine an uair an chloig féin ag fanacht le scéal faoin bhfoireann atá roghnaithe nó cén bhail atá ar an bhfear atá gortaithe nuair atá sin le fáil láithreach bonn lena chorrmhéar.

Anuas air sin ní gá duit a bheith ag brath ar aon áisíneacht lena theacht ar a bhfuil le rá ag lúthchleasaithe móra na linne. Ach an mhéar chéanna a chur ag obair arís tá sin le fáil óna mbéal féin. Féach gurb iad Cristiano Ronaldo (670 milliún duine) agus Lionel Messi (511 milliún) an bheirt is mó a bhfuil leantóirí acu ar Instragram. 353 milliún atá ag Kim Kardashian (ní dheirtear cé dó a imríonn sí).

Tá baint ag cúrsaí costais freisin le meath na nuachtán mar ní suimeanna beaga a chuireann iriseoirí ó cheann ceann na tíre ar thóir nuachta nó ag tuairisciú ar chluiche.

Tá méadú dá réir air sin i dtíortha atá ollmhór nuair is costas eitilte a bhíonn i gceist. Fiú i dtírín bheag ar ár nós féin tabhair faoi deara gur minic gurb í an tuairisc chéanna, faoin ainm céanna, a bhíonn ag nuachtáin Mediahuis in Éirinn. Bhí an lá ann nuair a bheadh tuairisceoir dá gcuid féin i láthair ag chuile eagrán.

Tá athrú freisin ar ndóigh ar chur chuige na hiriseoireachta féin, go háirithe sa spórt. Níos lú den anailís á déanamh sa lá atá inniu ann agus cuid mhaith de sin i lámha iar-imreoirí, iarbhanisteoirí nó curtha i láthair ar bhealach a bhfuil níos mó siamsaíochta ag baint leis. Podchraolta mar shampla.

Fiú má chuireann an t-athrú beagán aithreachais ort mar a dhéanann liomsa, níl de rogha ann ach glacadh leis. Ní féidir dul in aghaidh an tsrutha. Fós airím uaim an deis rud a bheadh dea-scríofa a léamh an dara huair, ní áirím an solamar a bhainim as a theacht ar shean-nuachtán san áiléar nó i gcófra.

Tá suaimhneas éicint ag baint le bheith ag léamh leathanaigh nuachtáin. Ní thagann a leithéid chun cinn agus duine ag breathnú ar scáileán beag agus ag fliceáil chuile dhara soicind.

Bheadh faitíos freisin orm gur go hannamh anois a fheicfidh muid an oiread sin de na mórscríobhneoirí spóirt a fuair oiliúint ón mbun aníos i nuachtáin agus in irisí áitiúla sula bhfuaireadar deis ar mhargaí níos mó. Sin fíor go háirid sna Státaí.

Cé go ndíoltar 3 mhilliún cóip i gcónaí, is uair chuile mhí a fhoilsítear Sports Illustrated ansiúd na laethanta seo – bhíodh sin á dhéanamh go seachtainiúil go dtáinig 2018.

An tseachtain seo caite d’fhógair an Washington Post go bhfuileadar le deireadh a chur le rannóg spóirt an nuachtáin mar a bhí agus ag ligean le 300 dá chuid oibrithe.

Is don nuachtán céanna sin a scríobh cuid dena hiriseoirí agus de na húdair ab fhearr i mbun pinn – ina measc John Feinstein, a dtabharfainn féin an chraobh dó.

Céard é siúd a bhí le rá ag Bob Dhiolúin tráth faoin am a bheith ag athrú?

Níor dhúirt sé an chun cinn nó chun deiridh a bhí an clog le dhul. Ní déarfaidh ná mise.

Fág freagra ar 'Caillfear cuid den spórt le meath an pháipéir nuachta'