Táthar ann a deir gur leor d’fhianaise ar an Aiséirí an cuntas atá i soiscéal Eoin 20: 6-9, mar a ndeirtear linn go raibh an brat a bhí ar cheann Chríost fillte i gcúinne leis féin, seachas a bheith i dteannta na línéadaí eile, rud nach ndéanfadh éinne ach an té a raibh sé air, a deirtear.
An té arb é an tAiséirí a dheireadh i dtraidisiún na Críostaíochta, is é a bhreithsean a cheiliúrfaimid amach sa mhí seo.
Iad siúd a bhíonn ag streachailt le ceist an chreidimh ar bhonn intleachta agus mothúchán, b’olc an mhaise dóibh gan saothair C.S. Lewis a léamh.
I mBéal Feirste a rugadh Clive Staples Lewis sa bhliain 1898. Le teaghlach meánaicmeach, Protastúnach a bhain sé. In aois a chúig bliana, d’fhógair sé ar a raibh sa teach gur ‘Jack’ a ghlaofaí air feasta. Géilleadh dó.
Bhí saol na bhfuíoll ag muintir Lewis; Jack agus a dheartháir, Warnie, ag léamh agus ag súgradh go headra bó i ‘ndomhan’ a bhí iomlán scoite amach ó chruatan an tsaoil seo. Tháinig deireadh tobann le hóige idéalach Lewis nuair a buaileadh tinn a mháthair le hailse. Faoi mar a múineadh dó a dhéanamh, dúirt sé paidir ar a son le súil is go dtiocfadh biseach uirthi.
“Nuair a cailleadh í, chuir mé ina luí orm féin go dtarlódh míorúilt. Is éard atá spéisiúil nach raibh aon toradh ar mo chuid díomá seachas an díomá féin. Ní raibh rath ar mo chuid iarrachtaí,” a scríobh sé ina dhírbheathaisnéis, Surprised by Joy.
Ní nach ionadh, d’fhág bás a mháthar croíbhriste é agus níorbh fhada ina dhiaidh gur chaith sé uaidh a chreideamh i nDia.
“Nuair a bhásaigh mo mháthair, d’imigh a raibh de shonas is de shuaimhneas i mo shaol… Ag snámh ar an domhain a bhí mé anois, gan timpeall orm ach oileáin. Go tóin poill a chuaigh an mhórthír, fearacht Atlantis.”
Doimhníodh a chuid créachta nuair a bheartaigh a athair é féin agus a dheartháir a chur chuig scoil chónaithe i Sasana, a máthair agus a n-athair araon imithe uathu beirt. Bhí an ghráin ag Lewis ar an scoil seo, mar a bhí aige ar fhormhór na scoileanna eile a raibh sé orthu ina dhiaidh sin.
D’fhág an bualadh, an mhaistíneacht agus an mhí-úsáid a bhain le saol na scoile gur treisíodh ar dhearcadh diúltach Lewis i leith an tsaoil de réir a chéile; b’fhacthas dó nach raibh mórán dealraimh le streachailt an duine ar an saol seo. ‘Tuirse’ an focal a d’úsáid sé chun cur síos a dhéanamh ar a staid mhothálach féin, idir aigne is chorp, ag an am seo.
Má thugann sé le tuiscint ina dhírbheathaisnéis go raibh sé ar nós cuma liom faoina bheith beo ag an am áirithe seo dá shaol, cén t-iontas gur chuir sé é féin i mbaol an bháis nuair a shocraigh sé dul ag troid in arm Shasana sa Chéad Chogadh Domhanda.
Ba dhiongbháilte d’aindiachaí é tar éis an Chogaidh, ní nach ionadh, ach bhí a chuid tuairimí ar cheist an chreidimh múnlaithe aige cheana féin, de bharr dianmhachnaimh ar an gceist. Lena chois sin, is ag bailiú nirt a bhí a chuid éadóchais ó fuair a mháthair bás.
