Cáca, conspóid, coinsias agus comhionnanas

Is fada an lá ó chaill an DUP an cath ar a dtugadar ‘Save Ulster from sodomy’ ach tá go leor acu fós dubh dóite in aghaidh chearta do homaighnéasaigh.

maxresdefault
Na puipéid Bert agus Ernie ó Sesame Street a bhí le bheith mar mhaisiúchan ar an gcáca ‘conspóideach’ a mbeadh ‘tacaigh le pósadh aerach’ scríofa air.

Obair theicniúil a bhí idir lámha ag na Teachtaí Tionóil i Stormont, iad ag ceadú mionleasuithe ar mhaoiniú na ranna nuair a bhain Jim Allister siar astu. Theastaigh uaidh go ndéanfaí ciorrú leathmhilliún punt (£500,000 ) ar bhuiséad an Choimisiúin Chomhionannais. Ní hiontas é ceannaire an TUV, ná an DUP agus an UUP, a bheith ag caitheamh anuas ar an gCoimisiún. Tá an naimhdeas seanbhunaithe. An babhta seo, b’éigean do náisiúnaithe, Sinn Féin agus SDLP aontú agus achainí ar bhonn ábhar buartha a dhéanamh. Chinntigh an tseift sin nach nglacfaí le rún an TUV.

Bhí an fogha faoin gCoimisiún ag teacht le gnáthchleachtas, gan dabht. Ní bhainfeadh sé geit as éinne. Ach ní hamhlaidh le húdar an easaontais. Achrann faoi cháca.

‘Sea, císte. Níl mearbhall ort. Cás a bhí ina chúis gháire i dtosach ach a ghoill chomh mór sin ar dhaoine go bhfuil sé le bheith os comhair cúirte i gceann cupla mí.

Go hachomair, chinn an Coimisiún anuraidh go dtógfadh sé cás sibhialta i gcoinne Ashers Baking Company nuair a dhiúltaigh an comhlacht leithscéal a ghabháil mar gur dhiúltaigh sé cáca a sholáthar. D’iarr an custamaeir císte leis na puipéid Bert agus Ernie, ó Sesame Street mar mhaisiúchan air agus “tacaigh le pósadh aerach” scríofa air. Ní raibh an bácús toilteanach an scríbhinn a dhéanamh mar gur sháraigh sé a gcreideamh soiscéalach.

Tharraing iompar an chomhlachta agus iompar an Choimisiúin raic. Faoin chúirt a bheidh sé a shocrú ar sháraigh Ashers an dlí in aghaidh idirdhealú ar bhonn gnéaschlaonta, mar atá á mhaíomh ag an gCoimisiún. Mhaígh Jim Allister gur ghéarleanúint ar Chríostaithe ab ea cás an Choimisiúin agus gur léir go raibh a bhuiséad i bhfad romhór má bhí sé in acmhainn a dhul i mbun a leithéid d’fheachtas.

Is fada an lá ó chaill an DUP, ina raibh Allister ag an am, an cath ar a dtugadar ‘Save Ulster from sodomy’ ach tá go leor acu fós dubh dóite in aghaidh chearta do homaghnéasaigh. Tá gluaiseacht Chríostaí ag bailiú airgid chun tacú leis an mbácús agus feachtas ar bun ag an DUP chun eisceacht don dlí comhionannais a cheadú. ‘Clásal coinsiasa’ atá á ghlaoch acu ar an eisceacht a bhfuil an Teachta Tionóil, Paul Givan mar údar agus crann taca aige.

Dá nglacfaí le leasú Givan, cheadódh sé earraí agus seirbhísí a dhiúltú do chustamaeirí ar bhonn áitiús reiligiúnach. Ní nach ionadh, tá an t-eiteachas as éadan tugtha ag Coimisiún Comhionnais Thuaisceart Éireann do dhréacht Givan.

Maíonn an Príomh-Choimisinéir, an Dochtúir Michael Wardlow, gur ar an bpobal hómaighnéasach – na LGBT- amháin atá an eisceacht dírithe.

D’fhágfadh a leithéid iad gan chosaint ar idirdhealú dá mbeidís ag iarraidh tithe nó árasáin a cheannach nó a fháil ar cíos. Ina theannta sin, d’fhéadfaí earraí, saoraidí agus seirbhísí a cheilt orthu gan baol pionóis don té a bheadh freagarthach. Níl na leasaithe inchosanta, dar leis.

Is beag seans go nglacfar le leasú Givan sa Tionól. Tig le Sinn Féin, SDLP, Alliance agus an Comhaontas Glas stop a chur leis le hachainí ar bhonn buartha ach tá a fhios sin ag an DUP. Agus ag Allister.

Dúirt Paul Givan cupla lá ó shin go mbeadh an cheist i bhforógra toghcháin an DUP agus ina cuid bhunúsach den bhfeachtas.

Má thagann cás an cháca chun cúirte roimh an toghchán, cuirfidh sé a thuilleadh teasa fúthu. Neosfaidh an aimsir arbh fhiú é ach údar imní ag a lán idir aerach agus neamhaerach é Tuaisceart Éireann a bheith ag filleadh ar chathanna na seachtóidí sa bhliain 2015.

Fág freagra ar 'Cáca, conspóid, coinsias agus comhionnanas'

  • Aonghus Ó hAlmhain (@aonghusoha)

    Tá lúb ar lár san tuairisciú ar an gcás seo.

    Sluán pholaitiúil a bhí i gceist leis an mana ar an gcáca, a bhí le bheith ann d’ócáid agóide.

    Má leantar an loighic atá an choimisiún mar a déanadh sa chás seo, beidh macasamhail an cás seo i Meiriceá ann fós: an dlí a chuir ar bácús as diúltú cáca le mana frith-LADT a sholáthar!

    https://www.firstthings.com/blogs/firstthoughts/2015/01/the-legal-ingredients-to-forced-baking-20

    Tá sé baolach nuair a bhaintear feidhm as an dlí le tuairimí a chuir siar ar dhaoine, agus go ndéantar coir smaointe as smaointe áirithe atá fós á phlé.