Bua bog ag tráchtairí na Gaeilge ar thráchtairí an Bhéarla agus ceachtanna CLG eile

Dea-thaispeántas ag teastáil ó Mhaigh Eo, an chraobh peile fós gan anam agus athrú le déanamh ar chraobh faoi 21 na hiomána

Bua bog ag tráchtairí na Gaeilge ar thráchtairí an Bhéarla agus ceachtanna CLG eile

Bua saoráideach go maith ag tráchtairí na Gaeilge ar thráchtairí an Bhéarla i bPáirc an Chrócaigh

Tugadh drochíde cheart do Tommy Carr ar na meáin shóisialta le dhá lá anuas agus daoine an-mhíshásta le caighdeán a chuid anailíse le linn chluiche leathcheannais na hÉireann.

Cuireadh ina leith, mar shampla, gur léir óna chuid cainte nár thuig sé i gceart na rialacha a bhaineann leis an gcárta dubh.

An é seo an t-aon rogha atá ann? a d’fhiafraigh lucht a cháinte agus a bhfoighne caite.

Tá rogha eile ann, ar ndóigh. 

Bhí léargas an-mhaith ar an gcoimhlint idir Tiobraid Árann agus Maigh Eo ar an stáisiún céanna ach an tráchtaireacht Ghaeilge a roghnú.

Dara Ó Cinnéide an tí seo agus Garry Mac Donncha a bhí ar dualgas agus cur síos slachtmhar agus léargas glinn acu ar an gcluiche.

Ní raibh Shane Leahy ach cúpla nóiméad ar an bpáirc in áit Robbie Kiely nuair a d’aithin an Cinnéideach go raibh fadhb mhór ag na Tiobraid Árannaigh a chaithfí a leigheas láithreach. 22 nóiméad ina dhiaidh sin, tógadh amach Leahy arís, ach bhí an dochar déanta.

Bhí tuiscint mhaith freisin ag tráchtairí na Gaeilge ar rialacha an chárta dhuibh!

Pictiúr: INPHO/Lorraine O'Sullivan
Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan

An toradh ag Maigh Eo ach taispeántas fós ag teastáil

‘Ná bac an taispeántas, is é an toradh an rud is tábhachtaí,’ a déarfaidh lucht leanúna Mhaigh Eo faoina mbua ar Thiobraid Árann inné. Ar bhealach, tá an ceart acu. Is fíor go bhfuil áit bainte amach arís ag Maigh Eo i gcluiche ceannais na hÉireann ach mar sin féin is cinnte go mb’fhearr leo taispeántais níos fearr a bheith feicthe acu i gcaitheamh an tsamhraidh.

Seachas an bua a shaothraigh siad go crua in aghaidh Thír Eoghain, níl mórán déanta ag foireann Stephen Rochford a thabharfadh le fios go bhfuil siad i mbarr a maitheasa i mbliana, nó fiú gar dó.

Seachas Colm Boyle agus Andy Moran, is beag imreoir eile a chuaigh i bhfeidhm ar na cluichí ina raibh Maigh Eo ag streachailt. Táthar fós ag fanacht ar Aidan O’Shea, Cillian O’Connor agus Diarmuid O’Connor lena lorg a fhágáil ar an gcraobh.

Deirtear go gcabhróidh na taispeántais leata seo le Maigh Eo agus iad ag tabhairt aghaidh ar chluiche ceannais na hÉireann agus gan mórán brú orthu.

Ach is deacair aontú leis an dtuairim sin agus iad i bhfoisceacht 70 nóiméad de Chraobh na hÉireann a bhuachan.

Féadfar talamh slán a dhéanamh de rud amháin: beidh taispeántas níos fearr ná mar atá feicthe againn uathu i mbliana ag teastáil ó Mhaigh Eo má fúthu chun Corn Sam Mhic Uidhir a thabhairt leo.

An chraobh peile gan anam go fóill

Roimh na cluichí leathcheannais, bhíothas ag gearán faoin a leimhe a bhí craobh na hiomána go dtí sin in 2016. Cuireadh an méid sin ina cheart leis na sárchluichí idir Port Láirge agus Cill Chainnigh agus idir Gaillimh agus Tiobraid Árann, ach tá muid fós ag fanacht go dtiocfaidh brí agus anam sa chraobh.

Cé go raibh buanna gan choinne ag  leithéidí Gaillimh i gConnachta agus go bhfuil Tiobraid Árann ag dul go maith ó thús an tsamhraidh, tá muid fós ag fanacht ar chluiche a rachaidh i bhfeidhm i gceart orainn.

Tá muid ag tnúth anois go gcuirfidh an cluiche idir Ciarraí agus Baile Átha Cliath an Domhnach seo chugainn borradh faoin gcraobh ach, mar a chonaic muid anuraidh i gcás na bhfoirne seo, ní mar a shíltear a bítear i gcónaí. Bhí daoine ag tnúth go mór le cluiche ceannais na hÉireann anuraidh, ach muc i mála a díoladh linn. Tá súil againn uile gur malairt scéil a bheidh againn i mbliana.

Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Athrú ag teastáil sa chraobh iomána faoi 21

Ar an Satharn, scaoil iománaithe Aontroma cúig chúl isteach nuair a chaill siad le 29 pointe in aghaidh Phort Láirge i gcluiche leathcheannais faoi 21 na hÉireann. Ba é sin an 36ú huair ó cuireadh tús leis an gcomórtas seo i lár na 1960í gur éirigh leis na hUltaigh an babhta leathcheannais a bhaint amach. Faraor, níor éirigh leo an bua a fháil ach uair amháin, in 2014, nuair a tháinig siad aniar aduaidh ar Loch Garman.

Bíonn forlámhas ag Aontroim ó thuaidh ach is í an fhadhb atá acu ná go mbíonn sé deacair imreoirí a spreagadh chun traenála nuair a thuigeann siad gur greadadh atá i ndán dóibh i gcluiche leathcheannais na hÉireann. D’admhaigh a mbainisteoir Kevin Ryan an méid sin anuraidh nuair a thug sé le fios nár thraenáil foireann Aontroma le chéile ach uair amháin idir cluiche ceannais Uladh agus cluiche leathcheannais na hÉireann, cluiche ina raibh bua éasca ag Loch Garman orthu.

Tá sé an-deacair ag foirne na Mumhan áit a bhaint amach i gcluiche leathcheannais na hÉireann agus níl sé cóir go mbíonn sé chomh héasca ag Aontroim agus Gaillimh an babhta céanna a bhaint amach.

Tá foirne faoi aois na Gaillimhe ag iarraidh cead a fháil páirt a ghlacadh i gCraobh Laighean le tamall anuas agus b’fhéidir go gcuideodh sé le hAontroim dá mbeadh siad sa chraobh sin ina dteannta.

Fág freagra ar 'Bua bog ag tráchtairí na Gaeilge ar thráchtairí an Bhéarla agus ceachtanna CLG eile'