Cé is moite dá mhachnamh féin agus an tionchar a d’imir scríbhinní W.B. Yeats air, bhí tionchar nach beag ag a theagascóir príobháideach air, fear darbh ainm William Thompson Kirkpatrick – nó ‘The Great Knock’ – Preispitéireach a raibh a chreideamh caite in aer aige.
An scil is mó a mhúin ‘Knock’ do Lewis ná conas dul i mbun argóna de réir na loighce. Ba d’íoróin an tsaoil é go n-úsáidfeadh Lewis an scil seo chun cás láidir a dhéanamh ar son na Críostaíochta agus í á cosaint aige níos deireanaí ina shaol.
Chabhraigh ‘Kirk’ le Lewis torthaí den scoth a bhaint amach sa bhliain deiridh den scoil agus áit a fháil in Ollscoil Oxford. Ba ansin a casadh Owen Barfield air, fear a mbeadh sé i mbun díospóireachta leis ar feadh na mblianta faoin uile ghné de cheist na spioradáltachta agus cruthú na cruinne. An tionchar is mó a bhí ag Barfield ar Lewis ná gur chuir sé i gcion air éirí as a chuid ‘ardnósacht chroineolaíochta’ (‘chronological snobbery’), áit a dtugann duine droim láimhe le hargóint nó le hidé-eolaíocht de bharr go bhfuil sí sean.
‘Ní foláir duit a fháil amach cén fáth ar imigh sí den saol. Ar bréagnaíodh í? (Má bréagnaíodh, cé a bhréagnaigh, cén áit, agus cé chomh láidir is atá fianaise an bhréagnaithe?) Nó an bhfuair sí bás mar a fhaigheann an faisean féin bás?’ a d’fhiafraigh Barfield de.
An ‘Cogadh Mór’ a bhaist Lewis ar an gcur suas seo eatarthu, cogadh a cuireadh le peann agus le teanga araon. Géilleadh agus cairdeas domhain a dheireadh, áfach.
Daoine eile a casadh ar Lewis in Oxford a mbeadh tionchar nach beag acu air ná Hugo Dyson agus J.R.R. Tolkien. Ba ionann cairdeas leis an tarna duine díobh sin agus sean-chlaontuairim a chur de dhroim seoil ar dhá chúis:
‘Nuair a tháinig mé ar an saol, tugadh le tuiscint dom nár cheart dom Pápaire a thrust riamh, agus nuair a fuair mé post i Roinn an Bhéarla i dtús na haimsire, dúradh liom go neamhbhalbh gan aon iontaoibh a thabhairt le focleolaí go brách. Pápaire agus focleolaí araon ab ea Tolkien.’
Ba í an cheist ba mhó a bhí ag Tolkien agus Dyson ar Lewis ná cár comhlíonadh na scéalta Págánacha a bhain le dia d’fhear á íobairt féin ar mhaithe lena chomhdhuine a shábháil? Cár tháinig an tuar faoin tairngreacht agus cár fíoraíodh an aisling?
Deir an domhan gur aithris ar an bPágántacht a bhí i scéal Chríost. Chas Tolkien an argóint sin droim ar ais agus bunoscionn agus dúirt nach raibh sna scéalta Págánacha ach mar a bheadh ‘comharthaí bóthair’, ag treorú an duine chuig tobar na fírinne.
Leanadh an cíoradh ar chúrsaí creidimh idir Lewis agus Tolkien is Dyson go dtiteadh dorchadas na hoíche. Ba mhinic iad fós ag caint ag a trí nó a ceathair a chlog ar maidin. D’fhanadar dílis do phrionsabal Socrates agus iad i mbun díospóireachta: argóint a leanúint siar go heireaball, cuma cá ‘rachadh’ sí nó cá dtabharfadh sí duine sa deireadh; níor cheadmhach cur suas di, óir nochtfadh an fhírinne í féin ar ais nó ar éigean.
