Tá imní léirithe ag an Teachta Dála Catherine Connolly maidir leis an sprioc reachtúil gur Gaeilgeoirí a bheidh in 20% d’earcaigh chuig an tseirbhís phoiblí faoi cheann cúig bliana.
Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, tá dualgas ar an stát a chinntiú gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi dheireadh 2030.
Tá beagnach ceithre bliana ann ó ritheadh an reachtaíocht sin ach deir Connolly, atá ina cathaoirleach ar choiste Gaeilge an Oireachtais, go bhfuil sí buartha faoina laghad dul chun cinn atá déanta ó shin.
Tá an Coimisinéir Teanga, Séamas Ó Concheanainn, le teacht os comhair choiste na Gaeilge i dTeach Laighean inniu chun caighdeán na seirbhísí poiblí dátheangacha atá de dhíth agus a thuarascáil bhliantúil á phlé
“Tá feidhm ar leith agus feidhm an-tábhachtach ag an gCoimisinéir Teanga chun a chinntiú go mbeidh 20% de sheirbhísigh phoiblí sa Stát ina n-oifigigh dhátheangacha, agus go mbeidh seirbhísí poiblí dátheangacha ar fáil do phobal na hÉireann, chomh luath agus is féidir,” a dúirt an Teachta Connolly.
Dúirt sí go n-aithnítear an obair shuntasach atá déanta ag oifig an Choimisinéara ó bunaíodh í breis is 20 bliain ó shin agus go mbeadh “obair ar leith” le déanamh idir seo agus 2030 maidir leis an sprioc earcaíochta agus cur i bhfeidhm chóras na gcaighdeán teanga.
“Níl ach amscála gearr ann chun an 20 faoin gcéad a chur ar bun agus chun na caighdeáin a leagan síos, agus táimid buartha nach bhfuil dul chun cinn níos tapúla á dhéanamh ná mar atá. Ba mhaith leis an gComhchoiste an dul chun chinn seo a phlé leis an gCoimisinéir Teanga agus a thuairimí a fháil maidir le conas is féidir linn luas a chur leis.”
Agus é ina aire stáit don Ghaeltacht, d’admhaigh Thomas Byrne anuraidh go raibh go leor oibre le déanamh chun ranna rialtais agus comhlachtaí poiblí a chur ar an eolas maidir leis na dualgais a bheidh orthu faoin reachtaíocht Gaeilgeoirí a earcú.
Dúirt an t-iar-aire Stáit go raibh “a lán daoine” sa státchóras agus sa tseirbhís phoiblí fós dall ar an tionchar a bheidh ag an reachtaíocht teanga ar chúrsaí earcaíochta agus go gcaithfí a chur ina luí orthu go bhfuil spriocanna daingnithe maidir le fostú Gaeilgeoirí.
Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív roimhe seo go raibh sé “soiléir” nach mbainfear amach an sprioc earcaíochta faoi dheireadh 2030.
Conán Maol
Cur i gcéill, béal bán agus patfhuaire na bpolaiteoirí agus maindiríní na státseirbhísí is cúis leis an dteip seo. Paca namhad gur cuma leo faoin nGaeltacht agus a chuireann bacanna roimh bhunú Gaelscoileanna gan trácht ar Gaelcholáistí.