Cad atá i ndán don Bhreatimeacht anois?

Beidh sé deacair ar Boris Johnson síneadh ama ar an mBreatimeacht a sheachaint

Cad atá i ndán don Bhreatimeacht anois?

Anois cá bhfuil an Breatimeacht? An lá deireanach de mhí Eanáir, d’fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach. Rinneadh ceiliúradh ar fud Shasana chomh maith le cur agus cúiteamh go leor ar an oileán seo agus in Albain faoi cén tionchar dáiríre a bheadh ag an gcor cinniúnach sin i stair an dá oileán orainn ar fad go fadtéarmach. Is beag a cheap aon duine againn ag an tráth sin, cé go raibh tuairiscí á ndéanamh ar ráig de ghalar nua coimhthíoch sa tSín, go mbeadh cúrsaí mar atá anois.

Ó toghadh é roimh an Nollaig, bhí rialtas Boris Johnson diongbháilte nach lorgódh siad síneadh ar an tréimhse eatramhach iarBhreatimeachta agus go mbeadh conradh trádála a déanta acu leis an Aontas faoi dheireadh na bliana. Bheidís ag imeacht an tráth sin, bíodh conradh acu nó ná bíodh.

Is féidir a rá, is dóigh, go bhfuil an próiseas idirbheartaíochta don chonradh trádála sin ar atráth mar gheall ar COVID-19. Níor reáchtáladh go dtí seo idir an dá dhream ach  babhta amháin cainteanna, trí lá go leith ar fad. Cuireadh an dara babhta a bhí le reáchtáil i Londain ar ceal agus caolseans go reáchtálfar an babhta a bhí beartaithe an tseachtain seo chugainn. Buaileadh  Michel Barnier agus príomh-eadránaí na Breataine David Frost tinn. Tá an víreas ar an bPríomh-Aire Johnson é féin.

Leanadh inné leis an gcéad chruinniú den chomhchoiste a bunaíodh idir an tAontas Eorpach agus an Bhreatain leis an gconradh aistarraingthe a chur i gcrích. Seo an coiste a bheidh i bhfeighil ar chur i bhfeidhm Phrótacal Thuaisceart Éireann. Beidh an coiste freagrach as réiteach a fháil ar aon easaontas a thiocfaidh chun cinn faoin mbrí atá leis an gconradh aistarraingthe. I gcás na hÉireann, tabharfaidh sé soiléiriú faoin socrú i dtaobh na teorann, agus go háirithe ceist na teorann i Muir Éireann, ar mhaithe lena chinntiú go mbeidh na rialacha céanna i bhfeidhm thuaidh agus theas ar oileán na hÉireann agus nach mbeidh aon bhaol ann go mbunófaí teorainn anseo in athuair.

Ní foláir ná gur beag caint ar mhionsonraí is féidir a dhéanamh agus cúrsaí mar atá faoi láthair. Michael Gove a bhí páirteach sa gcruinniú thar ceann rialtas na Breataine.

Dúirt seisean go neamhbhalbh go mbeadh an Bhreatain sásta imeacht gan chonradh mí an Mheithimh mura mbeidh creatlach de chonradh trádála ullmhaithe. Tá sé ráite ag Uachtarán an Choimisiúin, Ursula van der Leyen, go mbeidh sé dodhéanta, dar léi, conradh sásúil trádála a chur le chéile faoi dheireadh mhí an Mheithimh. D’impigh ionadaithe ón ngrúpa is mó i bParlaimint na hEorpa, an EPP, ar an mBreatain an síneadh ama atá ceadaithe dóibh a lorg. Dúirt urlabhraí ó Shráid Downing nach bhfuil sé i gceist a leithéid a dhéanamh.

Céard a tharlóidh mar sin? Cheapfainn féin go mbeidh sé deacair síneadh ama a sheachaint ag an tráth seo. Má tá ceacht amháin foghlamtha againn ó dheireadh mhí Eanáir, is é sin gur deacair go minic, beag beann ar a dhiongbháilte atá tú, gan géilleadh dá bhfuil i ndán duit.

Fág freagra ar 'Cad atá i ndán don Bhreatimeacht anois?'