Cad a dhéanfaimid feasta gan Paulie?

Ba é Paul O’Connell an tosach ab fhearr a a d’imir riamh ar fhoireann rugbaí na hÉireann agus ná bíodh aon sáraíocht faoi sin

A leagan féin den chéad líne sa dán ‘Cill Chais’ a mheabhraigh scéal mór spóirt na seachtaine do Sheán Ó’ Rourke nuair a tháinig sé chun solais Dé Máirt nach raibh de rogha ag duine de mhór-laochra an rugbaí ach éirí as. “Cad a dhéanfaimid feasta gan Paulie?” a d’fhiafraigh sé de Des Cahill ar a chlár raidió.

Saol na bhfuíoll agus rabairne na dtiarnaí talún ba chúis le deireadh na gcoillte i gCill Chaise – b’éigean do na Buitléirigh iad a leagan agus a dhíol lena gcuid fiacha a íoc. Gortú a chuir deireadh le saol imeartha an chrainn a raibh O’Rourke agus Cahill ag trácht air, an tosach ab fhearr a chonaic mise ag imirt ar fhoireann rugbaí na hÉireann agus ná bíodh aon sáraíocht faoi sin.

Beagán le cois dhá bhliain agus fiche a bhí Paul O’Connell nuair a d’imir sé i bpéire de na cluichí ina bhfuair muid amharc den chéad uair ar an éadan díograiseach agus ar an gcolainn ghéagach, neartmhar, lúfar ar chuir muid aithne mhaith air sna blianta a lean.

Níor lonraigh na tuilsoilse go gléineach ar a phlait an uair sin mar a rinneadar i ndeireadh a chuid imeartha agus cheil an folt rua gruaige freisin na drúchtíní allais a bhíodh le feiceáil ar a bhaithis le blianta beaga agus a raibh ann tugtha aige ar son a thíre nó a chúige. Ar an taobh eile den scéal ní baileach go raibh na mása chomh toirtiúil céanna, ach fiú nuair nach raibh sé ach beagán le scór bliain d’aois bhí Paul O’ Connell 17 gcloch mheáchain, agus sé troithe sé horlaí ar airde.

Theastaigh sin uilig uaidh. Nuair a chuaigh sé i mbun ceangail lena chaptaen Muimhneach (Mick Galwey) i gCluiche Ceannais Chorn Heineken 2002 in aghaidh Leicester, ba iad Peter Clohessy, Frankie Sheehan agus John Hayes a bhí amach roimhe agus Alan Quinlan, David Wallace agus Anthony Foley ar a chúl.

Nuair a chromadar ba iad Graham Rowntree, Dorian West, Darren Garforth, Martin Johnson, Ben Kay, Lewis Moody, Neil Back agus Martin Corry a bhí ag brú ina gcoinne.

Gan an cumas a bheith ionat, ba ghairid é do shaol ina measc siúd, bíodh gur óg nó sean tú.

Cúpla mí roimhe sin d’imir Paul O’ Connell d’fhoireann na hÉireann don chéad uair agus scóráil sé úd in aghaidh na Breataine Bige ar Bhóthar Lansdúin. Bhí a chomrádaithe Clohessy, Sheehan, Hayes, Galwey, Wallace agus Foley ar lámh le ceiliúradh a dhéanamh ar an úd a scóráil an Conallach – ba é Simon Easterby an t-aon tosach ar fhoireann na hÉireann nár Mhuimhneach é.

Faraor d’fhág buille a fuair sé gur bheag ba chuimhneach le Paulie faoin úd ná faoin gceiliúradh agus go gairid ina dhiaidh tógadh den pháirc é.

Ár ámharaí an tsaoil ba bheag a ghoill sin air agus fuair sé neart údair cheiliúrtha as sin gur éirigh sé as an imirt idirnáisiúnta anuraidh agus as imirt na gclubanna an lá faoi dheireadh.

Ba bheag de laethanta móra na hÉireann ná na Mumhan nach raibh lámh aige iontu – Coirn Heineken 2006 agus ’08 (mar chaptaen) agus buanna na Mumhan sna Sraithchomórtais; an chéad Choróin Thriarach ag Éire le 19 mbliana leis an mbua ar Albain in 2004 agus an chéad Grand Slam le 61 bhliain in 2009.

Ba é a scóráil an t-úd deireanach a facthas ar an tseanpháirc i mBóthar Lansdúin in 2007 agus an bhliain dar gcionn ba é a bhí ina chaptaen ar Éirinn nuair a imríodh cluiche rugbaí ar Pháirc an Chrócaigh don chéad uair.

Beidh cáil chomh mór ar Paul O’Connell as a chumas cinnireachta agus a bheas air as a chumas imeartha. Ní raibh ach dhá shéasúr déanta aige ar an bhfoireann idirnáisiúnta nuair a ceapadh ina chaptaen é in 2004 nuair a bhí Brian O’ Driscoll gortaithe, cúram a rinne sé go minic ina dhiaidh sin nuair nach mbíodh an Drisceolach ar fónamh. Roghnaíodh mar chaptaen ar na Leoin é in 2009 nuair a thugadar cuairt ar an Afraic Theas. Bhí sé ar thurais chun na Nua Shéalainne (2005) agus chun na hAstráile (2013) leo freisin. Teistiméireacht ar an meas a bhí air thar lear ab ea gur iarradh ar Paul fanacht chun comhairle agus oiliúint a chur ar an bhfoireann nuair a gortaíodh é sa gcéad teist ar a thuras deireanach.

An bhfuil buaic faoi leith le roghnú as an liosta sin, ceann a d’fhéadfadh a bheith chomh fada céanna arís dá mba áil leat sin?

An t-úd sin sa gcéad chluiche nó a thaispeántas go dtáinig an t-am gur gortaíodh é in aghaidh na Fraince i gCorn Domhanda na bliana seo caite ? Nó ócáid éicint idir eatarthu, cosúil leis an gceann ar thiomáin sé Sebastian Chabal roimhe leath fhaid na páirce sa gcluiche in aghaidh Sale ar Pháirc Thuamhan in 2006, nó an t-am ar thug sé féin agus Jamie Cudmore faoina chéile ansiúd freisin dhá bhliain dar gcionn. Díbríodh Cudmore den pháirc ar fad an tráthnóna sin agus taispeánadh cárta buí do O’ Connell, a mba dhóbair dó siúl sa mullach ar Joe Schmidt agus é ag imeacht – Schmidt ar fhoireann oiliúna Clermont ag an am.

Bíodh do rogha agat. A iompar agus a thiomantas i ngach cluiche ina bhfaca mé ag imirt é a fhanfaidh i mo chuimhne féin – a uaisleacht, a ionracas, a dhúthracht, a dhéine, a dhíograis, a dháiríreacht agus a cheannaireacht.

Dá bhfágfaí an rogha faoi féin tá sé dá fheiceáil dom gur geansaí dearg a bheadh á chaitheamh aige sa gcluiche agus ní hé ceann na Leon ach an oiread é.

Tráthúil go leor tá ceathrú eile sa dán Cill Chais a bheadh thar a bheith oiriúnach ó thaobh an scéil de dá mba le Toulon a chaith O’ Connell an dá bhliain dheireanach dá shaol imeartha, mar a bhí pleanáilte:

Anois mar bharr ar gach mí-ghreann
chuaigh prionsa na nGael tar sáil,
anonn le hainnir na míne
fuair gairm sa bhFrainc is sa Spáinn

Ár mbuíochas a Paulie. Céard a dhéanfas muid feasta do d’uireasa ?

Fág freagra ar 'Cad a dhéanfaimid feasta gan Paulie?'