Cá bhfuil an leabhar don té a bhfuil Alzheimer air?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Tá sé tábhachtach scileanna léitheoireachta othar Alzheimer a chaomhnú, ach cá bhfuil na leabhair a léifeadh siad?

Cá bhfuil an leabhar don té a bhfuil Alzheimer air?

Tá mo mháthair, a bhfuil galar Alzheimer uirthi, ag stopadh liom le mí anuas agus i rith an ama sin tá an t-úrscéal ceannann céanna á léamh aici. Osclaíonn sí an leabhar in áit randamach, caitheann sí uair an chloig nó dhó ag léamh agus ansin leagann sí an t-úrscéal uaithi. Nuair a phiocann sí an leabhar suas arís, ní chuimhníonn sí ar an leathanach ar stop sí ag léamh agus tosaíonn sí ar leathanach randamach eile. Cuireann an nós seo soir mé, ní hamháin toisc go ngoilleann sé orm mo mháthair a fheiceáil sa riocht seo ach toisc go ngoilleann sé orm, mar scríbhneoir, go gcaithfí leis an scéal bocht ar an gcaoi sin.

Teastaíonn ó scéalta go léifí ón tús go dtí an deireadh iad agus sin a bhfuil faoi.

Ní chuireann na deacrachtaí léitheoireachta seo as do mo mháthair, áfach. Ar ndóigh b’fhearr i bhfad léi mura mbeadh galar Alzheimer uirthi ar chor ar bith, ach ós rud é go bhfuil, bíonn sí ar a míle dícheall na scileanna atá aici go fóill a chaomhnú chomh fada agus is féidir. Tá fianaise eolaíoch ar fáil a thugann le tuiscint go gcuireann léitheoireacht (nó go deimhin gníomhaíocht ar bith a chuireann an intinn ag obair) moill ar an ngalar.

Traenáil intinne seachas dóigh chun tuiscint a fháil ar an saol atá sa léitheoireacht do mo mham anois, is baolach. Ar an gcaoi sin d’fhéadfaí a mhaíomh go ndéanfadh leabhar a bith cúis, ach rith ceist liom. Más rud é go bhfuil galar Alzheimer ar na milliúin ar fud an domhain agus más rud é go bhfuil a líon ag dul i méad seasta, cén fáth nach bhfuil seánra litríochta ann a bheadh dírithe go sonrach ar dhaoine a bhfuil an galar sin orthu? 

Léirigh cuardach sciobtha ar an idirlíon nach bhfuil a leithéid ann. Tháinig mé ar shlám leabhar ficsin agus neamhfhicsin atá dírithe ar dhaoine a bhfuil an galar ar ghaolta nó cairde leo agus ar roinnt pictiúrleabhar a spreagfadh cuimhní agus atá dírithe ar othair atá gar don deireadh, ach níor tháinig mé ar leabhar ar bith faoina bhféadfaí a rá gur scríobhadh é go sonrach do dhaoine a bhfuil galar Alzheimer orthu ach a bhfuil cumas léitheoireachta éigin acu fós.

Thuig mé cén fáth nuair a rinne mé mo mhachnamh faoin gceist seo agus hata an scríbhneora ficsin orm. Bheadh a leithéid de leabhar an-deacair le scríobh. I gcás na litríochta don aos óg, bíonn an scríbhneoir in ann brath air go dtuigfidh páiste nó déagóir saothar a bheadh ródheacair dó lá breá éigin amach anseo; i gcás an duine a bhfuil galar Alzheimer air nó uirthi, ní bheidh an ‘lá breá’ sin ann. Chaithfí rudaí a choinneáil an-simplí, a déarfá – ach an féidir leabhar simplí a scríobh do dhuine fásta gan an léitheoir sin a mhaslú? 

Ina dhiaidh sin uilig, rith sé liom go bhfuil an t-úrscéal foirfe do dhaoine a bhfuil galar Alzheimer orthu scríofa cheana féin agus go bhfuil sé ar an tseilf agam, ‘The Summer Book’ leis an údar Sualainnise ón bhFionlainn, Tove Jansson: scéal seanmhná a bhfuil a cuimhne ag dul i léig agus a gariníon sé bliana d’aois, a chaitheann samhradh i dteannta a chéile ar oileán beag bídeach i Murascaill na Fionlainne. Ní leabhar é seo a scríobhadh go sonrach do dhaoine a bhfuil galar Alzheimer orthu – go deimhin bhainfeadh idir óg agus aosta sult as – ach tá na caibidlí an-ghearr agus is féidir iad a léamh ina gceann is ina gceann, tá cur síos grámhar ann ar an gcaidreamh aisteach idir duine a bhfuil meath ag teacht ar a cumas intinne agus colainne agus duine atá i gcéadbhláth na hóige, agus tá an scríbhneoireacht soléite ach gan a bheith simplíoch. Ach thar aon rud eile, tá an bua ag Tove Jansson trácht go neamhbhalbh ar cheisteanna a mbíonn sé deacair trácht orthu.

‘When are you going to die?’ the child asked.

And Grandmother answered, ‘Soon. But that is not the least concern of yours.’

Bhain mé ‘The Summer Book’ anuas den tseilf agus léigh an chéad chaibidil amach os ard do mo mham, á aistriú ó Bhéarla go hÍsiltíris, teanga mo mháthar, agus mé ag léamh. Thaitin sé léi.

An mhí seo chugainn, nuair a thabharfaidh mé ar ais abhaile í, gheobhaidh mé cóip den aistriúchán Ísiltírise di.

Fág freagra ar 'Cá bhfuil an leabhar don té a bhfuil Alzheimer air?'