Nocht cuid den fhírinne í féin do Lewis, faoi mar a thuig seisean na cúrsaí seo.
‘Le linn Théarma Tríonóide na bliana 1929, ghéill mé, agus d’admhaigh gur Dia ab ea Dia. Chuaigh síos ar mo ghlúine; an oíche sin, ba mé an t-iompaitheach ba thromchroíche agus ba dhrogallaí i Sasana trí chéile, b’fhéidir.’
Má chreid sé i nDia an t-am seo, níor Chríostaí fós é.
Chuir Tolkien i gcion air na soiscéalta a léamh an athuair. De réir a chéile, tháinig géarintinneacht agus grinneas an chriticeora liteartha chun barra; bhí a oiread ficsin, fantaisíochta agus miotaseolaíochta léite aige faoin am seo is gur aithin sé a gcomharthaí sóirt. Dá bhuíochas féin, ba é an tuairim a raibh sé ag teacht air, diaidh ar ndiaidh, nach miotas a bhí sna soiscéalta ach cuntais ó fhinnéithe súl.
Ba é buille maraithe na muice ná nuair a bhuail comhghleacaí leis isteach ina sheomra ar an gcampas, oíche. Fear gan aon chreideamh ab ea é a ndearna Lewis cur síos air mar ‘an t-aindiachaí ba chruachroíche, ba neamh-leithscéalaí amuigh’, a dúirt le Lewis gurbh iontach leis a láidre a bhí an fhianaise ar chruinneas staire na soiscéalta. ‘Is ait an mac an saol,’ ar seisean, ag féachaint uaidh isteach sa tine lasta, ‘ach an chaint sin ar fad ag Frazer faoi Dhia ag Fáil Bháis, dhealródh gur tharla sé i ndáiríre.’
B’ionann le Lewis an méid seo a chloisteáil agus creathadh ó thalamh aníos a bheith bainte as. Thit an lug ar an lag críochnaithe air. Shamhlaigh sé é féin mar shionnach aimsir fiaigh. Bhí na cúnna ar fad scaoilte amach faoi seo, dar leis, agus an saol is a mháthair sa chonairt: ‘Plato, Dante, MacDonald, Herbert, Barfield, Tolkien, Dyson, an Ríméad féin.’
Ainneoin cur síos domhain a bheith déanta ag an údar in Surprised by Joy ar an bpróiseas machnaimh a bhain lena iompú ar an gcreideamh, ba é a iompú ar an gCríostaíocht is lú atá cíortha aige lena pheann, rud is ait leis an léitheoir. Más ait féin é, agus más friotal simplí, lom a úsáideann sé chun cur síos a dhéanamh ar nóiméad na fírinne mar a b’fhacthas dósan é, ní fhágann sin gur beag í cumhacht na bhfocal lena mbaineann:
‘Tiomáineadh chuig Whipsnade mé maidin samhraidh. Nuair a scaoileamar chun bóthair, níor chreid mé gurb é Íosa Críost Mac Dé; nuair a bhaineamar an zú amach, chreid.’
Hiraeth na Breatnaise nó Sehnsucht na Gearmáinise na focail is mó a shamhlaítear le Lewis. D’éirigh leis mian a chroí a fháil sa deireadh agus suaimhneas a bheith aige.
Scríobh sé cuid de na apologias is cumhachtaí dár scríobhadh riamh, saothair lena ngabhann friotal sothuigthe, argóintí soiléire atá dírithe ar an ngnáthdhuine, nach saineolaí é, tuin ghnaíúil neamhbhreithiúnach, agus loighic atá chomh géar le lann, áit a gcastar seanargóintí droim ar ais agus bunoscionn agus a dtugtar dúshlán an léitheora smaoineamh ar cheist chruthú na cruinne ar bhealach iomlán difriúil.
Fág freagra ar 'C.S. Lewis, an streachailt agus an sonas a thagann aniar aduaidh orainn'